Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Catherine Martin fáilte roimh Thionscadal 100 Bliain Scríbhneoireacht Chruthaitheach Fighting Words do pháistí agus do dhaoine óga  

Chuir an tAire Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán fáilte roimh fhorbairt Thionscadal 100 Bliain Scríbhneoireacht Chruthaitheach Fighting Words, a dhíríonn ar ghnéithe sóisialta agus cultúrtha de shaolta na bpáistí le céad bliain anuas, agus a dhéanann comparáid idir an saol sin agus saol an lae inniu.

 

Dúirt an tAire Martin:

 

Tá an-áthas orm gur fhógair Fighting Words Tionscadal 100 Bliain na Scríbhneoireachta Cruthaithí. Is deis iontach í do pháistí agus do dhaoine óga chun páirt a ghalcadh san eispéireas scríbhneoireacht scéalta mar chuid de Dheich mBliana na gCuimhneachán. Trí úsáid a bhaint as a gcuid samhlaíochtaí, scileanna cruthaitheacha, staire agus agus smaointe, léireoidh daoine óga gnéithe sóisialta agus cultúrtha de shaolta páistí in Éirinn in 1921 agus cuirfidh siad iad i gcomparáid leis an lá atá inniú ann.

 

Molaim do gach bunscoil agus meánscoil clárú le Fighting Words agus Fighting Words Thuaisceart Éireann chun páirt a ghlacadh sa tionscadal tábhachtach seo.

 

I dTionscadal 100 Bliain Scríbhneoireacht Chruthaitheach Fighting Words, glacfaidh bunscoileanna agus meánscoileanna ar fud an oileáin páirt i gcomhcheardlanna ina roinnfear scéalta agus smaointe.Cuirfear an tionscadal ar fáil trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla, agus spreagfar páistí agus daoine óga ó chúlraí éagsúla a staireanna, scéalta agus traidisiúin chultúrtha saibhre agus éagsúla a úsáid sa tionscnamh seo.

 

Léireofar na scéalta nua a scríobhfar i struchtúir éagsúla, ficsean grafach, scannáin, scannáin bheochana agus podchraoltaí san áireamh agus foilseoidh Fighting Words iad le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

 

Dúirt Roddy Doyle, Comhbhunaitheoir agus Cathaoirleach Fighting Words:

Is tionscadal iontach é seo agus táim ag súil go mór leis na scéalta a scríobhfaidh scríbhneoirí óga na tíre seo lenár stair fhada.

 

Dúirt Seán Love, Comhbhunaitheoir agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin:

Cuireann daoine óga smaointe fíorspéisiúla nach mbímid ag súil leo in iúl i gcónaí ag seisiúin scríbhneoireacht scéalta Fighting Words, agus táim cinnte go gcuirfidh siad smaointe fíorshuimiúla in iúl le linn an tionscadail seo chomh maith.

 

Mar gheall ar chomhpháirtíochtaí cruthaitheacha le gailearaithe, iarsmalanna, ionaid ealaíon, leabharlanna agus scannánóirí ar fud an oileáin, glacfaidh saoránaigh páirt i bhfoirmeacha éagsúla léiriú cruthaitheach, rud a chuirfidh go mór leis an tionscadal.

 

Is tionscnamh uile-oileáin é Tionscadal 100 Bliain na Scríbhneoireachta Chruthaithaí le Fighting Words agus Fighting Words Thuaisceart Éireann ag obair le chéile chun páirtithe leasmhara a mhealladh ar fud an oileáin. Is príomhthéama an tionscadail é tógáil na tuisceana agus na ndearcthaí comhroinnte.

 

Tacaíonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán leis an Tionscadal seo faoi Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

 

CRÍOCH

 

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

 

CLARÚ DO BHUNSCOILEANNA AGUS D’IAR-BHUNSCOILEANNA

 

I bPoblacht na hÉireann 100years@fightingwords.ie

 

I dTuaisceart Éireann 100years@fightingwords.co.uk

 

www.fightingwords.ie                    www.fightingwords.co.uk