Taispeántas á sheoladh ag Peter O’Toole, Maor i bPáirc Náisiúnta Chill Airne a chuaigh ar scor le gairid
Seolfar A Ranger’s View – Killarney National Park Dé Sathairn an 30 Samhain 2019 ag 7pm i dTeach agus Gairdíní Chill Airne - ionad cuairteoirí agus tairseach nua chuig Páirc Náisiúnta Chill Airne.
Mar chuid den taispeántas seo, déanfar saothar Peter O’Toole, a bhí ina mhaor i bPáirc Náisiúnta Chill Airne agus a chuaigh ar scor le gairid, a chur os comhair an phobail. Léirigh sé an grá atá aige don dúlra sna grianghraif a thóg sé le linn a shaoil oibre a mhair 40 bliain.
Bhí an dúlra i gcónaí ina chuid dá shaol agus é ag fás aníos i mbaile álainn Chill Airne, tráth a dtugadh a athair agus a sheanathair é amach chuig na lochanna agus na cnoic mórthimpeall an bhaile. I mí Meithimh na bliana 1980, fuair sé an post ab ansa leis, post ina 'Constábla Páirce', post ar a tugadh 'Maor Caomhantais' ina dhiaidh sin.
I rith na mblianta sin chuir Peter eolas maith ar 26,000 acra Pháirc Náisiúnta Chill Airne agus dhírigh sé a shaineolas ar an bhFia Rua a bhainistiú, an choillearnach a chaomhnú agus ar rialú leanúnach an speicis ionraigh, an Róslabhras.
Tá taispeántas álainn de ghrianghraif a thóg Peter curtha i dtoll a chéile ag Páirc Náisiúnta Chill Airne, taispeántas ina gcuirtear na háiteanna sa Pháirc atá galánta agus na háiteanna nach bhfuil an oiread sin eolas ag daoine orthu a mbíonn na maoir i mbun oibre iontu gach lá os comhair an phobail.
Dúirt Peter O’Toole roimh an seoladh:
Thosaigh mé ar ghrianghraif a ghlacadh den tírdhreach roinnt blianta ó shin, agus thug sé sin deis dom áilleacht Chill Airne i rith shéasúir na bliana a léiriú.
Glacadh mo chuid grianghraf ar fad i gceantar Pháirc Náisiúnta Chill Airne agus tá sé faighte amach agam, mar gheall ar an gcur amach atá agam ar an bpáirc mar aon le húsáid a bhaint as mo bhád, go bhfuilim in ann amharc ar áilleacht Chill Airne agus an áilleacht sin a chur in iúl i bpeirspictíocht eile’
CRÍOCH
** Íomhánna ar fáil ó Valerie O’Sullivan
Seoladh Ríomhphoist - valerieosullivanf8@gmail.com
NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ
Beidh an taispeántas seo oscailte don phobal seacht lá na seachtaine idir 9am – 5:30pm i dTeach & Gairdíní Chill Airne. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar https://www.killarneynationalpark.ie/a-rangers-view
Níos mó eolais ar Peter O’Toole ar fáil ag https://www.peterotoolephotography.com/