Published on 

Fógraíonn an tAire Foley sonraí na scéime chun deireadh a chur le costas leabhar scoile i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu (Dé Céadaoin 22 Márta 2023) sonraí maidir le scéim nua ceannródaíoch leabhar bunscoile in aisce a chuireann leabhair scoile in aisce ar fáil i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta. 

Bainfidh níos mó ná 558,000 dalta atá cláraithe i thart ar 3,230 bunscoil,130 scoil speisialta san áireamh, leas as an infheistíocht mhéadaithe.

Cuirfidh an scéim ní hamháin leabhair scoile, ach leabhair saothair agus cóipleabhair freisin, ar fáil in aisce agus laghdóidh sé seo roinnt de na hualaí airgeadais atá ar theaghlaigh ag am fillte ar scoil.

Beidh Deontas Tacaíochta Riaracháin mar chuid den mhaoiniú a chuirfear ar fáil do scoileanna freisin chun cabhrú le rolladh amach agus cur i bhfeidhm na scéime agus chun an t-ualach riaracháin a mhaolú ar scoileanna.

Cuireann an infheistíocht bhreise de os cionn €50 milliún go mór leis an maoiniú do leabhair scoile a chuirtear ar fáil faoi láthair do gach bunscoil aitheanta sa tír agus comhlíonann sé seo an gealltanas i gClár an Rialtais síneadh a chur leis an scéim phíolótach leabhar scoile in aisce, atá faoi láthair i mbreis agus 100 bunscoil sa chlár DEIS. 

Cinnteoidh an scéim seo nach n-iarrfar ar thuismitheoirí ná ar chaomhnóirí aon leabhar scoile, leabhair saothair nó cóipleabhair a cheannach nó a fháil ar cíos ó Fhómhar 2023. Tá treoir á eisiúint ag an Roinn do scoileanna agus is féidir le haon scoileanna a bhfuil ceisteanna acu faoin scéim dul i dteagmháil go díreach leis an Roinn.

Dúirt an tAire Foley: “Tá an-áthas orm sonraí a fhógairt faoin bpacáiste maoinithe de os cionn €50 milliún a fuarthas i mBuiséad 2023 don scéim nua cinniúnach chun leabhair scoile in aisce a sholáthar i ngach bunscoil agus scoil speisialta. 

“Laghdóidh an beart buan úrnua seo cuid den ualach airgeadais atá ar theaghlaigh maidir le costais filleadh ar scoil.

“Cuirfidh an scéim ar a laghad leabhair scoile, leabhair saothair agus cóipleabhair freisin, ar fáil in aisce do gach dalta atá cláraithe i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta sa scoilbhliain 2023/24.

“Beidh an tionscnamh seo tairbheach do thart ar 558,000 leanbh agus duine óg, a dteaghlaigh agus a scoileanna. Is é cuspóir na scéime nua ná a chinntiú go bhfuil na hacmhainní is gá ag gach leanbh chun oideachas a rochtain agus na hualaí airgeadais a bhaineann le costais filleadh ar an scoil a d’fhéadfadh deacrachtaí airgeadais a chruthú gach bliain do go leor teaghlach a mhaolú freisin”.

“Trí leabhair scoile in aisce a sholáthar dár leanaí bunscoile, táimid ag cur lena n-eispéireas oideachais, ní hamháin sa seomra ranga ach i dtimpeallacht an teaghlaigh freisin.”

Ciallaíonn an scéim nua seo:

  • go gcuirfidh scoileanna leabhair scoile, leabhair saothair agus cóipleabhair ar fáil do gach dalta
  • nach mbeidh gá ag tuismitheoirí nó caomhnóirí na hearraí seo a cheannach nó a fháil ar cíos
  • go gcuirfear dóthain maoinithe ar fáil do scoileanna chun na costais a bhaineann leis na hearraí seo a chlúdach
  • go mbaineann na leabhair scoile leis an scoil agus go gcaithfear iad a thabhairt ar ais don scoil ag deireadh na scoilbhliana
  • go gcuirfear tacaíocht bhreise riaracháin ar fáil do scoileanna

Chun tacú le riaradh na scéime tá deontas á chur ar fáil ag an Roinn do bhunscoileanna don scoilbhliain 2023/24, bunaithe ar mhéid na scoile, chun cúnamh le haon obair bhreise is gá chun an scéim a chur i bhfeidhm. Féadfaidh scoileanna an deontas seo a úsáid chun duine a fhostú d’obair riaracháin ar an scéim.

Dúirt Josepha Madigan TD, an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, “Is cúis áthais dom an tiomantas seo i gClár an Rialtais a bheith curtha i gcrích, le leabhair scoile in aisce do gach dalta i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta. Cuideoidh an tionscnamh seo le tionchar an chostais mhaireachtála mhéadaitheach a laghdú agus cuirfear tacaíocht shuntasach ar fáil do thuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a d’fhéadfadh a bheith ag freastal ar ranganna bunscoile príomhshrutha, ar ranganna speisialta i mbunscoileanna nó ar scoileanna speisialta.

“Tá áthas ar leith orm faoin tsolúbthacht atá sa scéim chun freastal ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ina dtugtar an rogha do scoileanna an maoiniú a úsáid chun acmhainní ranga gaolmhara a cheannach chun freastal ar riachtanais foghlama na ndaltaí ina rang nuair a bhíonn na costais a bhaineann le soláthar leabhair scoile, leabhair saothair agus cóipleabhair chuí comhlíonta. Tá an tsolúbthacht seo thar a bheith tábhachtach do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus atá ag freastal ar ranganna príomhshrutha bunscoile agus don os cionn 19,000 dalta a fhreastalaíonn ar ranganna speisialta i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta.”

Tá treoir foilsithe ag an Roinn do scoileanna agus eolas do thuismitheoirí ar an gcaoi a oibreoidh an scéim nua. gov.ie/leabhairbunscoile

 

 

Críoch 

 

Nótaí d’Eagarthóirí

 

  1. Cúlra

 

Scéimeanna leabhair ar cíos atá i mbunscoileanna faoi láthair

Tá deontas leabhar thart ar €18.2 milliún á sholáthar cheana féin ag an Roinn Oideachais do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta mar chuid den Scéim Saoroideachais chun cúnamh a sholáthar do leabhair, scéimeanna leabhar ar cíos san áireamh, agus spreagtar gach scoil scéimeanna leabhar ar cíos a fheidhmiú chun cuidiú le costais a mhaolú do thuismitheoirí.

 

Faigheann bunscoileanna sa chlár DEIS leithdháileadh de €21 in aghaidh an dalta (€10 breise in aghaidh an dalta i gcomparáid le scoileanna neamh-DEIS).

 

Bhí os cionn 100 bunscoil DEIS páirteach i gclár píolótach leabhair scoile in aisce ón scoilbhliain 2020/21 i leith. Faigheann na scoileanna a ghlacann páirt sa chlár píolótach leithdháileadh de €85 in aghaidh an dalta.

 

As an deontas iomlán €18.2m do leabhar scoile, is é an leithdháileadh don bhunscoil ná €8.86m don scoilbhliain 2022/23. Tá costas €940,592 na scoilbhliana 2022/23 don scéim Phíolótach DEIS i 101 bunscoileanna DEIS san áireamh anseo.

 

Faoin scéim cíosa leabhar atá ann faoi láthair is faoi bhord bainistíochta gach scoile atá sé cinneadh a dhéanamh ar a polasaí féin maidir le húsáid an mhaoinithe seo sa scoil ach glactar leis go nglacfaidh scoileanna cur chuige a bheidh feasach ó thaobh costais nuair a bhíonn leabhair á roghnú le húsáid ina gcuid ranganna.

 

Tá na socruithe maidir leis an scéim atá i bhfeidhm faoi láthair ar fáil i Ciorclán 46/2013

 

Is féidir le scéimeanna cíosa leabhar scoile difríocht an-mhór ar fad a dhéanamh do chostas téacsleabhair a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga. Chuir an Roinn treoirlínte ar fáil do scoileanna in 2012 maidir le scéimeanna cíosa leabhar scoile a fheidhmiú. Bhí sé mar aidhm ag na treoirlínte seo cabhrú le scoileanna scéimeanna cíosa leabhar a bhunú agus a fheidhmiú. Bhí prionsabail dea-chleachtais, bunaithe ar thaithí na scoileanna agus na gcumann tuismitheoirí a d’fheidhmigh scéimeanna cíosa rathúla, ar fáil sna treoirlínte. Ina theannta sin, ag an am chomhaontaigh príomhfhoilsitheoirí oideachais na hÉireann Cód Cleachtais a chur i bhfeidhm a raibh sé mar chuspóir aige cuidiú le costas téacsleabhar a laghdú do thuismitheoirí agus do scoileanna.

 

Faoi láthair tá scéim leabhair ar cíos de chineál éigin i bhfeidhm ag formhór na mbunscoileanna.

 

Scéim Píolótach DEIS

Cuireadh maoiniú breise de €1 mhilliún, a fuarthas ó Bhuiséad 2020, ar fáil do 102 bunscoil sa chlár DEIS, le haghaidh clár píolótach don scoilbhliain 2020/21. Leanadh leis an maoiniú seo don scoilbhliain 2021/22 agus don scoilbhliain 2022/23.

 

Bhí sé mar aidhm ag an gclár píolótach leabhair scoile in aisce a chur ar fáil do leanaí sna scoileanna a bhí páirteach, agus tacú leis na scoileanna sin deireadh a chur le costas leabhar scoile do thuismitheoirí. Cuireadh €64 sa bhreis ar fáil in aghaidh an dalta chun ráta iomlán an deontais leabhar a mhéadú go €85 in aghaidh gach dalta a bhí cláraithe sa scoil.

Chun an clár píolótach a mheas, iarradh ar scoileanna sonraí gach leabhar a ceannaíodh agus an costas a bhain leo a thaifeadadh.

 

Bhí teagmháil ag an Roinn le roinnt de na scoileanna a bhí páirteach sa chlár píolótach agus scrúdaíodh freisin an t-eolas a fuarthas ó na scoileanna a bhí páirteach sa scéim phíolótach nuair a bhí an togra don scéim nua á fhorbairt do gach bunscoil sa chóras saoroideachais.

 

  1. An Scéim Leabhair Scoile Saor in Aisce

Beidh cur i bhfeidhm na scéime tógtha ar an scéim cíosa leabhar scoile atá ar fáil cheana féin i 96% de bhunscoileanna aitheanta agus ar an scéim phíolótach leabhar scoile in aisce a cuireadh ar fáil do os cionn céad bunscoil DEIS le trí bliana scoile anuas.

Tá an scéim ann ar an mbonn go gcuirfear cistí ar fáil go díreach do scoileanna chun leabhair scoile, leabhair saothair, cóipleabhair agus, nuair is féidir, roinnt acmhainní ranga gaolmhara a cheannach. Ceannaíonn scoileanna leabhair agus acmhainní go díreach ó sholáthraithe leabhar scoile mar chuid d’fheidhmiú na scéime cíosa leabhar scoile. 

Beidh rogha ag scoileanna maidir leis an gcaoi a úsáidtear an maoiniú deontais leabhar scoile in aisce ar an mbonn go gcuireann sé deireadh le costas iomlán leabhair scoile, leabhair saothair, cóipleabhair agus, nuair is féidir, roinnt acmhainní ranga gaolmhara do thuismitheoirí. Mar sin ní gá iarraidh ar thuismitheoirí leabhair scoile, leabhair saothair ná cóipleabhair a cheannach nó ranníocaíocht a dhéanamh i dtreo chostas na nithe seo.

Déanfaidh an scéim iarracht luach ar airgead a chinntiú, agus a chinntiú go dtacófar le scoileanna chun an scéim a chur i bhfeidhm ar bhealach a ghnóthóidh na torthaí foghlama is fearr do dhaltaí. Beidh neamhspleáchas i gcónaí ag scoileanna leabhair a roghnú a oireann do riachtanais an churaclaim.

Is leis na scoileanna na leabhair i gcónaí agus cinnteoidh scoileanna, chomh fada agus is féidir, go dtabharfar na téacsleabhair ar fad ar ais ag deireadh na scoilbhliana le h-athúsáid an bhliain dár gcionn.

  1. Doiciméad Treorach

Tá doiciméad treorach forbartha do bhunscoileanna faoin gcaoi a fheidhmeoidh an scéim. Tá an Roinn tar éis Deontas Tacaíochta Riaracháin a chur san áireamh freisin do bhunscoileanna chun cuidiú le rolladh amach agus cur i bhfeidhm na scéime agus chun an t-ualach riaracháin ar scoileanna a mhaolú. Tá an treoir foilsithe ag gov.ie/leabhairbunscoile

 

  1. Maoiniú

Eiseofar an maoiniú go díreach chuig scoileanna i mí Aibreáin 2023.

  1. Soláthar

D’fhoilsigh an tAonad um Sholáthar do Scoileanna laistigh den Roinn Oideachais treoir i 2017 do scoileanna ar dhea-chleachtais soláthair.

Tá dualgais ar scoileanna cheana féin i leith na dTreoirlínte Soláthair Náisiúnta agus i leith na reachtaíochta a rialaíonn soláthar poiblí in Éirinn nuair a bhíonn earraí agus seirbhísí á bhfoinsiú acu.

 

Cuireann na Treoirlínte Soláthair Náisiúnta, a d’fhorbair an Oifig um Sholáthar Rialtais, an cleachtas is fearr agus is comhsheasmhaí chun cinn maidir leis na rialacha soláthair phoiblí a fheidhmiú ó thaobh ceannach earraí agus seirbhísí.