Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Foley roimh fhoilsiú Thuarascáil Chás-Staidéir ar scoileanna rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta

D’fháiltigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD inniu roimh fhoilsiú na chéad tuarascála taighde agus meastóireachta as sraith de thuarascálacha a fhoilseofar ar eispéiris na scoileanna atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.

Is é cuspóir an staidéir ná measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ar an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta rannpháirteacha.

Déantar cur síos sa tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta ag na scoileanna seo go dáta i gcur i bhfeidhm na gcritéar teangabhunaithe don tumoideachas. Tá sí bunaithe ar thorthaí ó chás-staidéir a rinne an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) i gcomhar le Cigireacht na Roinne Oideachais. Cuimsítear sa tuarascáil freisin féinmhachnamh scoileanna ar an Scéim go dtí seo. Tugann siad seo léargas den scoth ar nuálaíocht agus ar dhea-chleachtais na scoileanna féin, agus ar a n-eispéireas go dtí seo.

Rinneadh na cás-staidéir seo in dhá bhunscoil déag agus i seacht n-iar-bhunscoil agus tá siad mar chuid de staidéar taighde agus meastóireachta trí bliana.

“Is céim thábhachtach an tuarascáil taighde agus mheastóireachta chuimsitheach seo ar chur i bhfeidhm na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta”, a dúirt an tAire Foley.

“Is cúis áthais dom go léiríonn an anailís ar thorthaí taighde an FTO agus na Cigireachta an chaoi ina bhfuil mórchéimeanna chun tosaigh glactha ag scoileanna na Scéime. Tá a n-acmhainn mar phríomh-mhoil phobail á forbairt ag scoileanna d’fhonn tacú le húsáid níos forleithne na Gaeilge agus leis an gcultúr Gaelach sa Ghaeltacht.

“Leagann na torthaí béim ar ghnéithe den dea-chleachtas i gcur i bhfeidhm an tumoideachais i scoileanna Gaeltachta leithéidí straitéisí luath-idirghabhála á n-úsáid chun tacú le foghlaim na teanga, na naisc níos láidre atá á gcothú leis an bpobal áitiúil agus béim athnuaite ar shaibhreas teanga na scoláirí. Cuirtear béim sa tuarascáil freisin ar ghnéithe den chleachtas nach mór a fhorbairt tuilleadh i roinnt cásanna, mar shampla, pleanáil chun aistriú éifeachtach ón suíomh luathfhoghlama agus cúraim a éascú, agus ról na dtuismitheoirí agus na ndaltaí/scoláirí a neartú sna próisis phleanála gníomhaíochta agus féinmheastóireachta scoile.”

Léiríonn na cás-staidéir an chaoi ina bhfuil an scéim ag cur ar chumas scoileanna úsáid níos forleithne na Gaeilge a chur chun cinn i bpobail áitiúla. Tá na naisc le naíonraí agus le pearsanra pleanála teanga á neartú chun oidhreacht shaibhir na Gaeltachta a chur chun cinn.

Lean an tAire Foley agus dúirt: “Tá ceannairí scoile ag cur fís na Scéime in iúl go rathúil. Tá tionchar dearfach aige seo ar an gcaoi a bhfuil na pobail scoile ag baint úsáid as an nGaeilge sa scoil.

“Is ábhar misnigh é go gcuirtear an tréimhse dhá bhliain luath-thumoideachais sa Ghaeilge i bhfeidhm i ngach ceann de na bunscoileanna cás-staidéir. Baintear úsáid as go leor straitéisí nuálacha sna hiar-bhunscoileanna cás-staidéir chun úsáid leathnaithe na Gaeilge a chur chun cinn”, a dúirt an tAire.

“Tá dul chun cinn déanta freisin ar úsáid na teicneolaíochta mar acmhainn teagaisc. Tá na hacmhainní, a sholáthraíonn gníomhaireachtaí náisiúnta ar nós An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta (COGG), ag cuidiú leis an gcleachtas i seomraí ranga Gaeltachta a fheabhsú.

“Creidim go dtacóidh agus go gcuirfidh na smaointe agus na heiseamláirí dea-chleachtais sa tuarascáil chás-staidéir seo leis an obair leanúnach atá á déanamh ag scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus ag suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim, chun oideachas ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil dár ndaoine óga go léir.”

Tá an Tuarascáil ar Scoileanna Cás-Staidéir rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ar fáil anseo: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/56696-tuarascail-ar-scoileanna-cas-staideir-rannphairteach-sa-sceim-aitheantais-scoileanna-gaeltachta/

 

CRÍOCH

Nótaí don eagarthóir:

  • Déantar cur síos sa Tuarascáil ar Scoileanna Cás-Staidéir rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ar an méid a bhíonn an Ghaeilge á húsáid agus á cur chun cinn sna scoileanna. Aithníonn na torthaí meastóireachta go leor láidreachtaí  i gcáilíocht an teagaisc agus na foghlama, i gcáilíocht na ceannaireachta agus na bainistíochta, agus i gcáilíocht na gcomhpháirtíochtaí agus na nasc le naíonraí agus le pobail áitiúla. Rinne an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) anailís ar thuairimí múinteoirí, tuismitheoirí agus phobail scoile i leith na Scéime.
  • Ar na gníomhaíochtaí taighde agus meastóireachta a rinneadh i scoileanna cás-staidéir bhí: athbhreithniú ar cháipéisíocht ionscoile, obair daltaí/scoláirí agus sonraí measúnaithe; breathnóireacht ar theagasc agus ar fhoghlaim thar raon ábhar curaclaim, leibhéal ranga agus bliainghrúpaí; agus anailís ar thorthaí ó fhócas ghrúpaí le múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí/scoláirí.
  • Is é sprioc uileghabhálach an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 ná a chinntiú go bhfuil eispéireas oideachais ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge ar fáil do na daoine óga go léir atá ina gcónaí i limistéir Ghaeltachta agus, ar an mbealach seo, tacú le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga na dteaghlach agus na bpobal Gaeltachta. Is ionann an cuspóir seo agus cuspóir an phróisis phleanála teanga a bhfuil bunús reachtúil aige faoi Acht na Gaeltachta 2012. Tá tábhacht ar leith ag baint le rannpháirtíocht na scoileanna sa phróiseas pleanála teanga áitiúil chun úsáid níos forleithne na Gaeilge sna pobail Ghaeltachta a chur chun cinn.
  • Tá an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta, a seoladh i mí Aibreáin 2017, mar cheann de phríomhghníomhartha an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Tugann an Scéim deis do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna atá lonnaithe i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta aitheantas a ghnóthú mar scoileanna Gaeltachta. Chun an t-aitheantas seo a bhaint amach, bíonn ar na scoileanna sainchritéir theangabhunaithe a chomhlíonadh chun an tumoideachas a neartú agus páirt a ghlacadh sna próisis pleanála teanga áitiúla, a bhfuil foráil déanta dóibh in Acht na Gaeltachta 2012, chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn.
  • Tugadh cuireadh do gach scoil atá suite i limistéar pleanála teanga Gaeltachta páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Is é príomhsprioc na Scéime ná tacú le heispéireas tumoideachais Gaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar i scoileanna, chun naisc le suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim agus naisc leis an bpobal a neartú, agus chun sealbhú agus saibhriú teanga na ndaltaí/scoláirí a fheabhsú. Cuireadh acmhainní breise ar fáil do scoileanna chun tacú lena rannpháirtíocht ghníomhach sa Scéim d’fhonn cáilíocht an oideachais trí mheán na Gaeilge a threisiú.
  • Faoi láthair, tá 105 bunscoil (80% de bhunscoileanna na Gaeltachta), agus iad ag freastal ar thart ar 7,418 dalta, rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Tá 29 iar-bhunscoil (100% d’iar-bhunscoileanna na Gaeltachta), agus iad ag freastal ar thart ar 6,686 scoláire, rannpháirteach sa Scéim.
  • Tá na critéir theangabhunaithe chun aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta leagtha amach sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 agus sna foilseacháin Treoir do Bhunscoileanna Gaeltachta: Táscairí Dea-Chleachtais don Tumoideachas (2020) agus Treoir d’Iar-Bhunscoileanna Gaeltachta: Táscairí Dea-Chleachtais don Tumoideachas (2020), atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais.
  • Sa bhliain 2021, d’fhoilsigh an Roinn Oideachais Treoir do Scoileanna Gaeltachta: Comhpháirtíocht leis an bpobal chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus Treoir do Bhunscoileanna Gaeltachta: Naisc a neartú idir bunscoileanna agus suíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige. Táthar ag súil go mbeidh na foilseacháin seo cabhrach do phobail scoileanna agus suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim agus iad ag forbairt comhpháirtíochtaí chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn.

 

  • Leanann an FTO ag déanamh taighde ar ghnóthachtáil scoláirí agus ar thuairimí príomhoidí, múinteoirí, daltaí/scoláirí agus a dtuismitheoirí trí úsáid a bhaint as ceistneoirí a eisítear chuig gach scoil atá páirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Foilseofar na torthaí a bhaineann leis an ngné seo den taighde in 2022.