Foilsithe ar 

Tugtar cuireadh do dhaoine atá cáilithe go cuí chuige iarratas a chur isteach ar phost an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí

Tugtar cuireadh do dhaoine atá cáilithe go cuí chuige iarratas a chur isteach ar phost an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Cuireadh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar bun faoin Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974. Is é a áirítear ar fheidhmeanna an Stiúrthóra stiúradh agus maoirseacht a dhéanamh ar ionchúiseamh poiblí agus ar ábhair choiriúla a bhaineann le hábhar i gcomhréir leis na forálacha ábhartha faoin dlí. Beidh post an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí folamh ar dheireadh a theacht le téarma oifige an Stiúrthóra reatha i mí na Samhna 2021.

Ní féidir glacadh le hiarratas ach amháin ó:


• abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach,
ag a bhfuil
• cleachtadh deich mbliana ar a laghad déanta mar
abhcóide nó mar aturnae.


Measfar gur cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae seirbhís ar feadh aon tréimhse i bpost sa Státseirbhís a raibh de cháilíocht riachtanach ag gabháil le ceapachán chuig an bpost cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae ar feadh na tréimhse sin, agus measfar gurbh abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach, cibé acu é, duine le linn seirbhís a dhéanamh i bpost den sórt sin.


Déanfaidh an Coiste a cheaptar faoin Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 maidir le hiarrthóirí a roghnú le ceapadh chun na hoifige na hiarratais a mheas. D’fhéadfadh go gcuirfí iarrthóirí faoi agallamh; ina leithéid de chás, is féidir leis an gCoiste, de thogra an Choiste amháin, a shocrú gur líon áirithe de na hiarrthóirí, agus nach gá gurb iad na hiarrthóirí ar fad, a dtabharfar cuireadh dóibh dul faoi agallamh. An Rialtas a cheapfaidh an Stiúrthóir.

Tá foirmeacha iarratais agus sonraí breise faoi na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh i bhfeidhm ar fáil ó:


Miriam Dollard,
Rúnaí Choiste Roghnúcháin
an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí,
Roinn an Taoisigh.
R-phost: dppcompetition@taoiseach.gov.ie
An tráth deiridh a mbeidh glacadh le hiarratas:
12 nóin Dé hAoine an 8 Deireadh Fómhair 2021.
Tá an Rialtas tugtha de réir polasaí
do chomhionannas deiseanna