Foilsithe ar 

Ráiteas ón Rialtas ar Árais Mháithreacha agus Naíonán

Eisithe ag Preasoifig an Rialtais

Ag an gcruinniú inniu, rinne an Rialtas mionstaidéar ar na saincheisteanna atá ag déanamh imní don phobal le cúpla lá anuas.

Tá glactha leis ag an Rialtas agus aiféala orthu faoin ngortú dáiríre a mhothaigh go leor daoine ar fud shochaí na hÉireann.

Tá an Rialtas meáite ar na bearta is gá a bhaint amach chun déileáil leis an ábhar imní seo ar bhealach tráthúil, oiriúnach agus atá dírithe ar riachtanais na n-íospartach agus na ndaoine a tháinig tríd.

Cinnteoidh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, lena linn seo ar fad, go mbeidh rannpháirtíocht agus comhairliúchán le hiarchónaitheoirí, a dteaghlaigh agus a n-abhcóidí mar chuid lárnach den fhreagra cuimsitheach a chuirfidh an Stát i dtoll a chéile agus a thabharfaidh sé.

Inniu d’aontaigh an Rialtas ar na chéad bhearta eile seo leanas: Foilseofar An Tuarascáil Deiridh den Choimisiún Imscrúdúcháin Árais Mháithreacha agus Naíonán, atá le críochnú ar an Aoine, an 30 Deireadh Fómhair, a luaithe agus is féidir tar éis don Aire í a fháil.

Faoi mar a éilítear le dlí, nuair a fhaightear í, tarchuirfear an Tuarascáil Deiridh chuig an AG láithreach bonn i gcomhair comhairle dlí maidir le cibé an bhféadfadh, nó nach bhféadfadh sé dochar a dhéanamh d’aon imeachtaí coiriúla atá ar feitheamh nó ar bun.

Chun deifir a chur leis an bhfoilsiú, cinnteoidh an AG go bhfuil breis acmhainní ar fáil chun athbhreithniú a dhéanamh go tapa ar an tuarascáil atá le foilsiú, tuarascáil a cheaptar a bheidh an-fhada.

Tiocfaidh na Rannóga agus Gníomhaireachtaí Rialtais cuí le chéile chun freagra cuimsitheach ón Stát ar thorthaí agus ar mholtaí na Tuarascála Deiridh a fhorbairt le cur faoi bhráid an Rialtais ar bhonn práinneach.

Leanfaidh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ar aghaidh, in éineacht le Túsla, ag obair go dlúth le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí chun a chinntiú go bhfuil cearta gach duine, atá i dteideal rochtain a bheith acu ar fhaisnéis phearsanta a bhaineann leo féin, go bhfuil na cearta sin lánurraithe agus curtha chun feidhme faoin reachtaíocht um chosaint sonraí agus an GDPR; cuirfear acmhainní breise ar fáil mar is gá.

Cuirfidh an Rialtas deifir le cur i bhfeidhm soláthar tacaíochtaí sláinte agus folláine do dhaoine a tháinig tríd.

Tabharfaidh an Rialtas aghaidh ar an dul chun cinn maidir leis an obair ar an Reachtaíocht um Faisnéis agus Lorgaireacht, ag súil lena fhoilsiú an bhliain seo chugainn.

Leanfaidh an Rialtas ar aghaidh freisin le reachtaíocht ar bhonn práinne chun gníomhaíochtaí oiriúnacha agus leochaileacha a chur ar fáil ag suíomh adhlactha an tSeanárais Máithreacha agus Naíonán i dTuaim, Co. na Gaillimhe agus ag aon suíomh eile mar is cuí.

Beidh an Rialtas ag obair leis an gCoiste Oireachtais um Leanaí chun teacht ar chomhaontú uile-pháirtí san Oireachtas maidir leis na ceisteanna fíorleochaileacha seo.

Beidh an Rialtas ag obair i dtaca le cartlann taifead a bhunú, ar bhonn foirmiúil go náisiúnta, a bhaineann le tráma institiúideach le linn an fichiú haois; áireofar anseo taifid chuí agus fianaise ó bhéal ó fhinnéithe arbh íospartaigh agus daoine a tháinig tríd iad a chartlannú; tógfar é ag suíomh feiliúnach agus beidh sé ag feidhmiú de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde; leagfar amach é i gcomhar le cartlannaithe agus staraithe gairmiúla chomh maith le híospartaigh, daoine a tháinig tríd agus a n-abhcóidí.

Ar deireadh, rinne an Rialtas na cúiseanna a tugadh an reachtaíocht is déanaí chun tosaigh a athdhearbhú chun taifid luachmhara a chaomhnú agus a chosaint a d’fhéadfadh a bheith scriosta nó fágtha gan mhaith murach sin.

Ba é seo an freagra a tugadh ar na dearcthaí soiléire a léirigh an Coimisiún Imscrúdúcháin, leis an mBreitheamh Yvonne Murphy a bhí ina cathaoirleach: Chuir an Coimisiún bunachar sonraí le chéile ina raibh na máithreacha agus naíonáin ar fad a bhí ina gcónaí sna príomhárais mháithreacha agus naíonán.

Tá sé soiléir go dtabharfadh an bunachar sonraí seo cúnamh mór do dhaoine a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí faisnéise agus lorgaireachta; faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair bheadh gá an bunachar sonraí a scriosadh i ndáiríre. De bhrí gur faisnéis leochaileach phearsanta atá stóráilte sa bhunachar sonraí, bheadh sé de dhualgas ar an gCoimisiún, faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair, ainmneacha agus faisnéis aitheantais eile faoi áitritheoirí na n-áras seo a fholú sula gcuirfí faoi bhráid an Aire é; dúirt an Coimisiún, dá bharr sin, go mbeadh an bunachar sonraí fágtha gan mhaith.

Ba é dearcadh an Choimisiúin gur cheart an bunachar sonraí a chaomhnú agus a chur ar fáil do shealbhóirí na mbuntaifead chun críocha faisnéise agus lorgaireachta (nó do cibé cuideachta atá i mbun seirbhísí faisnéise agus lorgaireachta).

Dúirt an Coimisiún go soiléir go n-éileodh sé sin reachtaíocht.

Chaithfí an reachtaíocht a thabhairt isteach roimh spriocdháta an 30 Deireadh Fómhair chun na taifid ríthábhachtacha seo, a bhaineann le caibidil ghruama de chuid ár staire, a chosaint agus a chaomhnú.