Foilsithe ar 

Bord nua á cheapadh ag an Aire Humphreys do Choimisiún Forbartha an Iarthair

Inniu (an 13 Samhain) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, TD, ceapacháin do Bhord nua Choimisiún Forbartha an Iarthair

Ag déanamh an fhógra, dúirt an tAire Humphreys:

Ón uair a bunaíodh é in 1999, bhí ról tábhachtach ag Coimisiún Forbartha an Iarthair maidir le forbairt eacnamaíochta agus sóisialta a chur chun cinn i réigiún an Iarthair. Go háirithe le trí bliana anuas, tá an WDC ag teacht chun cinn mar rannpháirtí tábhachtach maidir le forbairt sa réigiún, ag tacú le cuspóirí Thionscadal Éireann 2040 chun tír níos fearr a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann.

Chuidigh an WDC freisin le forbairt beartais ag leibhéal náisiúnta i réimsí amhail cianobair, athrú aeráide agus forbairt tuaithe.

Tá áthas orm Bord nua a cheapadh chun obair an Choimisiún a threorú agus a dhíriú sna trí bliana amach romhainn. Léiríodh an t-uafás spéise maidir le ceapacháin don Bhord nua agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a thóg an t-am iarratas a dhéanamh trí phróiseas na mBord Stáit.

Beidh an Bord nua déanta suas de bhaill nua agus baill den Bhord a bhí ann cheana. Tá réimse iontach taithí agus scileanna acu ón earnáil ghnó, ón earnáil phoiblí, ón earnáil phobail agus ón earnáil oideachais.

D’iarr mé ar Gerry Finn Uasal, atá ina bhall de Bhord an WDC le trí bliana anuas, a bheith ina Chathaoirleach ar an mBord agus guím gach rath air sa ról sin.

Lean an tAire ar aghaidh ag rá:

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an mBord roimhe seo as a gcuid oibre chun tacú le forbairt réigiún an Iarthair agus as an aire a thug siad agus iad ag maoirsiú an WDC le trí bliana anuas.

Cuirfidh Straitéis cúig bliana an WDC, ‘Oibriú Níos Cliste, Saol Níos Fearr’, a foilsíodh in 2019, creat láidir ar fáil don Bhord nua sa chaoi is go mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh le hobair an WDC sa tréimhse amach romhainn.

Níl aon amhras orm ach go gcuirfidh an Bord nua go mór le forbairt eacnamaíochta agus sóisialta i réigiún an Iarthair i gcomhar le príomh-gheallsealbhóirí eile.