Foilsithe ar 

Óstálann an Chartlann Náisiúnta agus Oifig Taifid Phoiblí Thuaisceart Éireann Plé Painéil i mBéal Feirste le ceiliúradh a dhéanamh ar 25 Bliana ó Síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta

Inniu cuirfidh an Chartlann Náisiúnta, i gcomhpháirtíocht le hOifig Taifid Phoiblí Thuaisceart Éireann ‘On The Record:Reflections on the Belfast Agreement (Good Friday Agreement)’ i láthair – plé painéil chun ceiliúradh a dhéanamh ar 25 bliana ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta.

Beidh an ócáid ​​ar siúl Dé Luain, an 3 Aibreán, idir 2 agus 4.30 i.n. in PRONI (Public Record Office of Northern Ireland), 2 Titanic Boulevard, Titanic Quarter, Béal Feirste, BT3 9HQ; tabharfaidh painéal de chainteoirí raon dearcaí ar thaifid stáit oifigiúla a d’eisigh an Chartlann Náisiúnta agus PRONI le déanaí maidir leis an gComhaontú Ilpháirtí agus Comhaontú na Breataine-na hÉireann.

Beidh Miriam O’ Callaghan (láithreoir cúrsaí reatha agus craoltóir, RTÉ) ina reachtaire agus cathaoirleach ag an ócáid. Ag tús an lae déanfaidh Glenn Patterson (scríbhneoir agus Stiúrthóir, Ionad Seamus Heaney, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste), eochair-chur i láthair ina labhróidh sé faoi Thuaisceart Éireann ó thaobh cultúir de tar éis an Chomhaontaithe. Ar an bpainéal beidh an tOllamh Marie Coleman (staraí, OBBF), David Donoghue (iar-thaidhleoir agus scríbhneoir), Amanda Dunsmore (ealaíontóir), agus Malachi O’Doherty (scríbhneoir).

Tar éis léirithe aonair, stiúrfaidh Miriam O’Callaghan seisiún ceisteanna agus freagraí ina mbeidh seans ag an lucht féachana, lena n-áirítear lucht féachana ar líne, ceisteanna a chur.

Tugadh cuireadh do chomhaltaí an phainéil machnamh a dhéanamh ar rogha taifid stáit atá sa chartlann – a eisíodh faoi riail 20 bliain – a bhaineann le hidirbheartaíocht Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na doiciméid seo a úsáid chun machnamh a dhéanamh ar na himeachtaí de réir mar a tháinig siad chun cinn ag druidim le síniú an chomhaontaithe. Tabharfaidh lucht an phainéil léargas ar conas a léiríonn na taifid tábhacht na huaire seo inár stair chomhroinnte. Tabharfaidh an painéal dearcthaí éagsúla ar an bpróiseas síochána agus ar an gcomhaontú féin; mar staraí, taidhleoir, iriseoir agus ealaíontóir, agus labhróidh siad faoi thábhacht na dtaifead poiblí chun ár gcuimhne comhchoiteann a chaomhnú.

Eolas áirithinte:

https://www.eventbrite.co.uk/e/on-the-record-reflections-on-the-belfast-agreement-good-friday-agreement-tickets-587429335957

Ag labhairt roimh an imeacht, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D.:

 

“Mar Aire le freagracht as an gCartlann Náisiúnta, ba shuntasach an rud é scaoileadh taifead a bhaineann le Comhaontú Aoine an Chéasta faoin Acht um Chartlann Náisiúnta (Leasú) (2018) den chéad uair in 2022, inár gcomhthuiscint ar an bpróiseas síochána agus ar an am ag druidim le síniú an chomhaontaithe.

 

“Aithnímid go léir na tairbhí saibhre a bhain leis do mhuintir Thuaisceart Éireann chomh maith leis an gComhoibriú feabhsaithe Thuaidh Theas tríd an iliomad Comhlachtaí Thuaidh Theas a bunaíodh faoin gComhairle Aireachta Thuaidh Theas i réimsí mar thurasóireacht, na healaíona agus cultúr, teanga, oideachas. srl.

 

“Léiríonn comhimeachtaí mar seo an caidreamh dearfach oibre Thuaidh agus Theas idir an Chartlann Náisiúnta agus Oifig Taifid Phoiblí Thuaisceart Éireann”.

 

Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir an Chartlann Náisiúnta:

 

“Tugann na taifid a d’eisigh muid a bhaineann le Comhaontú Aoine an Chéasta faoi riail 20 bliain léargas fíorluachmhar ar an bpolaitíocht agus ar na daoine a bhfuil baint acu le gnóthaí Angla-Éireannacha. Trí rochtain ar na taifid seo a sholáthar do staraí, iar-thaidhleoir, ealaíontóir agus iriseoir, cuirfear dearcthaí an-éagsúil ar fáil ar an am seo inár stair chomhroinnte. Le saineolas agus taithí Miriam O’Callaghan agus ionchur tráthúil Glenn Patterson ag machnamh ar Thuaisceart Éireann tar éis an chomhaontaithe, tá súil againn go mbeidh an tráthnóna dúshlánach agus spreagúil do gach duine a bheidh i láthair”.

 

Cuirfear an plé painéil i láthair mar chuid de shraith imeachtaí atá beartaithe le linn 2023 chun ceiliúradh a dhéanamh ar  25 bliana ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta.

 

Beidh an bhunchóip sínithe de Chomhaontú Aoine an Chéasta le feiceáil ag an bpobal freisin ón 12 Aibreán ag an gCartlann Náisiúnta, chun 25 bliain óna síniú a chomóradh. Tá fáilte roimh an phobal bualadh isteach chun é a fheiceáil.

 

CRÍOCH

 

Nótaí an Eagarthóra

 

Beathaisnéisí

Is Ollamh le Stair na hÉireann san Fhichiú hAois agus Ceann na Staire in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste í Marie Coleman. Tugann sí comhairle do roinnt comhlachtaí poiblí maidir le cuimhneacháin stairiúla agus in 2020-21 bhí sí ina ball de Phainéal Comhairleach Stairiúil Comórtha Céad Bliain Oifig Thuaisceart Éireann. I measc na tráchtaireachta fairsinge a rinne sí ar na meáin chlúdaigh sí le déanaí eisiúint pháipéir stáit 1997-98 ó PRONI agus ón gCartlann Náisiúnta do roinnt asraonta meán lena n-áirítear BBC, UTV agus The Irish Times.

Chaith David Donoghue beagnach 25 bliana ag obair ar Thuaisceart Éireann, ar an gcaidreamh Angla-Éireannach agus ar an bpróiseas síochána. Áiríodh leis seo tréimhsí i Rannóg Angla-Éireannach na Roinne, in Ambasáid na hÉireann i Londain agus téarma ceithre bliana (1995-9) mar Chomh-Rúnaí na hÉireann sa Rúnaíocht Angla-Éireannach i mBéal Feirste. Bhí sé ina bhall d’fhoireann Rialtas na hÉireann san idirbheartaíocht a sholáthair Comhaontú Aoine an Chéasta, ar a bhfuil leabhar foilsithe aige (“One Good Day”, Meán Fómhair 2022).

Oibríonn Amanda Dunsmore i bpróisis ealaíne ina bhfiosraítear léiriú ar chlaochlú sochaíoch. Forbraíonn a portráidí comhthéacsúla trí thréimhsí fada taighde agus is minic a chuirtear an saothar i láthair mar shraith de thionscadail fhairsinge ealaíne sochpholaitiúla/stairiúla. Thaispeáin Amanda Dunsmore a saothair go forleathan in Éirinn agus go hidirnáisiúnta agus tá a saothair ealaíne le feiceáil i mbailiúcháin phríobháideacha agus phoiblí. Is Léachtóir le Mínealaín í i Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh, TUS, Éire.

Tá gairm fhada ag Malachi O’Doherty san iriseoireacht agus sa chraoltóireacht. Tá sé ina údar ar go leor leabhar faoi Thuaisceart Éireann, lena n-áirítear Can Ireland Be One? (Merrion 2022) agus The Year of Chaos (Atlantic 2021). Is é an leabhar is déanaí a d’fhoilsigh an Dr O’Doherty ná How To Fix Northern Ireland (Atlantic Books).

Is láithreoir teilifíse Éireannach í Miriam O’Callaghan. Cuireann sí clár cúrsaí reatha RTÉ Prime Time i láthair, tá sí ina hóstach ar a sliotán seachtainiúil Sunday with Miriam ar RTÉ Raidió 1 maidin Dé Domhnaigh agus cuireann sí seó comhrá Saturday Night with Miriam i láthair gach deireadh seachtaine i rith an tsamhraidh.

Is scríbhneoir ficsin, neamhfhicsin, scripteanna don stáitse agus don scáileán é Glenn Patterson, agus is pátrún bunaidh é ar Fighting Words Northern Ireland.

Scríobh Glenn ceithre shaothar neamhfhicsin lena n-áirítear The Last Irish Question (2021), agus deich n-úrscéal, lena n-áirítear an ceann is déanaí Where are we now? (2020).Tá sé ina Stiúrthóir ar Ionad Seamus Heaney in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

 

Eolas faoin gCartlann Náisiúnta

Bunaíodh an Chartlann Náisiúnta chun taifid phoiblí na hÉireann a bhailiú, a bhainistiú agus a chaomhnú, ag cinntiú go mbíonn siad ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ón Meánaois go dtí bunú Shaorstát Éireann sa bhliain 1922 agus sa ré nua-aimseartha.

 

Tá reachtaíocht le haghaidh chroífheidhm seo na Cartlainne Náisiúnta san Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986, mar a leasaíodh é faoin Acht um Chartlann Náisiúnta (Leasú), 2018.

 

Faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, tá oibleagáid ar Ranna, Oifigí Rialtais, na Cúirteanna nó comhlachtaí a luaitear sa sceideal a ghabhann leis an Acht taifid atá níos sine ná 30 bliain a aistriú, faoi réir díolúintí áirithe.

 

Go ginearálta, ní mór gach taifead Roinne atá níos mó ná 30 bliain d’aois a aistriú chuig an Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986. Aistreofar freisin na taifid sin a mheasann an tAire agus an tAire Rialtais ábhartha atá cuí agus atá níos mó ná 20 bliain d’aois, faoi fhorálacha an Achta um Chartlann Náisiúnta (Leasú), 2018 – Taifid Angla-Éireannacha. Féadfaidh Ranna taifid ar leith a choinneáil agus/nó iad a choinneáil siar ó iniúchadh poiblí.

 

www.nationalarchives.ie