Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Catherine Martin scannán nua ar Mná100.ie ina dtugtar léargas ar fhoréigean in aghaidh na mban le linn Chogadh Cathartha na hÉireann

Cuireann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin fáilte roimh ghearrscannán nua le Mná100 agus an Ollamh Lindsey Earner-Byrne, dar teideal ‘Mary M. and Sexual Violence: Ordinary Voices and the Irish Civil War’, mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

 

I mí Eanáir 2023, agus tús á chur le bliain dheireanach Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, breathnaíonn Lindsey Earner-Byrne, Ollamh le hInscne i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ar ábhar an fhoréigin in aghaidh na mban le linn laethanta dorcha Chogadh Cathartha na hÉireann. Sa ghearrscannán seo a cruthaíodh go speisialta don chomóradh céad bliain, díríonn sí ar chuntas pearsanta – litir ar ocht leathanach, a d’aimsigh sí i gCartlann Dheoise Bhaile Átha Cliath sna 1990idí.

 

Dúirt an tAire Martin: Tháinig an Cogadh Cathartha chun cinn mar chuid an-tábhachtach de scrúdú Mhná 100 ar eispéiris na mban le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán. Sa ghearrscannán nua seo tógtar ar an scoláireacht thábhachtach sin trí dhíriú ar chuntas pearsanta léanmhar a scríobh Mary M. faoina taithí phearsanta ar fhoréigean gnéis le linn an Chogaidh Chathartha. Tá an scannán agus tras-scríbhinn litir Mháire M. le fáil ar mná100.ie, mar aon le raon ábhar foinse a chruthaigh scoláirí eile ar an ábhar seo. Is féidir na foinsí breise seo a iniúchadh chun ár dtuiscint ar an ábhar deacair dúshlánach seo a dhoimhniú. Molaim go leanfaidh plé ar an ábhar tábhachtach seo ar aghaidh tar éis na tréimhse comórtha céad bliain.

 

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do shaothar tábhachtach an Ollaimh Earner-Byrne agus na staraithe go léir, agus na caomhnóirí ábhair a chabhraíonn linn tuiscint níos iomláine a fháil ar shaol na ndaoine a mhair le linn na coinbhleachta seo - sibhialtaigh, chomh maith le ceannairí míleata agus polaiteoirí. Is ar an gcur chuige seo atá ár n-iniúchadh ar an tréimhse idir 1912 agus 1923 bunaithe.

 

Mar a deir Lindsey Earner-Byrne sa scannán, is ‘cuntas pearsanta neamhghnách’ é seo. Go deimhin, scríobhadh an litir ina dtugtar an léargas uathúil seo dúinn ‘chun daoine a chur ina dtost ar ar tharla di.’

 

Ag baint úsáide as focail Mháire féin, scrúdaíonn Lindsey Earner-Byrne go sciliúil a bhfuil sa litir seo a thugann le fios gur éigníodh Máire M. Ba de thoradh na héignithe sin a rugadh mac Mháire. Mar gheall ar na himeachtaí seo scríobh sí an litir seo an bhliain dár gcionn chuig Ardeaspag Caitliceach Bhaile Átha Cliath, an Dr Edward Joseph Byrne, ag iarraidh an airgid a bhí de dhíth uirthi chun a mac a uchtú, toisc nach raibh uchtú oifigiúil i bhfeidhm in Éirinn go dtí na 1950idí.

 

Is annamh a bhíonn cuntais phearsanta ar nós litreacha agus dialanna ina dtugtar sonraí faoi éigniú.  Mar a deir Lindsey Earner-Byrne: ‘nuair a léimid sonraí faoi éigniú bíonn sé sna taifid oifigiúla de ghnáth’. Is píosa an-láidir é seo, mar gheall ar fhianaise Mary M., in éineacht le hanailís mhachnamhach stairiúil Lindsey Earner-Byrne. Mínítear comhthéacs Chogadh Cathartha na hÉireann agus an chaoi nach raibh córas dlí agus fórsa póilíneachta an Stáit nua i bhfeidhm go fóill.  Déantar cur síos freisin ar mhoráltacht agus ar chreidimh reiligiúnacha, i bhformáid máistir-ranga, ina mbreathnaítear go measúil ar na hábhair phearsanta agus deacra seo.

 

Cloisimid focail neamhscagtha deaslabhartha Mháire M ina fianaise féin. Míníonn Lindsey Earner-Byrne an comhthéacs nár scríobh Máire an litir chun ‘ceartas nó tuiscint ar iarmhairtí na héignithe’ a lorg. Sa phíosa seo, trí fhocail Mháire M., faighimid tuiscint ar an gcaoi ar aithníodh gnéasacht fireann trí theagasc Caitliceach an ama sin. Tugann Lindsey Earner-Byrne léargas ar an gcaoi ar mhair an dearcadh seo ar ghnéasacht fireann sa 20ú haois, chomh maith le tuiscint ar chomhthéacs imeachtaí 1923 agus na blianta ina dhiaidh sin. Le haghaidh tuilleadh comhthéacs, féach ar Mná100 Timeline.

 

Is féidir breathnú ar an ngearrscannán, "Mary M. and Sexual Violence: Ordinary Voices and the Irish Civil War" anseo

 

 

Nótaí d’Eagarthóirí: 

 

Tionscnamh nua ban ar líne is ea é Mná100, a seoladh in 2021 do thréimhse dheireanach Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, agus leanann sé leis an obair chun róil na mban sa tréimhse réabhlóideach a léiriú. Téigh chuig www.mna100.ie chun tuilleadh eolais a fháil. 

 

Cuirtear béim i Mná100 ar eispéiris an phobail shibhialta le linn na tréimhse réabhlóidí, chomh maith le heispéiris na ndaoine sin a ghlac páirt i gcomhrac míleata. Tá sé mar aidhm ag tionscnaimh, mar an scannán seo, tuiscint a thabhairt ar fhoréigean na tréimhse seo, bunaithe ar fhianaise stairiúil agus ar fhoinsí príomha.  

 

 

CRÍOCH