Foilsithe ar 

Tionscadal ollmhór athfhorbartha, nach dtarlaíonn ach go fíor-annamh, fógartha ag an Rialtas don Cheoláras Náisiúnta

D’fhógair an Rialtas a thacaíocht inniu don tionscadal athfhorbartha is mó riamh i ndáil le hInstitiúid Náisiúnta Cultúir.  Is í an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. a chuir an tionscadal faoi bhráid an Rialtais agus is olltionscadal é faoina clár infheistíochta d’Institiúidí Náisiúnta Cultúir.

 

Faoin tionscadal seo ag an gCeoláras Náisiúnta, déanfar an foirgneamh stairiúil ar shuíomh Ardán Phort an Iarla a athchóiriú agus a athfhorbairt.  Thar aon ní eile, cuirfear síneadh leis an stáitse agus leis an méid suíochán atá sa halla cheana in éineacht le rochtain do chách, atá ag teastáil go géar, a chur ar fáil.  Faoi na pleananna uaillmhianacha seo, déanfar codanna móra den suíomh, go leor díobh a bhfuil foirgnimh orthu a théann siar roimh bhunú an Stáit, a athchóiriú agus úsáid eile a bhaint astu chun spásanna nua ceadail agus cleachtaidh a chur ar fáil chomh maith le limistéir phoiblí nua agus athchóirithe, agus ionad nua don Fhoghlaim agus Rannpháirtíocht, i measc nithe eile. 

 

Déanfar breis is 16,000m2 de na foirgnimh i gcoimpléasc an Cheolárais Náisiúnta a athchóiriú agus a athfhorbairt faoin tionscadal seo chun ionad a sheasfaidh an aimsir a dhéanamh dár nInstitiúid Náisiúnta Cultúir don Cheol do na glúnta atá le teacht.

 

Is éard a dúirt an Taoiseach ag ócáid an fhógartha:

Tá ár dtacaíocht de dhíth ó na foirgnimh cháiliúla seo, na foirgnimh ina bhfuil ár nInstitiúidí Náisiúnta Cultúir suite, agus níos tábhachtaí ná sin, teastaíonn infheistíocht a dhéanamh iontu lena chinntiú go bhfuil siad inbhuanaithe, go seasfaidh siad an aimsir agus go bhfreastalaíonn siad ar riachtanais na bpobal ar a mbíonn siad ag freastail, ar riachtanais iad a bhíonn ag athrú.  Cuirfidh an athfhorbairt seo ar chumas an Cheolárais Náisiúnta a chuspóir ina spás beo do cheol, do shásamh feadh an tsaoil, chun ceangal leis an gceol agus a bheith rannpháirteach ann a chomhlíonadh do chách.”

 

Beidh an tionscadal á mhaoiniú ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. agus tabharfar chun críche é i gcomhpháirtíocht leis an gCeoláras Náisiúnta agus Oifig na nOibreacha Poiblí.  Is príomhthionscadal é seo i gclár infheistíochta an Aire faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, faoina ndéanfar go leor de na hInstitiúidí Náisiúnta Cultúir a bhfuil an-chion againn orthu a athchóiriú agus a athbhunú chun go seasfaidh siad an aimsir do na glúnta atá le teacht. 

 

Is éard a dúirt an tAire Martin faoin bhfógra:

Is deis nach dtarlaíonn ach uair sa chéad an tionscadal seo dár nInstitiúidí Náisiúnta Cultúir, dóibh sin a bhfuil a gcroí sa Cheoláras Náisiúnta, agus chun aitheantas a thabhairt don ról lárnach atá ag an gceol inár saol.  Faoin tionscadal seo déanfar an foirgneamh oidhreachta ar leith seo, a bhfuil a chlú agus a cháil air féin, a athchóiriú ach  tarlóidh freisin go ndéanfar ionad don cheol agus don taibhiúchán den Cheoláras Náisiúnta a bheidh ar chomhchéim le háras ar bith eile ar domhan.”

 

Tá an tionscadal san áireamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta, an chéad uair a bhfuil soláthar ar leith déanta i PFN chun infheistíocht a dhéanamh sna hInstitiúidí Náisiúnta Cultúir mar aitheantas ar an méid thábhachtach a chuireann siad le saol cultúir an Stáit, a chosnaíonn siad ár n-oidhreacht chultúir, agus an méid a thacaíonn siad le folláine daoine aonair agus an phobail i gcoitinne.  Beidh soláthar lá go lá an tionscadail faoi stiúir an Cheolárais Náisiúnta agus Oifig na nOibreacha Poiblí ina n-úinéirí agus ina gcoimeádaithe ar an bhfoirgneamh thar ceann an Stáit. 

 

Is éard a dúirt an tAire Donohoe mar aitheantas ar an tábhacht a bhaineann leis na foirgnimh oidhreachta a chosaint agus a athchóiriú:

“Léiríonn fógra an lae inniu tiomantas an Rialtais d'athchóiriú shuíomh stairiúil an Cheolárais Náisiúnta. Tá sé tábhachtach go gcosnódh muid oidhreacht ailtireachta ar leith na hÉireann agus go gcuirfeadh muid beocht ag an am céanna i bhfoirgnimh ar nós é seo trí fhéidearthachtaí nua cruthaitheacha a athshamhlú dóibh.”

 

Ag fógra an lae inniu, dúirt Maura McGrath (Cathaoirleach) ón gCeoláras Náisiúnta:

Cuirfidh an infheistíocht seo ní hamháin le tírdhreach ceoil na hÉireann ach spreagfaidh sí glúin nua eile a bhfuil a gcroí sa cheol. Déanfaidh an infheistíocht seo ionad tábhachtach cultúir den Cheoláras Náisiúnta do mhuintir na tíre seo, agus tabharfar chun fíre an mhian atá againn a bheith ar cheann de shárionaid cheoil an domhain agus a bheith inár siombal den mhórtas náisiúnta do mhuintir na hÉireann gach áit.

 

 

CRÍOCH 

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán Gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

Nótaí Breise:

 

Tá an tionscadal seo á chur ar fáil mar chuid de Chlár Infheistíochta an Aire in Institiúidí Náisiúnta Cultúir faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.  Déanfar uasghrádú ar 16,300m2 ar shuíomh Ardán Phort an Iarla leis an olltionscadal seo. Téann go leor den suíomh seo siar roimh bhunú an Stáit, agus tá bail an fhoirgnimh ag dul in olcas le himeacht aimsire.  Tabharfaidh an tionscadal seo cosaint don tsócmhainn oidhreachta seo agus déanfar athchóiriú uirthi agus cruthófar ag an am céanna na saoráidí atá de dhíth ó Cheoláras Náisiúnta a mbeidh síneadh mór curtha leis.  Faoin gCód Caiteachais Phoiblí, beidh soláthar ó lá go lá an tionscadail faoi stiúir an Cheolárais Náisiúnta agus Oifig na nOibreacha Poiblí.

 

Cuirfear a leanas ar fáil faoin tionscadal athfhorbartha:

  • Cuirfear síneadh leis an bpríomh-halla chomh maith le hé a athchóiriú agus a athdhearadh, agus méadóidh sé sin an spás iomlán 40% go dtí 1,500 méadar cearnach. Bainfear sin amach trí bhalcóiní breise a chur isteach agus beidh teacht orthu sin trí shíneadh thiar ar chúl an fhoirgnimh ina gcuirfear rochtain agus seirbhísí atá riachtanach don Cheoláras Náisiúnta ar fáil. 
  • Mar gheall ar an síneadh seo ar an halla beidh níos mó daoine ábalta sult a bhaint as na taibhithe, mar go gcuirfidh an athfhorbairt idir 150 agus 225 suíochán eile leis an halla, ag brath ar an leagan amach.
  • Déanfar an forhalla ag an bpríomh-bhealach isteach a athchóiriú agus a oscailt suas, ag cruthú spás nua-aimseartha ilfheidhme le rochtain nua ar an staighre stairiúil marmair, rochtain do chách, áit fáiltithe níos fear agus oifigí áirithintí chomh maith le seirbhísí eile.
  • Déanfar an tseanleabharlann leighis a athdhearadh ina halla cleachtaidh nua don Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta.  Bíonn siad ag cleachtadh faoi láthair sa phríomh-halla, agus cuireann sin teorainn leis an méid deiseanna a bhíonn acu a bheith ag ceol i lár an lae.
  • Athchóiriú ar bhloc 1865, lena n-áirítear seomra John Field, agus seomraí nua feistis, oifigí, ceaintín, leabharlann, stiúideonna agus seirbhísí eile a chur ar fáil.  Áirítear leis sin athchóiriú agus tabhairt ar ais réimse stairiúil ó dheas 1865 atá folamh faoi láthair chun áiseanna do cheoltóirí, spásanna taibhiúcháin, cleachtaidh, stóráil agus limistéir le taobh an stáitse a chur ar fáil.
  • Leis an tionscadal seo bainfear úsáid as an nua as an bhfoirgneamh tréigthe paiteolaíochta mar shaoráid nua foghlama agus rannpháirtíochta chomh maith le halla ceadail nua 500 suíochán a fhorbairt. Cuirfidh sin ar chumas seirbhísí agus cláir nua lucht spéise nua a mhealladh; agus
  • Athchóiriú agus athdhearadh ar sciatháin cháiliúla Soir ó Thuaidh agus Soir ó Dheas Butler chun áiseanna ceadail ceoil nua, limistéir phoiblí nua agus thar rud ar bith eile, spásanna chun tuilleadh eagraíochtaí acmhainní ceoil a thabhairt isteach sa Cheoláras Náisiúnta a chur ar fáil.

 

Is é an chéad chéim eile den tionscadal an próiseas seachtrach árachais a thabhairt chun críche, gné lárnach sa chód caiteachais phoiblí agus tús a chur leis an réamhobair chun iarratas pleanála a dhéanamh in 2023.  Is é an OPW, arb iad ailtirí an tionscadail iad, a bheidh i mbun leagan amach na hathfhorbartha.

 

Téann stair Ardán Phort an Iarla, an áit a bhfuil an Ceoláras Náisiúnta suite, siar go dtí an bhliain 1865 go dtí an t-am a mbítí ag tabhairt an Exhibition Palace ar dtús air agus a mbíodh an Taispeántas Idirnáisiúnta Ealaíon agus Déantús ar siúl ann. Leagadh an Exhibition Palace ina dhiaidh sin agus tógadh an struchtúr atá ann faoi láthair sa bhliain 1914, struchtúr ina raibh an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bunaíodh an Ceoláras Náisiúnta ar Ardán Phort an Iarla i 1981. Bhog scoileanna leighis agus innealtóireachta UCD ó Ardán Phort an Iarla in 2007, agus réitigh sin an bealach d’athfhorbairt limistéir mhóra an tsuímh.