Foilsithe ar 

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 os comhair na Dála

Tá fáilte curtha ag Catherine Martin TD,  Aire Turasóireachta,  Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ag Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt inniu roimh an phlé ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla ag an dara céim sa Dáil inniu, agus tá sé geallta acu go mbeidh an Bille achtaithe roimh dheireadh na bliana.

Dúirt an tAire Martin inniu:

“Is cúis áthais dom go bhfuil tús a chur leis an díospóireacht maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019. Cé gur fáiltíodh roimh fhoilsiú an Bhille anuraidh, bhí roinnt mhaith ag maíomh gur theastaigh Bille níos láidre, an Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge ina measc.  Bhí sé seo aitheanta ag an Rialtas agus ghealladh i gClár an Rialtais go dtabharfaí Bille níos láidre chun cinn agus go mbeadh sé achtaithe roimh dheireadh na bliana.  Tá tacaíocht an Rialtais faighte anois roinnt leasuithe a mholadh a neartóidh an Bille agus beidh an tAire Stáit Chambers in ann na leasuithe sin a chur i láthair na Dála níos déanaí. 

“Mar a dúirt mé cheana, is onóir mhór dom a bheith ceaptha i mo Aire Gaeltachta, agus ba mhian liom ár dteanga dhúchais a chur chun chinn, a neartú agus a fhás; ní hamháin sa Ghaeltacht, ach ar fud ár n-oileáin.  Chun é seo a dhéanamh, ní mór tacaíocht oifigiúil an Stáit a thabhairt don teanga. Tuigeann muid ar fad go bhfuil stádas ar leith ag an nGaeilge i mBunreacht na hÉireann, mar chéad theanga oifigiúil an Stáit. Ach, is tríd an reachtaíocht a thugtar feidhm don stádas sin agus is é sin an chúis go bhfuil an Bille seo chomh tábhachtach sin.  Creidim go mbeidh muid in ann, tríd an Bhille seo, timpeallacht a chruthú inar féidir feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir, agus freastal mar is ceart ar phobal Gaeilge na tíre seo.”

Dúirt an tAire Stáit Chambers:

“Ba é an cáineadh is mó a déanadh ar an mBille nuair a foilsíodh é go raibh easpa spriocdhátaí luaite le cuid de na beartais. Tá iarracht déanta dul i ngleic leis sin anois agus na leasuithe seo atá molta ag an Rialtas anois ag Céim an Choiste:

  • Ceadaíonn an Bille Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú d’fhonn soláthar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú.   Beidh an Rialtas ag moladh go mbunófaí an Coiste Comhairleach tráth nach ndéanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe;
  • Leagtar amach feidhmeanna an Choiste Chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Beidh an Rialtas ag moladh go mbeidh an Plean Náisiúnta ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach ndéanaí ná dhá bhliain tar éis a bhunaithe;
  • Féachfar, leis an mBille, le cuspóir foriomlán a bhaint amach ionas gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí.  Ba é easpa spriocdháta maidir leis seo an ghné ba mhó den Bhille a cáineadh. Beidh an Rialtas ag moladh anois go mbeadh 20% d’earcaigh nua do chomhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030. I bhfianaise imní faoi easpa cainteoirí Gaeilge a bheith ar fáil do na róil seo, beidh an Rialtas ag moladh ligeann don Aire an dáta seo a leathnú le hOrdú, tar éis torthaí chur i bhfeidhm an chéad Phlean Náisiúnta a mheas.  Ba cheart go dtarlódh sé seo thart ar an mbliain 2028.”

“Chomh maith leis sin, teastaíonn ón Rialtas cumhacht bhreise a thabhairt don Choimisinéir Teanga chun faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúil agus tráchtaireachtaí a sholáthar ar an gcaoi a measann sé nó sí a bheith iomchuí. Is dul chun cinn a bheadh anseo agus chuideodh sé go mór le Comhlachtaí Poiblí a gcuid dualgas ó thaobh na teanga de a chomhlíonadh.”

“Tá mé féin agus an tAire Martin ar aon intinn go bhfuil an Bille seo, agus na leasuithe a bheidh muid a mholadh, rí-thábhachtach don Ghaeilge  agus  go gcabhróidh siad  leis an Ghaeilge a láidriú agus a neartú sa Státchóras ionas go mbeidh seirbhísí Gaeilge d’ard-chaighdeán ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.”