Foilsithe ar 

Saoránacht Éireann le bronnadh ar 3,500 duine i gCill Airne

Inniu agus amárach 6 Nollaig 2022, tiocfaidh nach mór 3,300 duine chun bheith ina saoránaigh nua Éireannacha.

 

I gceithre shearmanas ar leithligh san INEC i gCill Airne, gheobhaidh iarratasóirí as os cionn 130 tír a ndeimhnithe eadóirseachta, agus glacfaidh siad mionn go mbeidh siad dílis do Stát na hÉireann.

 

Ag labhairt dóibh ag an searmanas inniu, chuir an tAire Stáit Séamus de Brúin agus an tAire Stáit Áine Uí Choinín fáilte roimh na saoránaigh is nua atá ag Éirinn, agus chuir siad béim ar thábhacht an lae seo, ar cloch mhíle ina saol a bheidh ann.

 

Arsa an tAire Stáit de Brúin:

 

“Osclaítear doirse nua le bronnadh saoránachta oraibh inniu – chun na bunchearta arna leagan amach i mBunreacht na hÉireann a theachtadh, chun vótáil i reifrinn a fhéadfaidh an Bunreacht a athrú, chun pas Éireannach a fháil agus taisteal leis, chun fónamh ar ghiúiré, chun bheith mar iarrthóirí le toghadh chun bheith in bhur mbaill den Rialtas. Cearta a athraíonn saol duine atá sna cearta sin agus tá súil agam go mbainfidh sibh sásamh astu.

 

Agus saoránacht Éireann seo agatsa á bronnadh ort, tá gealltanas siombalach níos leithne tugtha ag Éirinn duit, a bhfuil dlúthbhaint aige le stair ár dtíre agus lenár muintir sa bhaile agus i gcéin. Gealltanas go mbeidh baile agat anseo linne i gcónaí, in Éirinn a dhéanann gach iarracht chun bheith sábháilte, cothrom agus uilechuimsitheach do gach aon duine.”

 

Is iad an Breitheamh scortha den Ard-Chúirt, Bryan McMahon, agus an Breitheamh scortha Paddy McMahon na hOifigigh Cheannais ag na searmanais, agus is iadsan a chuir na daoine faoi Dhearbhú Dílseachta do Náisiún na hÉireann agus Tairiseachta don Stát.

 

Gheall na saoránaigh nua, chomh maith, go ndéanfaidís dlíthe an Stáit a chomhlíonadh go dílis agus a luachanna daonlathacha a urramú.

 

Ag labhairt di leis na saoránaigh nua ag an searmanas, dúirt an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir le Míchumas, Áine Uí Choinín TD:

 

“Áit ina bhfuil an-éagsúlacht agus oscailteacht atá in Éirinn. Nílimid ag iarraidh oraibh bhur dtuiscint féin ar bhur bhféiniúlacht, a bhaineann le bhur n-áit dúchais, a thabhairt suas nó a ionadú nuair a thiocfaidh sibh chun bheith in bhur saoránaigh Éireannacha. Teastaíonn uainn go dtabharfaidh sibh bhur gcultúr, bhur stair agus bhur dtraidisiúin libh. Trí na nithe sin a roinnt linne, is saibhrede Éire dá bharr sin.”

 

Is féidir mionsonraí faoi shearmanais amach anseo, agus faoin bpróiseas chun iarratas a dhéanamh ar shaoránacht, a fháil ag www.irishimmigration.ie/ga/.

 

 

Nótaí d’Eagarthóirí

 

  • Ag na searmanais san INEC inniu agus amárach, gheobhaidh thart ar 3,500 iarrthóir as 130 tír saoránacht Éireann.

 

  • Is é Ionad Comhdhála Óstán Ghleann an Iolair, Cill Airne, an suíomh nua le haghaidh searmanas saoránachta ar scála mór as seo amach.

 

  • Tugadh isteach searmanais saoránachta den chéad uair i 2011 le hómós a thabhairt d’ócáid bhronnta saoránachta ar bhealach dínitiúil sollúnta.

 

  • Ó tugadh na searmanais isteach den chéad uair, bhí 158 searmanas (lena n-áirítear searmanais mhí na Nollag) san iomlán ann, le daoine as os cionn 180 tír ag fáil a ndeimhnithe eadóirseachta.

 

  • Go n-uige seo, agus mionaoisigh á gcur san áireamh, fuair thart ar 155,000 duine as 180 tír saoránacht Éireann ó 2011 i leith.

 

  • Is iad na deich náisiúntacht is mó do Shearmanais Saoránachta ar an 5 agus an 6 Nollaig i gCill Airne ná:

 

 

 

Náisiúntacht

Iarrthóirí

1

An Ríocht Aontaithe

375

2

An India

326

3

An Phacastáin

282

4

An Pholainn

170

5

Poblacht Arabach na Siria

159

6

An Bhrasaíl

158

7

An Nigéir

154

8

An Rómáin

150

9

Na Stáit Aontaithe

102

10

Na hOileáin Fhilipíneacha

95