Foilsithe ar 

Scéim deontais ‘atosaithe gnó’ nua ar fiú €15m í d’earnáil na dtaibhithe beo

  • €15m do ghnólachtaí a oibríonn in earnáil ealaíon agus cultúir na dtaibhithe beo

 

  • Cuirfear deontais ar fiú suas le €100,000 iad ar fáil do ghnólachtaí incháilithe chun bonn a chur faoi théarnamh na hearnála in 2022

 

  • Tagann an maoiniú seo sna sála ar Scéim Tacaíochta Taibhithe Beo na bliana anuraidh arbh fhiú €25m í agus ar éirigh go maith léi - chuir an scéim sin 53,000 lá oibre ar fáil d’ealaíontóirí, d’oirfidigh agus do chriúnna.

 

Tá scéim deontais atosaithe nua fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, inniu do ghnólachtaí a chuireann imeachtaí ar siúl in earnáil ealaíon agus cultúir na dtaibhithe beo. 

€15m a chuirfear ar fáil in iomlán faoi Scéim Deontais Atosaithe na dTaibhithe Beo (LPRGS).

Dúirt an tAire Martin:

“Tuigim go maith an luach a bhain le Scéim Tacaíochta na dTaibhithe Beo 2021 chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil do ghnólachtaí ealaíontóirí, ceoltóirí, teicneoirí, léiritheoirí agus cleachtóirí eile gairmiúla a fhostú. 

Anois go bhfuil srianta Covid fágtha inár ndiaidh againn, ba mhaith liom tacú le hoibritheoirí san earnáil chun go mbeidh siad ábalta tabhairt faoin obair is fearr a dhéanann siad.”

Tá i gceist leis an scéim cuidiú le téarnamh earnáil na dtaibhithe beo trí dheontais atosaithe gnó a chur ar fáil do ghnólachtaí/ionaid/léiritheoirí agus do phoiblitheoirí in earnáil ealaíon agus cultúir na dtaibhithe beo.

Cuirfear deontais suas le €100,000 ar fáil do ghnólachtaí incháilithe. 

Beidh an scéim oscailte d’iarratais trí thairseach ar líne ag 1pm Dé Máirt an 22 Márta. 

Dúirt an tAire Martin freisin:

“Tuigim chomh deacair agus a bhí sé le dhá bhliain anuas dóibhsean a oibríonn in earnáil na dtaibhithe beo.  Is iontach an rud é go bhfuil an oiread sin gigeanna, imeachtaí amharclainne agus taibhithe beo eile ar siúl ó cuireadh deireadh leis na srianta ar an 22 Eanáir. 

Tuigim go bhfuil dúshláin fós rompu, agus tá an deontas atosaithe gnó nua seo leagtha amach chun cuidiú leis an earnáil teacht chuici féin go hiomlán agus a lánacmhainn a bhaint amach chomh luath agus is féidir”

Is féidir treoirlíne na scéime nua a fháil anseo

 

CRÍOCH