Foilsithe ar 

Ré nua do Chúrsaí Gaeilge sa Státchóras

Tá ré nua do chúrsaí Gaeilge sa Státchóras fógartha go hoifigiúil inniu ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath T.D., i gcomhar leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., agus Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers T.D., le hos cionn 400 foghlaimeoirí cláraithe do théarma an fhómhair.

De thoradh chomhoibriú na dá Roinne seo, is é seo an chéad téarma a dhéanfaidh Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) teistiú ar na cúrsaí a chuireann Gaelchultúr ar fáil d’fhostaithe an stáit thar ceann OneLearning, Aonad Foghlama agus Forbartha na státseirbhíse. Is é TEG, atá á riar ag Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, an chéad chóras teastaithe d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Is córas cuimsitheach, grádaithe é a thugann deis d’fhoghlaimeoirí tabhairt faoi scrúduithe ag cúig leibhéal cumais. Tá sé ag teacht leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (Comhairle na hEorpa, 2001) agus tá forbairt déanta ar a leithéid de chóras le haghaidh fhormhór na dteangacha eile san Eoraip cheana. 

I gcomhthéacs an sprioc uaillmhianach earcaíochta atá le baint amach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, is é sin go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge faoi 2030, tá agus beidh buntáistí móra ag baint le cáilíochtaí TEG, ní amháin d’fhoghlaimeoirí ach d’fhostóirí chomh maith, agus iad ag iarraidh daoine a earcú le scileanna teanga ar leith nó, go deimhin, ag iarraidh scileanna fostaithe reatha a fhorbairt. 

Déantar tagairt shonrach don Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha san Acht féin faoi fheidhmeanna an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge. Mar chuid d’obair an Choiste, a bheidh le cuimsiú acu in ullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge faoi 19 Meitheamh 2024, déanfaidh an Coiste comhairle a thabhairt maidir leis an leibhéal inniúlachta, ag féachaint don Chreat Comhchoiteann thuasluaite, is gá a bheith ag duine chun go soláthróidh sé nó sí seirbhísí trí mheán na Gaeilge.

Is comhpháirtíocht ana-thábhachtach í seo chomh maith i gcomhthéacs na ndualgas a bheidh ar Aire na Gaeltachta spriocdhátaí a leagan síos, de thoradh an Phlean Náisiúnta, faoina mbeidh gach seirbhís phoiblí a chuirtear ar fáil sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí mheán na Gaeilge agus faoina mbeidh gach oifig phoiblí lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Beidh sé lárnach freisin sa mhéid a bheidh le cuimsiú ag Aire na Gaeltachta sna caighdeáin teanga a fhorordaítear faoin Acht amach anseo ó thaobh an leibhéal inniúlachta Gaeilge ar gá a bheith ag foireann chun seirbhísí ar leith a chur ar fáil.   

Is ceann d’iliomad tionscnamh atá ar bun ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é an beart seo chun úsáid na Gaeilge a chothú i measc fhostaithe na hearnála poiblí agus chun líon na seirbhísigh poiblí atá inniúil sa teanga a mhéadú d’fhonn soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú trí chéile. 

Mar bheart tacaíochta breise sa chomhthéacs seo, tá aontaithe idir an dá Roinn, i ndáil le OneLearning, go ndéanfar gné feasachta maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus le cur chun cinn na teanga go ginearálta a chur le roinnt cúrsaí a dhéanann OneLearning a sheachadadh trína thairseach. San áireamh sna cúrsaí seo beidh cinn dírithe ar sheirbhís custaiméara agus ar bhainisteoirí sóisearacha - áit a bhraitear go bhféadfaí oll-thionchar a imirt ar iompar teanga san ionad oibre.

Ag labhairt dó lasmuigh de cheanncheathrú a Roinne inniu, dúirt an tAire McGrath:  

Tá áthas orm go bhfuil an teistiú seo á ndéanamh anois ag TEG ar na cúrsaí Gaeilge a chuirtear ar fáil trí OneLearning i gcomhar le Gaelchultúr. Cuirfidh na cúrsaí seo an Ghaeilge chun cinn i measc státseirbhísigh reatha agus forbrófar tuilleadh deiseanna forbartha pearsanta agus gairmiúla dóibh siúd chun cur lena n-inniúlacht teanga d’ainneoin an leibhéal inniúlachta atá acu faoi láthair. Is í forbairt phearsanta agus ghairmiúil príomhaidhm OneLearning – Lárionad Foghlama agus Forbartha na Státseirbhíse, a dhéanann mo Roinnse a riar. 

"Tá i gceist go leanfaidh mo Roinnse ag obair lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an tsraith reatha chúrsaí atá ar fáil chun gnéithe a bhaineann leis an teanga agus le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a chuimsiú iontu, de réir mar is cuí. Táim dóchasach go mbeidh dea-thionchar ag na cúrsaí nua-fhorbartha seo ar sholáthar breis cainteoirí Gaeilge don státchóras ar an gcéad dul síos, ach níos mó ná sin ar sholáthar foirne a bhfuil feasacht acu ar chúrsaí teanga agus a bhfuil airdeallach faoi. Is trí seo uilig a chuirtear leis an eispéiris a bheidh ag an bpobal agus iad ag déanamh éilimh ar sheirbhísí Gaeilge ar ard-chaighdeán ón Stát. 

"Mar chuid de Cháinaisnéis 2023 an tseachtain, rinneadh leithdháileadh breise de €8.5m a fhógairt do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta go ginearálta, rud a léiríonn dáiríreacht agus dúthracht an Rialtais i leith dul chun cinn a dhéanamh sa réimse seo.”

Dúirt an tAire Martin:

 “Táim ana-shásta leis an gcomhpháirtíocht seo atá fógartha idir an dá Roinn inniu. Tá sé ráite agam go minic gur togra uile-Rialtais é seo agus go mbeidh dualgais orainn go léir sa státchóras trí chéile maidir lena fhorfheidhmiú. Go deimhin tá gealltanas tugtha sa Phlean Gnímh d’Athnuachan na Státseirbhíse 2024 go gcuirtear an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge i bhfeidhm. Sílim go léiríonn an tionscnamh seo, mar aon leis an líne bhuiséid nua a fógraíodh an tseachtain seo caite, an tiomantas atá ag an Rialtas do chur i bhfeidhm an Achta agus ár ndíograis don teanga a threisiú trasna an tseirbhís phoiblí i gcoitinne.

"Léiríonn líon na seirbhísigh poiblí a chláraigh do na cúrsaí seo chomh maith an toilteanas atá ann ar fud an státchórais caighdeán na seirbhísí poiblí atá ar fáil trí Ghaeilge a fheabhsú. Ar ndóigh fuair na seimineáir faisnéise a chuir mo Roinn ar fáil i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Teanga do chomhlachtaí poiblí faoin Acht leasaithe i mí Iúil tacaíocht ollmhór, le hos coinn 1,000 ionadaí ó chomhlachtaí poiblí ag freastal orthu.” 

Dúirt an tAire Stáit Chambers: 

“Tá an t-athchóiriú seo atá déanta ar an gcóras teastaithe do chúrsaí Gaeilge a chuirtear ar fáil do státseirbhísigh ag teacht anois leis an méid atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 agus leis an méid a bhí iarrtha ag na páirtithe leasmhara ábhartha, lucht an fhreasúra agus an pobal i gcoitinne nuair a bhí an reachtaíocht ag dul trí Thithe an Oireachtais anuraidh. Luaigh mé le linn an ama sin nach é an reachtaíocht an áit chuí le leibhéal inniúlachta a leagan síos agus go dtiocfadh sé sin tríd na caighdeáin teanga a bheidh le foráil faoin Acht mar aon leis an bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge a bheidh á ullmhú ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge. 

"Leis an ailíniú seo, táimid sa Rialtas ag tabhairt an deis anois d’fhoghlaimeoirí agus d’fhostóirí araon forbairt a dhéanamh, laistigh de chóras aitheanta, ar na hacmhainní agus na scileanna teanga a bheidh de dhíth chun ollspriocanna an Achta a bhaint amach, is é sin soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú do na daoine sin a theastaíonn uathu a ghnó a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge. Dar ndóigh, is cúnamh mór a bheidh sa €1m breise a bhfuair mé do chur i bhfeidhm an Achta i gCáinaisnéis 2023 chomh maith chuige sin.

"Guím gach rath ar fhoghlaimeoirí an téarma seo agus táimid ag súil le sibh a fheiceáil ar an taobh eile.” 

 

CRÍOCH

 

 

Nótaí don eagarthóir: