Foilsithe ar 

Ráiteas an Taoisigh ar Chiste Comhroinnte Oileáin

Arna eisiúint ag Preasoifig an Rialtais

Leag an Taoiseach amach tráthnóna an bhéim fhoriomlán don Chiste Comhroinnte Oileáin a fógraíodh i mBuiséad 2021.

Dúirt an Taoiseach:

I mBuiséad 2021 - tríd an gCiste Comhroinnte Oileáin, a bhfuil sé beartaithe €500m a chur ar fáil amach go dtí an bhliain 2025 - tá an Rialtas ag cur acmhainní ar fáil d'fhonn maith a dhéanamh dár ngealltanas oileán comhroinnte a fhorbairt a bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta mar thaca aige.

Cothóidh an Ciste Comhroinnte Oileáin infheistíocht nua agus deiseanna fostaíochta ar bhonn Thuaidh/Theas agus tacaíodh le príomhthionscnaimh bonneagair tras-teorann a chur ar fáil mar atá leagtha amach i gClár an Rialtais.

Réitíonn sé an bealach chomh maith chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscnaimh nua uile-oileáin i réimsí mar thaighde, sláinte, oideachas agus an timpeallacht, trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin áirithe san Iarthuaisceart agus i bpobail ar an Teorainn, ag baint nascacht níos mó amach ar an oileán agus ag feabhsú an gheilleagair uile-oileáin agus gach gné den chomhoibriú Thuaidh Theas.

Cuireann sin le gealltanais uile-oileáin atá déanta cheana ag an Rialtas, lena n-áirítear leis na Comhlachtaí Thuaidh/Theas, go dtí seirbhísí sláinte tras-teorann agus an Ciste Athmhuintearais, chomh maith leis an tacaíocht shuntasach atá ar an oileán don tsíocháin agus don dul chun cinn a chuirfear ar fáil trí an gclár EU PEACE PLUS.

Nuair a ghlactar san áireamh le chéile iad, is gealltanas é seo ón Rialtas le breis is €1 bhilliún d'infheistíocht a dhéanamh don todhchaí ar bhonn uile-oileáin amach go dtí an bhliain 2025.

Tá an Ciste Comhroinnte Oileáin ag croílár ghealltanas an Rialtais leas a bhaint as poitéinseal iomlán Chomhaontú Aoine an Chéasta d'fhonn dul chun cinn leanúnach a chur ar fáil do gach pobal agus traidisiún ar an oileán.

Nóta d’Eagarthóirí:

-Cuirfidh an Ciste Comhroinnte Oileáin acmhainní €500m ar fáil a chuirfear ar fáil amach go dtí an bhliain 2025 chun infheistíocht nua agus deiseanna forbartha a chothú ar bhonn Thuaidh/Theas.

-Déantar soláthar leis an gCiste Comhroinnte Oileáin le haghaidh maoiniú caipitiúil nua, ilbhliantúil le hinfheistíocht a dhéanamh ar bhonn straitéiseach i dtionscnaimh i gcomhar Thuaidh/Theas a thacóidh le gealltanais agus cuspóirí Aoine an Chéasta agus a neartóidh naisc ar feadh na sochaí ar an dá chuid den oileán.

-Déanfar an maoiniú a roinnt ar Ranna agus ar Ghníomhaireachtaí i gcomhréir le tosaíochtaí Chlár an Rialtais agus ar bhonn tionscadail Thuaidh/Theas i gcomhar.

-Áirítear ar ghealltanais chuí i gClár an Rialtais na gealltanais le:

- Gach gné den chomhoibriú thuaidh/theas agus an geilleagar uile-oileáin a fheabhsú, a fhorbairt agus a neartú

- Oibriú le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann chun príomhthionscnaimh bonneagair tras-teorann a chur ar fáil, lena n-áirítear an A5, nasc Chanáil Uladh ó Chluain Eois go Loch Éirne Uachtair, Droichead Chaol Uisce, agus na glasbhealaí tras-teorann, go háirithe glasbhealach Sligeach-Inis Ceithleann (faoi réir indéantachta).

- Oibriú leis an bhFeidhmeannas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe chun nascacht níos fearr a bhaint amach ar oileán na hÉireann.

- Oibriú leis an bhFeidhmeannas agus le Rialtas na Ríochta Aontaithe d'fhonn gealltanas a thabhairt i leith infheistíocht agus deiseanna forbartha i bpobail san Iarthuaisceart agus i bpobail ar an teorainn, lena n-áirítear deiseanna tríú leibhéal do dhaoine óga ó ar fud an réigiúin ar Champas Magee Ollscoil Uladh i nDoire.

- Tacú le clár taighde agus nuálaíochta thuaidh/theas lena n-áirítear mol taighde uile-oileáin, tríd Ollscoileanna Éireann.

- Leanúint de naisc sláinte thuaidh-theas a neartú agus a láidriú.

- A fhiosrú mar is féidir le comhlachtaí a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a chinntiú go bhfuil cur chuige comhleanúnach ann maidir le saincheisteanna timpeallacht ar bhonn uile-oileáin agus féachaint le straitéis uile-oileáin a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar bhriseadh síos aeráide agus an ghéarchéim bithéagsúlachta.