Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Foley roimh Uachtaránacht na hÉireann ar chóras na Scoileanna Eorpacha

Tá lúcháir ar Norma Foley TD, an tAire Oideachais, a fhógairt gur ghlac Éire Uachtaránacht ar chóras na Scoileanna Eorpacha don scoilbhliain 2022/23 chuici féin. Cuimsíonn córas na Scoileanna Eorpacha 13 Scoil Eorpacha agus 21 Scoil Eorpacha Chreidiúnaithe atá lonnaithe i 16 cinn de na 27 mBallstát, Éire san áireamh. Soláthraíonn na Scoileanna Eorpacha oideachas ilteangach ilchultúrtha do leanaí ón timthriall naíscoile/bunscoile go dtí an timthriall meánscoile, áit a dtugann scoláirí faoin Baccalaureate Eorpach (scrúdú ceann cúrsa) ag deireadh a meánoideachais.

 

Is é Bord Gobharnóirí a dhéanann córas na Scoileanna Eorpacha a rialú agus a riar. Áirítear leis an mbord ionadaithe do rialtais i ngach ceann de na 27 mBallstát den Aontas Eorpach, mar aon le foireann feidhmiúcháin. Tá Oifig Ard-Rúnaí chóras na Scoileanna Eorpacha lonnaithe sa Bhruiséil. 

Freastalaíonn thart ar 40,000 duine de leanaí agus de dhaoine óga ar chóras na Scoileanna Eorpacha, lena n-áirítear 400 dalta Éireannacha. Thug Éire 59 múinteoir ar iasacht do na Scoileanna Eorpacha don scoilbhliain 2022/2023. Ghlac Éire áit na Cróite mar Uachtarán ar chóras na Scoileanna Eorpacha ar 1 Lúnasa 2022. 

 

Dúirt an tAire Foley: “Is mór an onóir d’Éirinn, agus don Roinn seo go háirithe, glacadh leis an Uachtaránacht ar chóras na Scoileanna Eorpacha ar feadh na chéad bhliana eile.  Tá sé mar aidhm againn roinnt gnéithe straitéiseacha d’obair na Scoileanna Eorpacha a chur ar aghaidh, lena n-áirítear cleachtas machnamhach a chothú i measc múinteoirí agus saoránacht ghníomhach a chothú i measc daoine óga.

 

“Tá lúcháir orm go ndearna foireann Uachtaránachta na hÉireann idirchaidreamh le hinstitiúidí ardoideachais in Éirinn chun tacú le córas na Scoileanna Eorpacha agus gur iarr sí orthu a saineolas a chomhroinnt chun sraith seimineár Gréasáin idirghníomhach a fhorbairt maidir le cleachtas machnamhach aonair agus comhchoiteann. Fáiltím roimh an tionscnamh comhoibríoch seo, rud a bhfuil an-acmhainneacht aige sineirgí a neartú idir pobail scoile, múinteoirí agus ceannairí scoile.”

 

Trí Uachtaránacht rothlach chóras na Scoileanna Eorpacha, tugtar rogha do thíortha réimsí tosaíochta féideartha a shainaithint lena bhforbairt laistigh den chóras agus obair fhadtéarmach leanúnach chóras na Scoileanna Eorpacha a stiúradh ag an am céanna. I gcás a hUachtaránachta féin, shainaithin Éire ceithre phríomhréimse tosaíochta chun tacú le córas na Scoileanna Eorpacha:

 

  • Cleachtas machnamhach aonair agus comhchoiteann a chothú i measc múinteoirí i gcóras na Scoileanna Eorpacha

 

  • Saoránacht ghníomhach a chothú agus a cheiliúradh i measc daoine óga sa timthriall meánscoile i gcóras na Scoileanna Eorpacha

 

  • Comhtháthú fiúntach na Scoileanna Eorpacha Creidiúnaithe isteach i gcóras na Scoileanna Eorpacha a chur ar aghaidh

 

  • Cur leis an obair atá ar siúl cheana féin chun córais agus nósanna imeachta riaracháin chóras na Scoileanna Eorpacha a shimpliú.

 

Cuirfear an obair sin ar aghaidh faoi stiúir ag an mBord Gobharnóirí. Déanfaidh an Bord Cigirí agus struchtúir riaracháin eile laistigh de chóras na Scoileanna Eorpacha formhaoirseacht ar an obair freisin.

 

Tionólfar dhá chruinniú de chuid an Bhoird Gobharnóirí le linn Uachtaránacht na hÉireann, ceann amháin sa Bhruiséil i mí na Nollag 2022 agus an ceann eile gar le Baile Átha Cliath, i mí Aibreáin 2023. Is ag na cruinnithe sin a sholáthrófar an móiminteam agus an treo chun tacú le forbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar na tosaíochtaí d’Uachtaránacht na hÉireann ar chóras na Scoileanna Eorpacha, agus rannchuidiú á dhéanamh leis an obair atá ar siúl cheana féin laistigh de chóras na Scoileanna Eorpacha a chur ar aghaidh go leanúnach.

 

Is mór an onóir d’Éirinn glacadh leis an Uachtaránacht ar chóras na Scoileanna Eorpacha don tréimhse seo, ar lena linn a cheiliúrfar lá cothrom 50 bliain ó d’éirigh Éire ina ball den Aontas Eorpach an 1 Eanáir 1973.  Agus áit na Cróite á glacadh aici, tá bród ar Éirinn córas na Scoileanna Eorpacha a stiúradh ar an gcéad chéim eile dá aistear agus 65 bliana á slánú aige.

 

Nótaí d’Eagarthóirí

 

  • Bunaíodh na Scoileanna Eorpacha sa bhliain 1957 agus is faoi phrótacal idir-rialtasach a oibríonn siad. Tairgeann na 13 Scoil Eorpacha ar a dtugtar Scoileanna Eorpacha Chineál 1 oideachas Eorpach ina gcomhlíontar na ceanglais oideolaíocha atá leagtha síos do chóras na Scoileanna Eorpacha. Ní oibríonn na scoileanna sin laistigh de chóras náisiúnta.
  • Is é is Scoil Eorpach Chreidiúnaithe ann ná scoil ar bhunaigh Aireacht laistigh de chóras náisiúnta í chun córas na Scoileanna Eorpacha a sholáthar. Tá Scoil Eorpach Chreidiúnaithe amháin ann in Éirinn, agus í lonnaithe i nDún Seachlainn, Co. na Mí. Osclaíodh an Lárionad sin don Scolaíocht Eorpach i mí Mheán Fómhair 2002 chun freastal ar na riachtanais oideachais atá ag daltaí a n-oibríonn a dtuismitheoirí d’Oifig Bia agus Tréidliachta an Aontais Eorpaigh in Grange, Dún Samhnaí, Co. na Mí. Tá na daltaí sa Lárionad don Scolaíocht Eorpach rollaithe i Scoil Seachnaill Naofa agus i gColáiste Pobail Dhún Seachlainn agus freastalaíonn siad ar an Lárionad le haghaidh ranganna Theanga 1, Theanga 2 agus Theanga 3 (freastalaíonn daltaí atá rollaithe ar leibhéal na bunscoile ar an Lárionad le haghaidh Uaireanta Eorpacha agus le haghaidh Eitice freisin).
  • Tá 48 ndalta rollaithe sa Lárionad don Scolaíocht Eorpach i nDún Seachlainn faoi láthair (29 ndalta sa bhunscoil agus 19 ndalta sa mheánscoil), agus 18 múinteoir fostaithe faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí.

 

CRÍOCH