Foilsithe ar 

Fógraítear maoiniú €830,000 do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn go hidirnáisiúnta.

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, maoiniu níos mo ná €830,000 do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn timpeall an domhain trí Chlár Deontas Chultúr Éireann.

Rachaidh an maoiniú chun tairbhe do 112 tionscadal in 26 thír agus clúdóidh sé damhsa, scannán, litríocht, ceol, ceoldrámaíocht, drámaíocht, na hamharcealaíona, ailtireacht agus sorcas.

 

Agus na dámhachtainí á bhfogairt aici, dúirt an tAire Martin:

“Trí Chultúr Éireann leanann mo Roinnse ag obair i dtreo aidhm Éire Dhomhanda 2025, lorg cultúrtha domhanda na hÉireann a dhúbailt trí thacú lenár n-ealaíontóirí saothar a chur i láthair lucht féachana ar fud an domhain. Cabhróidh an maoiniú ó Chultúr Éireann a fógraíodh inniu le taitneamh a bhaint as ealaíona na hÉireann go hidirnáisiúnta, rud a chuirfidh ar chumas ealaíontóirí Éireannacha an t-aitheantas atá tuillte acu a bhaint amach.” 

 

I measc na dtionscadal tá:

BothAnd Group ag cur Suiteáil Taispeántais Dress Rehearsals for the Future: Stories of Roinn Dail agus Ngo Resumo ag La Biennale Architettura 2023, sa Veinéis, san Iodáil (Bealtaine - Samhain 2023);

Amharclann na Mainistreach ag léiriú ‘A Whistle In The Dark’ le Tom Murphy in The Belgrade Theatre, Coventry, sa Bhreatain (Bealtaine 2023);

Téada ag tabhairt faoi chamchuairt SAM & Cheanada (Márta – Aibreán 2023);

Amharclann Ealaíon Riverbank agus Dan Colley ag cur ‘A Very Old Man With Enormous Wings’ i láthair ag Imaginate, Dún Éideann, san Albain, Meitheamh 2023, agus ag Féile Brighton, sa Bhreatain, Bealtaine 2023.

Ceoldrámaíocht Náisiúnta na hÉireann & ANU ag cur ‘Old Ghosts’ le hEvangelia Rigaki agus Marina Carr i láthair, sruthaithe beo ar OperaVision, ó Bloomsday 2023 ar feadh tréimhse 6 mhí, ar líne (16 Meitheamh - Nollaig 2023);

Ceol agus Rince Éireann Londain ag cur a gclár earraigh/samhraidh i láthair, sa Bhreatain (Feabhra - Meitheamh 2023);

The Murder Capital ag tabhairt faoi chamchuairt timpeall SAM (Márta - Aibreán 2023);

The Mary Wallopers ag tabhairt faoi chamchuairt SAM (Márta 2023);

Léiriú scannáin agus ceoil na hÉireann ag Craic Fest, in Cinema Village, i Nua Eabhrac, SAM (Feabhra - Márta 2023);

Scríbhneoirí Éireannacha, lena n-áirítear Anne Enright, Claire Kilroy, Dagogo Hart, Nidhi Zak, Aria Eipe, Ashwin Chahacko agus Una Minh Kavanagh, ag labhairt ag Féile Litríochta na hIorua, an Iorua (Bealtaine 2023);

Cur i láthair ‘Hard to be soft - A Belfast Prayer’ le hOona Doherty ag Féile Idirnáisiúnta PeaceDance in Osnabrück, sa Ghearmáin (Meitheamh-Iúil 2023)

Tacaíocht do scannánóirí Éireannacha chun freastal ar léirithe dá gcuid oibre ag Féile Scannán Éireannach Scéal Eile, sa Bheilg, agus Craic Fest, i Nua Eabhrac, SAM.

 

Le haghaidh liosta iomlán d’fhaighteoirí an bhabhta deontais seo, féach anseo, le do thoil.

 

CRÍOCH