Published on 

An tAire Stáit James Browne dteannta Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, Madraí Treorach do na Daill in Éirinn, agus Chumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe do sheoladh an Fheachtais Feasachta ar Thinte Ealaíne 2023

An tAire Stáit James Browne dteannta Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, Madraí Treorach do na Daill in Éirinn, agus Chumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe do sheoladh an Fheachtais Feasachta ar Thinte Ealaíne 2023

 

 

26 Meán Fómhair 2023

 

Sheol an tAire Stáit san Roinn Dlí agus Cirt, James Browne TD, feachtas múscailte feasachta inniu ag cur fainic ar dhaoine gan mí-úsáid a bhaint as tinte ealaíne, i gcomhar leis an nGarda Síochána, Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe, Madraí Treorach do na Daill in Éirinn agus Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath in Ionad Oiliúna Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath in Marino.

 

Reáchtálann an Roinn Dlí agus Cirt feachtas bliantúil chun eolas a chur ar fáil don phobal faoi na contúirtí tromchúiseacha a bhaineann le tinte ealaíne agus na pionóis mhóra a chuirtear ar dhaoine má dhíolann siad tinte ealaíne mídhleathacha nó má úsáideann siad iad.

 

Dírítear i bhfeachtas na bliana seo ar chomh mór agus is féidir le tinte ealaíne cur isteach ar dhaoine leochaileacha inár bpobail, go háirithe daoine scothaosta agus daoine a bhfuil deacrachtaí céadfacha acu. Is féidir leo freisin dochar mór a dhéanamh do pheataí teaghlaigh, do Mhadraí Treorach agus do Mhadraí Cuidithe agus strus a chur orthu, agus sin an fáth a bhfuil feachtas na bliana seo á sheoladh i gcomhar le Madraí Treorach do na Daill in Éirinn, Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe, Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath agus an Garda Síochána.

 

Le linn don Aire Browne a bheith ag labhairt ag seoladh an fheachtais Feasachta, dúirt sé:

 

“Agus muid ag druidim leis an tréimhse roimh Oíche Shamhna, ba mhaith liom a iarraidh ar gach duine gan tinte ealaíne a cheannach ná a úsáid. Nuair a bhaintear mí-úsáid astu, is crá croí iad dár bpobail ach is féidir tionchar díobhálach a bheith acu ar fholláine roinnt de na grúpaí níos leochailí, go háirithe daoine scothaosta agus daoine a bhfuil dúshláin chéadfacha acu.

 

Is féidir le tinte ealaíne daoine scothaosta atá ina gcónaí leo féin a scanradh agus is féidir leo freisin cur isteach go mór ar Mhadraí Treorach, ar Mhadraí Cuidithe agus ar pheataí eile.

 

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird go bhfuil tinte ealaíne mídhleathach agus go bhfuil pionóis thromchúiseacha i bhfeidhm do na daoine sin a ghabhtar agus mí-úsáid á baint acu as tinte ealaíne. Mar shampla, is féidir pionóis a ghearradh ar dhuine, a chiontaítear i dtinte ealaíne a bheith ina sheilbh agus é ar intinn acu iad a dhíol nó a chur ar fáil, fíneáil suas go €10,000 agus suas go cúig bliana príosúnachta ina measc.”

 

Chuir an tAire  Browne fáilte roimh an gcomhoibriú leanúnach le Madraí Treorach do na Daill in Éirinn, Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe, Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath agus an Garda Síochána. Tá an feachtas feasachta leanúnach agus an feachtas fógraíochta gaolmhar dírithe ar an bpobal i gcoitinne ach tá  aird ar leith á díriú ar an nglúin óg agus ar a dtuismitheoirí ó tharla gurb iad na grúpaí sin is mó is dóichí a bhainfeadh úsáid as tinte ealaíne mídhleathacha.

 

Dúirt an tAire Browne chomh maith,

 

“Ba cheart do thuismitheoirí, go háirithe tuismitheoirí a bhfuil leanaí óga acu, a bheith ar an eolas faoi na contúirtí a bhaineann le mí-úsáid na dtinte ealaíne.

 

Ar an drochuair tá go leor cásanna feicthe againn inar ndearna daoine damáiste tromchúiseach agus buan dóibh féin nó do dhaoine eile trí mhí-úsáid a bhaint as tinte ealaíne agus ba mhaith liom a iarraidh ar thuismitheoirí cuimhneamh air sin sula gceannaíonn siad tinte ealaíne mídhleathacha dá leanaí. Ina ionad sin, mholfainn do thuismitheoirí a gcuid leanaí a thabhairt chuig taispeántais ghairmiúla agus dhleathacha tinte ealaíne a bheidh ar siúl ina gceantar féin.”

 

 

Is éard a dúirt Tim O’Mahony, Príomhfheidhmeannach Mhadraí Treorach do na Daill in Éirinn a aontaíonn le tuairimí an Aire,

 

“Gach bliain bíonn ár bhfoireann croíbhriste nuair a fheiceann siad Madraí Treorach agus Madraí Cuidithe suaite ag tionchar na dtinte ealaíne. Cé go bhfuil ár madraí thar a bheith oilte chun déileáil le go leor cásanna, má tharlaíonn rud éigin don mhadra atá níos measa ná an gnáthleibhéal struis, amhail tine ealaíne ag pléascadh in aice leo, is féidir leis sin an madra a ró-íogrú, cosúil le neamhord strus iarthrámach a bhíonn ar dhaoine. 

 

Oibreoidh ár dtraenálaithe go dlúth leis an madra agus leis an úinéir chun na hiarmhairtí a chur ina gceart arís agus cé go dtagann an chuid is mó de mhadraí ar ais chucu féin, téann cuid acu thar fóir nuair a chloiseann siad torann nach bhfuil aon súil leis, rud a thagann chun cinn mar fhreagairt imní. Sa chás sin, ní mór an madra a chur ar scor. Bíonn iarmhairtí uafásacha i gceist leis sin d’úinéir an mhadra agus cuirtear srian mór ar a neamhspleáchas agus ar shiúl na gcos, nó cuirtear deireadh iomlán leis, nithe ar bhain an t-úinéir sásamh astu roimhe seo. Bíonn fanacht fada orthu go bpéireáiltear le madra feiliúnach eile arís iad.”

 

Is éard a dúirt an Dr. Cyril Sullivan ó Chumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe freisin,

 

“Ba mhaith le Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe an eagla agus an ciapadh ar féidir leo a chur ar gach ainmhí a chur i gcuimhne do dhuine ar bith atá ag smaoineamh ar thinte ealaíne mídhleathacha a cheannach nó a úsáid.  Tá muid ag iarraidh ar an bpobal bearta breise a ghlacadh an Oíche Shamhna seo chun a gcuid peataí a choinneáil taobh istigh, agus cuimhneamh freisin ní hamháin ar shábháilteacht peataí tí ach ar shábháilteacht beostoic agus fiadhúlra freisin.

 

Trí oibriú le chéile, tá muid ag cinntiú go bhfuil daoine agus ainmhithe inár bpobail sábháilte agus nach ndéanfar dochar dóibh an Oíche Shamhna seo.  Déan aon úsáid mhídhleathach a bhaintear as tinte ealaíne nó díol tinte ealaíne a thuairisciú chuig do Stáisiún Gardaí áitiúil chun tacú le Feachtas Náisiúnta Feasachta ar Thinte Ealaíne na bliana seo”.

 

Maidir leis an gcontúirt a bhíonn ar na seirbhísí éigeandála dul i ngleic léi, is éard a dúirt an Príomh-Oifigeach Dóiteáin, Dennis Keeley ó Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, 

 

“Labhair an Príomh-Oifigeach Dóiteáin do Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath faoin gcontúirt a bhaineann le tinte ealaíne a úsáid, na gortuithe a tharlaíonn do dhaoine agus do chomhraiceoirí dóiteáin mar gheall orthu agus mhol sé do gach duine smaoineamh orthu féin sula n-úsáideann siad iad agus ar na hiarmhairtí neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar a mbearta.”

 

Le linn don Ard-Cheannfort Padraic Jones, Biúró Náisiúnta Rannpháirtíochta Pobail an Gharda Síochána, a bheith ag labhairt ag seoladh an fheachtais seo, dúirt sé;

 

“Ar mhaith le seoladh fheachtas feasachta na Roinne Dlí agus Cirt 2023 in aghaidh mhí-úsáid na dtinte ealaíne a threisiú, seolfaidh an Garda Síochána Oibríocht Tombola freisin, ár straitéis bhliantúil chun troid i gcoinne tinte ealaíne a iompórtáil, a dhíol agus a úsáid ar an 1 Deireadh Fómhair 2023.

 

Féachtar leis an oibríocht sin feasacht a ardú ar an reachtaíocht a chuireann cosc ar thinte ealaíne neamhcheadúnaithe a bheith i do sheilbh, ach ina theannta sin an tuiscint a mhéadú ar an dochar ar féidir teacht chun cinn ó úsáid a bhaint astu.  Oibreoidh an Garda Síochána lenár gcomhpháirtithe agus páirtithe leasmhara chun straitéis a chur i bhfeidhm agus Oíche Shamhna ag teannadh linn chun daoine a choinneáil slán ón gcontúirt a bhaineann le tinte ealaíne.”

 

 

CRÍOCH