Foilsithe ar 

Tugann an Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo Áitiúil Taibhithe Áitiúla ó Neart go Neart in 2022

  • Sonraí na n-imeachtaí beo a chuirfear ar stáitse le €5m a tugadh d’údaráis áitiúla faoin Scéim

 

  • Spreagfaidh an maoiniú taibhithe beo áitiúla sna míonna atá romhainn agus tacóidh sé le fostaíocht d’ealaíontóirí agus do chriúnna áitiúla

 

  • Beidh imeachtaí ar siúl i ngach contae sa tír

 

  • Tagann an scéim seo tar éis scéim rathúil 2021 a thacaigh le beagnach 3,500 ealaíontóir, taibheoir agus criú

 

Inniu (an 4 Márta), d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, sonraí na n-imeachtaí beo a chuirfear ar stáitse le maoiniú €5m a leithdháil sí ar údaráis áitiúla don Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo Áitiúil. Tá sé mar aidhm ag an scéim tacú le téarnamh na hearnála léirithe beo ag leibhéal áitiúil trí chuidiú le húdaráis áitiúla imeachtaí léirithe beo a mhaoiniú a bhaineann úsáid as seirbhísí ealaíontóirí áitiúla, ceoltóirí, teicneoirí, léiritheoirí agus cleachtóirí gairmiúla eile.  

Dúirt an tAire Martin:

“Chonaic mé cé chomh luachmhar agus a bhí Scéim 2021 do phobail ar fud na tíre le linn na paindéime agus creidim go dtabharfaidh an tacaíocht leanúnach seo fuinneamh don earnáil áitiúil léirithe ar fud na hÉireann agus go gcinnteoidh sé go mbeidh rath ar ealaíontóirí agus ar chriú anois agus deireadh curtha leis na srianta."

Thacaigh Scéim 2021 le breis agus 350 imeacht i ngach contae in Éirinn. Reáchtáladh margaí na Nollag, geamaireachtaí, seónna cabaret, cóir agus fiú eispéireas Dhaidí na Nollag i mianach – léiríodh éagsúlacht agus cruthaitheacht iontach. Thacaigh an maoiniú le breis is 10,000 lá fostaíochta do dhaoine a oibríonn san earnáil léirithe beo.

Dúirt an tAire Martin:

“Tá cúrsaí ar fud na tíre ina gcíor thuathail le dhá bhliain anuas.  D’éirigh go han-mhaith leis an Scéim ó thaobh deiseanna fostaíochta a sholáthar do thaibheoirí agus do chriúnna áitiúla i ngach contae, ag taispeáint taibheoirí cumasacha áitiúla.”

Cibé ar tharla na himeachtaí laistigh, ar líne nó amuigh faoin aer, bhí an t-aiseolas a fuarthas thar a bheith dearfach. 

“Tá sé go hálainn a bheith ar ais ar an stáitse tar éis beagnach dhá bhliain. Níl aon rud níos fearr ná an mothúchán sin." – Comhairle Cathrach Chorcaí

“Tá sé go hiontach beocht a fheiceáil sa chathair arís.” – Comhairle Cathrach na Gaillimhe

“Tá na ceoltóirí an-bhuíoch as an obair, eispéireas draíochtúil a bhí ann.” – Comhairle Chontae an Chabháin

Bhain 3472 ealaíontóir agus taibheoir aonair leas as an scéim seo a chuir Roinn an Aire Martin ar fáil anuraidh, rud a chuir le líon na ndaoine agus an caiteachas sna bailte agus sna sráidbhailte áitiúla freisin.  Tá sé beartaithe ag an Aire Martin cur leis an rath seo trí €5m a leithdháileadh ar Scéim 2022 le haghaidh imeachtaí a bheidh ar siúl as seo go deireadh mhí an Mheithimh. Tá sé beartaithe ag gach Údarás Áitiúil anois gach contae a shaibhriú le himeachtaí iontacha sna míonna atá romhainn.

Bí ag faire amach do haischlibeanna #BeoÁitiúil chun imeachtaí a chuirfear ar stáitse le maoiniú na Scéime a aimsiú.

 

Críoch

Nótaí don Eagarthóir

Imeachtaí atá beartaithe go dtí seo faoin Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo Áitúil 2022:

Údarás Áitiúil

Ainm an Imeachta

Dáta(í) Imeachta

Cur síos ar an imeacht

Ealaíontóirí / Taibheoirí

Cill Chainnigh

 Sraith Cheoil Mhúsaem an Mhíle Mheánaoisigh

16/03/2022

 Ceolchoirm cheoil thraidisiúnta na hÉireann

ZOE CONWAY + JOHN MCINTYRE

 Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

17/03/2022

 Ceolchoirm cheoil thraidisiúnta na hÉireann

 MCAULEY TRAD TRIO | ANTHONY MCAULEY |TOMMY FITZHARRIS |JOHN NUGENT

Cill Chainnigh

Sraith Cheoil Mhúsaem an Mhíle Mheánaoisigh

17/03/2022

Ceolchoirm cheoil thraidisiúnta na hÉireann

IARLA Ó LIONÁIRD + STEVE COONEY

 An Cabhán

Féile Cheoil Thraidisiúnta Chill na Seanrátha

18/03/2022

Ceolchoirm Cheoil Thraidisiúnta Chill na Seanrátha

CARLOS/SWEENEY AND MCCARTIN, AOIFE CATHCART AND FERGUS BOGUE

 Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

18/03/2022

 Léiriú Chór na nÓg

 Scoil Amhránaíochta Alize

Cill Chainnigh

Seó Tine Rogu

18/03/2022

 Seó Damhsa Tine

 Seó Stoirme Tine

Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

18/03/2022

 Ceolchoirm cheoil thraidisiúnta na hÉireann

 Grúpa Ceoil Thraidisiúnta theaghlach Savage

Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

18/03/2022

 Léiriú Ceoil Emerging Youth

BANNA ÓIGE MUSIC GENERATION Chill Chainnigh

Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

18/03/2022

 Ceolchoirm cheoil thraidisiúnta na hÉireann

 Grúpa Ceoil thraidisiúnta Tulua

Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

18/03/2022

 Lériú in ómós do Joni Mitchell

 BOBBIE CAREY & MARK MCGRATH

Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

18/03/2022

 Léiriú Gleacaíochta

 Gleacaí Síneach Cuaille Funky Fi

Cill Chainnigh

Sraith Cheoil Mhúsaem an Mhíle Mheánaoisigh

18/03/2022

Ceolchoirm cheoil thraidisiúnta na hÉireann

PIP AGUS JOHN MURPHYAOIFE SCOTT + BANNA CEOIL

 Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

19/03/2022

 Ceolchoirm rince thraidisiúnta na hÉireann

 Acadamh Damhsa Chill Chainnigh

Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

19/03/2022

  Ceolchoirm cheoil thraidisiúnta na hÉireann

 Grúpa ceoil thraidisiúnta Thír na nÓg

Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

19/03/2022

 Ceolchoirm cheoil agus rince thraidisiúnta na hÉireann

 CRAOBH OSRAÍ CHOMHALTAS CEOLTOIRÍ ÉIREANN

Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

19/03/2022

 Léiriú Ceoil Bhrasaíligh Maracatu

 MARACATU ILE BRIHANTE

Cill Chainnigh

Sraith Cheoil Mhúsaem an Mhíle Mheánaoisigh

19/03/2022

Ceolchoirm cheoil thraidisiúnta na hÉireann

KEVIN BURKE & THE GOODMAN TRIO

 Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

19/03/2022

 Léiriú Druma agus Damhsa

 THE HIT MACHINE

 Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

19/03/2022

Léiriú ceoil thraidisiúnta agus tíre

 BURNCHURCH - Banna ceoil Mhuintir Uí Chasaide

Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

20/03/2022

 Céilí faoin aer

 Banna ceoil céilí Strioláin

Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

21/03/2022

 Léiriú ceoil agus rince thraidisiúnta na hÉireann

 THE PETER BROWNE TRAD TRIO DAMIEN MC NEFFIN +SHANE MCGOWAN  +PETER BROWNE

Cill Chainnigh

Ceol beo áitiúil ar ardán banna ceoil na Féile

22/03/2022

 Léiriú ceoil thraidisiúnta agus tíre

 LUAN PARLE & CLIVE BARNES

 FINE GALL

KIERON GOSS & ANNIE KINSELLA 

26/03/2022

Ceol

KIERON GOSS & ANNIE KINSELLA

 FINE GALL

AHMED DICKINSON & EDUARDO MARTIN 

09/04/2022

Ceol

AHMED DICKINSON & EDUARDO MARTIN 

Cill Dara

Féile Ealaíon agus Intinne

05/05/2022

Sraith imeachtaí beo a reáchtálfar mar chuid den Fhéile Ealaíon agus Intinne

Dámh na nEalaíon, Léinn Cheiltigh agus na Fealsúnachta agus Roinn an Cheoil, Ollcoil Mhá Nuad

 FINE GALL

CHRIS KENT 

29/04/2022 

Coiméide

CHRIS KENT 

 FINE GALL

Tionscadal Cheolfhoireann Chlós Súgartha 

Aibreán 2022

Tionscadal Ceoil le pobal áitiúil scoile/dáltaí

N/B

 FINE GALL

Deireadh Seachtaine Coiméide faoin Aer

Meitheamh 2022

Dhá imeacht coiméide

N/B

 FINE GALL

Deireadh Seachtaine Ceoil faoin Aer 

Meitheamh 2022

Dhá imeacht ceoil

N/B

 FINE GALL

Deireadh Seachtaine Ceoil faoin Aer 

Bealtaine 2022

Dhá imeacht ceoil 

N/B

Cill Dara

Féile sa Veain

Le deimhniú

Sraith seónna beo drámaíochta don teaghlach a bheidh ar siúl i dTuaisceart Chill Dara

 N/B