Published on 

Seolann an tAire Foley Feachtas chun freastal scoile a spreagadh agus maoiniú breise do gach scoil chun tacú le tionscnaimh freastail scoile

 

Seolann an tAire Foley Feachtas chun freastal scoile a spreagadh agus maoiniú breise do gach scoil chun tacú le tionscnaimh freastail scoile

 

Inniu, chuir an tAire Oideachais Norma Foley TD in iúl go bhfuil €6 mhilliún ar fáil mar mhaoiniú aonuaire chun freastal a thacú agus a chur chun cinn i mbunscoileanna, in iar-bhunscoileanna agus i scoileanna speisialta.

Déanfaidh Seirbhísí Tacaíochta Oideachais Tusla (STOT) agus an Roinn Oideachais feachtas a rolladh amach le linn na scoilbhliana 2023/24 a bhfuil sé mar chuspóir aige an tábhacht a bhaineann le tinreamh ag leibhéal ranga nó scoile a chur chun cinn.

Agus an feachtas á sheoladh, dúirt an tAire Foley, “Mar Aire Oideachais, tuigim an tábhacht a bhaineann le hoideachas cuimsitheach do gach leanbh agus duine óg. Tá sé mar phríomhchuspóir agam gníomhaíochtaí a chur chun cinn agus a thacú ina gcinnteofar gur timpeallacht fháilteach, chothaitheach shábháilte do chách é suíomh na scoile. Tá tinreamh scoile tábhachtach chun tacú le gnóthachtáil, folláine, agus forbairt leanaí agus daoine óga i gcoitinne, agus tá tinreamh rannpháirteach rialta scoile ina thuar láidir ar thorthaí rathúla oideachais.

Dúirt an tAire freisin: “Tá an feachtas freastail tráthúil os rud é go bhfuilimid tagtha amach as tréimhse COVID. Thar aon uair cheana, táimid eolach ar an tábhacht a bhaineann le tinreamh rialta scoile dár leanaí agus an tionchar a bhíonn aige ar fhorbairt chognaíoch agus shóisialta daoine óga agus ar a bhfolláine i gcoitinne, go háirithe lena chinntiú go mbíonn siad i dteagmháil lena gcomhscoláirí agus le daoine eile i bpobal na scoile. Tá an feachtas seo ag teacht le fís mo Roinne do chóras oideachais ina mothaíonn gach leanbh agus duine óg go bhfuil meas orthu agus ina dtacaítear leo agus ina gcothaítear iad go gníomhach chun a lánacmhainneacht a bhaint amach.”

 

Is í an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla) an ghníomhaireacht stáit tiomnaithe atá freagrach as folláine agus torthaí a fheabhsú do dhaltaí. Tá Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (STOT) ina phríomhshnáithe seirbhíse laistigh de Tusla, faoi shainchúram na Roinne Oideachais. Bíonn an tseirbhís ag feidhmiú go leanúnach chun bonn a chur faoin tábhacht a bhaineann le tinreamh, rannpháirtíocht agus coinneáil scoile do gach dalta.

 

Déanfar tinreamh scoile rialta a chur chun cinn trí fheachtas teachtaireachtaí dearfacha, comhphlean cumarsáide idir an Roinn agus STOT, sraith de sheimineáir ghréasáin d’ábhair bholscaireachta ceannairí scoile, agus stór faisnéise, acmhainní agus uirlisí maidir le tinreamh a chur chun cinn. Díreofar i gcónaí le linn an fheachtais ar fheabhsuithe tinrimh a chur chun cinn ag leibhéal ranga nó scoile.

 

Chun an dearcadh idirnáisiúnta is fearr a bheith ag an bhfeachtas, thug STOT cuireadh don Dr. Patricia Graczyk a saineolas sa réimse seo a chur ar fáil. Is síceolaí cliniciúil agus scoile í an Dr Graczyk agus tá sí faoi láthair ina hOllamh Cúnta le Síceolaíocht Chliniciúil in Ollscoil Illinois i Chicago. Tá a réimsí spéise taighde reatha dírithe ar leas a bhaint as creat sraitheach scoilbhunaithe de chleachtais fhianaise-bhunaithe chun tinreamh scoile a chur chun cinn, fadhbanna bainteach le tinreamh scoile a laghdú mar aon le himní, dúlagar agus tráma i leanaí agus i ndaoine óga a chosc agus a chóireáil. Tá an Dr Graczyk tar éis oibriú i gcomhar le taighdeoirí agus údaráis scoile san Astráil, i gCeanada, sa Ghearmáin, san Ísiltír agus san Iorua. Maidir leis an bhfeachtas, dúirt an Dr Graczyk:

 

"Táim ag tnúth le bheith páirteach i bhfeachtas Tinrimh STOT! Seo é bun agus barr an scéil: Mura bhfuil daltaí ag freastal ar scoil, ní féidir leo leas a bhaint as na deiseanna saibhrithe acadúla, sóisialta agus teanga atá ar fáil sa scoil agus a chothaíonn a bhfolláine agus a rath sa saol." 

 

Dúirt an tAire Foley freisin: ‘Mar chuid de Bhuiséad 2023, tá maoiniú aonuaire de bhreis is €8m faighte agam do bhearta chun tinreamh scoile, rannpháirtíocht agus coinneáil i ndiaidh COVID-19 a fheabhsú ina mbeidh béim ar leith ar thacú leis na leanaí agus na daoine óga sin atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil. Tá méadú 5% leithdháilte agam cheana féin ar an gClár Críochnaithe Scoile. Táim ag fógairt inniu go leithdháilfear an chuid eile den mhaoiniú seo ar gach scoil chun tacú leis an bhfeachtas seo. Tréaslaím le STOT as an obair atá déanta aici go dtí seo chun an feachtas a fhorbairt agus molaim do gach scoil páirt a ghlacadh sna seimineáir ghréasáin fhaisnéiseacha a chuirfear ar fáil le linn na scoilbhliana seo.’

 

Sonraí na seimineár gréasáin atá beartaithe

 

Tá sonraí na seimineár gréasáin atá beartaithe ar fáil ag –  https://www.gov.ie/en/publication/69a49-national-school-attendance-campaign-2023/

 

 

CRÍOCH

 

 

Nótaí don Eagarthóir:

Ag leibhéal na scoile, tacóidh an Roinn agus na trí shnáithe STOT, is iad sin an tSeirbhís Leasa Oideachais (SLO) reachtúil agus an dá sheirbhís tacaíochta scoile, an Scéim Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (TBSP) agus an Clár Críochnaithe Scoile (CCS) leis an bhfeachtas seo.