Foilsithe ar 

Tionscadail Infheistíochta Ealaíon Oileán Comhroinnte

Tionscadail Infheistíochta Ealaíon Oileán Comhroinnte

 

 

Inniu d’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar TD, an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin TD tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, cúig thionscadal infheistíochta nua uile-oileáin sna hEalaíona, atá á seachadadh le leithdháileadh iomlán €7.4m ó Chiste Oileán Comhroinnte an Rialtais.

 

Thug an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann na tionscadail ar aghaidh agus cheadaigh an Rialtas iad i mí Iúil 2022, faoi réir gach togra tionscadail a thabhairt chun críche.

 

Oibríonn an dá Chomhairle le chéile go minic chun cláir Ealaíon ar an oileán a chómhaoiniú. Comhlánóidh agus tacóidh leithdháiltí an Chiste Chomh-Oileáin leis an gcomhoibriú seo, le tacaíocht chaipitil do bhonneagar ealaíon agus cultúrtha le fócas sainithe uile-oileáin. Déanfaidh comhpháirtithe ealaíon, Thuaidh agus Theas, na cúig thionscadal a sheachadadh chun áiseanna nua agus deiseanna a sholáthar do mhalartú ealaíonta, coimeádaíocht agus rannpháirtíocht lucht féachana ar fud an oileáin.

 

Dúirt an Taoisigh Leo Varadkar TD:

 

"Tá sé mar aidhm ag tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte daoine a tharraingt le chéile ó gach cearn den oileán. Is féidir é sin a dhéanamh trí chultúr agus na healaíona, ag baint leasa astu le daoine a thabhairt le chéile seachas a mhalairt. Tá éagsúlacht sa chúig thionscadal: borradh a chur faoi chartlanna ailtireachta agus scannánaíochta amaitéaracha, stiúideonna nua don cheol traidisiúnta agus do na na hamharcealaíona, agus tréimhse chónaithe trasteorann do scríbhneoirí. Beidh tionscadail nua ann le nasc a chruthú idir ealaíontóirí ó Thuaidh agus ó Dheas. Is mór agam go bhfuil maoiniú faoi thionscanmh an Oileáin Chomhroinnte in úsáid leis na healaíona a chur chun cinn, rud a chuirfidh go mór leis an tuiscint ar shaolta agus ar chultúr in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Freisin, is céim mhór é seo leis an ngné uile-oileánda de chlár Éire Ildánach a leathnú amach"

 

Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin TD:

 

“Tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil cúig thionscadal infheistíochta nua sna hEalaíona ag bogadh ar aghaidh inniu, arna maoiniú ag ciste an Oileáin Chomhroinnte. Tá tábhacht ar leith ag na hEalaíona le léargas agus spreagadh a thabhairt don tsochaí, agus iad rílarnach ar an Oiléan seo a roinnimid".

 

“Molaim an comhoibriú atá ann le fada an lá idir an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann chun na tionscadail seo a fhorbairt, a chumasóidh idirghníomhú trasteorann ar Oidhreacht Ailtireachta agus Scannán, Ceol Traidisiúnta, Scríbhneoireacht agus na hAmharcealaíona.”

 

Dúirt an tAire Catherine Martin TD:

 

“Tá ról ríthábhachtach ag na healaíona agus ag an gcultúr inár saol agus tá acmhainneacht iontach acu daoine a thabhairt le chéile. Tá lúcháir orm na dámhachtainí seo a fheiceáil do chúig thionscadal a chuirfidh gné mhór Oileán Comhroinnte le hinfheistíocht an Rialtais sna hEalaíona. Soláthróidh na tionscadail deiseanna nua caidrimh agus tuiscint a chothú trí na hEalaíona do dhaoine ar fud phobail agus thraidisiúin uile an oileáin seo.”

 

Is iad na cúig thionscadal atá maoinithe ag an Oileán Comhroinnte ná:

 

  • Cartlann Ailtireachta na hÉireann - €100k chun digitiú feabhsaithe agus inrochtaineacht a sholáthar do thaifid ailtireachta uile-oileáin.

 

  • Institiúid Scannán na hÉireann - €200k chun cartlann scannánaíocht amaitéarach a chruthú agus a choimeád i dTuaisceart Éireann agus i réigiún na teorann. Oibreoidh an Institiúid le comhpháirtithe chun scannáin ón gcartlann seo a thaispeáint don lucht féachana ar líne agus go réigiúnach.

 

  • Cartlann Cheol Traidisiúnta na hÉireann - €1m chun spás stiúideo nua agus digitiú a fhorbairt. Forbrófar sa Chartlann spás stiúideo cónaithe nua agus feabhsóidh sé an cumas digitithe chun comhoibriú uile-oileáin idir Ealaíontóirí agus Cartlannaí a chur chun cinn.

 

  • Ionad Tyrone Guthrie in Eanach Mhic Dheirg - suas le €1.5m chun stiúideo nua amharc-ealaíon a chruthú.Stiúideo d’ealaíontóirí de gach cineál, ag malartú idir Éire agus Tuaisceart Éireann, in Ionad Tyrone Guthrie in Eanach Mhic Dheirg.

 

  • Cónaitheachtaí Scríbhneoirí Bellaghy Bawn - suas le €4.6m chun cónaitheachtaí a fhorbairt ag foirgneamh stairiúil i mBaile Eachaidh, áis chónaithe trasteorann a chruthú do scríbhneoirí le bheith ag obair agus ag idirghníomhú, i bhfoirgneamh stairiúil inspioráideach i sráidbhaile Bhaile Eachaidh, gar d’áit bhreithe agus do bhaile óige Seamus Heaney. Tá an dearadh deiridh agus an cás gnó faoi réir faofa agus cuirfidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcomhar leis an Roinn Pobail i dTuaisceart Éireann, le Comhairle Ceantair Lár Uladh agus le heagraíochtaí ealaíon comhpháirtíochta ar aghaidh é ar bhonn trasteorann.

 

Chomh maith leis na leithdháiltí caipitil atá á gcur ar fáil, beidh an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann ag obair le chéile chun cláir Ealaíon a chómhaoiniú ar bhonn comhoibríoch trasteorann.

 

 

CRÍOCH

 

An Oifig Phreasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Teil: 01 6437610

Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie

Láithreán gréasáin: www.gov.ie/dtcagsm

Twitter: https://twitter.com/DeptCulturelRL

Facebook: https://www.facebook.com/DepartmentofCultureIRL

Instagram: https://www.instagram.com/tourism.culture.gaeltacht/

LinkedIn: https://www.linkedin.com/company/departmentofcultureirl

 

 

Nótaí don Eagarthóir:

 

Tionscadail infheistíochta Ealaíon Oileán Comhroinnte:

 

  • Mhol an Chomhairle Ealaíon tionscnaimh infheistíochta Ealaíon Oileán Comhroinnte i gcomhar le Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. Oibríonn an dá Chomhairle le chéile go minic chun Tacaíochtaí Ealaíon ar an oileán a chómhaoiniú. Comhlánóidh agus tacóidh leithdháiltí Chiste Chomh-Oileáin leis an gcomhoibriú seo, le tacaíocht chaipitil do bhonneagar ealaíon agus cultúrtha le fócas sainithe uile-oileáin.

 

  • Tá maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó Chiste Comhroinnte an Rialtais trí Chomhaontuithe Seirbhíse leis na heagraíochtaí seachadta Ealaíon.

 

  • Cuirfidh an Roinn maoiniú ar fáil do thionscadal Bellaghy Bawn i gcomhar leis an Roinn Phobail i dTuaisceart Éireann, Comhairle Cheantar Lár Uladh agus comhpháirtithe na n-eagraíochtaí Ealaíon. Déanfaidh na Comhairlí Ealaíon cómhaoiniú ar an gclár cónaitheachta ar shamhail atá cosúil leis an gcomhoibriú agus an chómhaoiniú atá ar siúl cheana féin d’Ionad Tyrone Guthrie ag Eanach Mhic Dheirg, Muineachán. Is Séadchomhartha faoi Chúram an Stáit é Bellaghy Bawn atá faoi úinéireacht an Roinn Phobail. Beidh an tionscadal faoi réir na bpróisis cheadaithe riachtanacha.

 

  • Fógrófar tuilleadh faisnéise trí sheoltaí comhpháirtithe seachadta na heagraíochta ealaíon do gach tionscadal sna míonna amach romhainn.

 

Tionscnamh Oileán Comhroinnte:

  • Mar a fhoráiltear i gClár an Rialtais, tá an tionscnamh Oileán Comhroinnte á thabhairt chun cinn ag an Rialtas, chun oibriú le gach pobal ar son todhchaí comhroinnte, a bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta mar thaca aige.  Baineann sé seo le:

 

  • infheistíocht chomhoibríoch uile-oileáin nach bhfacthas riamh cheana, tríd an gCiste Oileán Comhroinnte;
  • plé a dhéanamh le gach pobal maidir le cé chomh praiticiúil agus a roinnimid an t-oileán amach anseo, trí shraith comhráite Oileán Comhroinnte; agus,
  • bonn fianaise agus anailís níos láidre a sholáthar ar an oileán ar fad, trí chlár taighde foilsithe.

 

  • Is iad Airí na hÉireann agus a Ranna a thugann an tionscnamh chun cinn ar bhonn Rialtais iomlán, á thiomáint agus á chomhordú trí aonad Oileán Comhroinnte i Roinn an Taoisigh.

 

  • Leithdháil an Rialtas €247m go dtí seo ón gCiste Oileán Comhroinnte, ag dul ar aghaidh le gealltanais trasteorann, lena n-áirítear athchóiriú Chanáil Uladh agus infheistíocht chaipitiúil ar champas Dhoire Ollscoil Uladh, agus tús a chur le tionscadail agus cláir uile-oileáin nua a fhreagraíonn do leasanna agus ábhair imní comhroinnte.