Foilsithe ar 

Seoladh Chomhairliúchán Poiblí ar Dhréachtphrionsabail an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise

Seoladh Chomhairliúchán Poiblí ar Dhréachtphrionsabail an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise

 

Tugtar cuireadh don phobal a dtuairimí a chur isteach roimh an 20 Deireadh Fómhair

 

Inniu chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, fáilte roimh sheoladh an chomhairliúcháin phoiblí ar fhorbairt an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise. Tá sonraí iomlána agus ceistneoir an chomhairliúcháin ar fáil anseo agus beidh an comhairliúchán ar oscailt le haghaidh aighneachtaí go dtí 5pm Dé hAoine an 20 Deireadh Fómhair. 

 

Mar chuid dá dtuarascáil, d’aithin an Coimisiúin um Thodhchaí na Meán go raibh gá le gníomhaíocht níos comhordaithe agus níos straitéisí chun dul i ngleic leis an tionchar díobhálach atá ag an mbréagaisnéis ar shochaí agus ar dhaonlathas na hÉireann. Mar sin, mhol siad go bhforbrófaí Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise.

 

I mí Feabhra 2023, bhunaigh an Roinn grúpa oibre ilpháirtithe leasmhara chun an Straitéis a fhorbairt. Tá sé mar aidhm acu iarrachtaí earnála a chomhordú chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus cur chuige comhtháite a sholáthar a fhéachann le cruthú agus leathadh ábhair atá bréagach agus díobhálach a laghdú.

 

Chuir an Grúpa Oibre Páipéar Measta Raon Feidhme le chéile ina leagtar amach achoimre ar réimse ceisteanna a bhaineann le bréagaisnéis. Leagtar amach ann freisin cúig dhréachtphrionsabal ar a bhféadfaí straitéis a fhorbairt. Sa chomhairliúchán poiblí iarrtar ar dhaoine a dtuairimí a thabhairt faoi na prionsabail sin agus a gcuid smaointe a thabhairt do ghníomhartha a chuideodh lena gcur i gcrích.

 

Ag cur fáilte roimh sheoladh an chomhairliúcháin phoiblí, dúirt an tAire:

 

 

Is ceist chasta í an bhréagaisnéis. Is é sin an fáth ar bhunaíomar an grúpa oibre ilpháirtithe leasmhara seo, a raibh cathaoirleacht neamhspleách air, chun ionadaithe ón tionscal, ón saol acadúil, ón tsochaí shibhialta agus ó Ranna Rialtais a thabhairt le chéile chun Straitéis a fhorbairt a chabhródh le comhordú a dhéanamh ar na hiarrachtaí go léir atá á ndéanamh chun an bhréagaisnéis a chomhrac.

 

Cuid thábhachtach den obair is ea tuairimí an phobail a lorg, agus sin é aidhm an chomhairliúcháin phoiblí seo. Mholfainn do dhaoine athbhreithniú a dhéanamh ar an bPáipéar Measta Raon Feidhme, a fhéachann le hachoimre ar na príomhcheisteanna agus na cúig dhréachtphrionsabal a leagan amach, agus a dtuairimí a chur isteach.

 

Tá an comhairliúchán ar oscailt ar líne inniu, an 25 Meán Fómhair, ar feadh ceithre seachtaine go dtí 5pm Dé hAoine an 20 Deireadh Fómhair.

 

Nuair a thabharfar an próiseas comhairliúcháin chun críche, déanfaidh an Grúpa Oibre athbhreithniú ar na haschuir agus leanfaidh siad lena gcuid oibre ar fhorbairt na Straitéise. Beidh an chéad chéim eile den chomhairliúchán ina fhóram comhairliúcháin ansin do pháirtithe leasmhara chun aschuir an chomhairliúcháin a phlé. Táthar ag súil le straitéis a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.

 

CRÍOCH

 

An Oifig Phreasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Teil: 01 6437610

Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie

Láithreán gréasáin: www.gov.ie/dtcagsm

Twitter: https://twitter.com/DeptCulturelRL

Facebook: https://www.facebook.com/DepartmentofCultureIRL

Instagram: https://www.instagram.com/tourism.culture.gaeltacht/

LinkedIn: https://www.linkedin.com/company/departmentofcultureirl

 

 

Nótaí d’Eagarthóirí

 

Tá sonraí iomlána an chomhairliúcháin ar fáil anseo.

 

Tá an Grúpa Oibre ag teacht le chéile go rialta ó mhí Feabhra i leith. Tá miontuairiscí gach cruinniú, chomh maith le cur i láthair agus obair na dtrí fhoghrúpa a bhfuil sé de chúram orthu na téarmaí tagartha a iniúchadh go mion ar fáil anseo.

 

Leagtar amach thíos na cúig phríomhphrionsabal don straitéis:

  • Cuir in aghaidh bréagaisnéise agus saoirse cainte a chosaint ag úsáid cur chuige bunaithe ar chearta
  • Cuir in aghaidh bréagaisnéise trí acmhainneacht agus muinín a chothú – ag leibhéil aonair agus sochaíocha
  • Cuir in aghaidh bréagaisnéise trí chomhoibriú agus comhordú méadaithe
  • Cuir in aghaidh bréagaisnéise trí chuntasacht chorparáideach agus forfheidhmiú rialála
  • Cuir in aghaidh bréagaisnéise trí fhrithbhearta agus idirghabhálacha atá bunaithe ar fhianaise

 

Seo a leanas baill an Ghrúpa Oibre:

  • An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Méan
  • An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Comhtháthaithe agus Óige
  • An Roinn Oideachais/Webwise
  • An Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta
  • An Roinn Gnóthaí Eachtracha
  • An Roinn Sláinte/Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte
  • An Roinn Dlí is Cirt
  • Roinn an Taoisigh
  • European Digital Media Observatory (EDMO) Ireland Hub at DCU FuJo
  • Comhairle na hÉireann um Shaoirsí Sibhialta
  • Comhlachas Leabharlanna na hÉireann
  • Litearthacht na Meán in Éirinn
  • Comhairle na nÓg
  • An tIonad Náisiúnta Cibearshlándála
  • An Coimisiún Toghcháin
  • Coimisiún na Meán
  • Oifig Ombudsman an Phreasa
  • Teicneolaíocht Éireann