Foilsithe ar 

32 Leasú ceadaithe chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a neartú

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers T.D. agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. go bhfuil ceannteidil 32 leasú ceadaithe ag an Rialtas chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a neartú.

 

Dúirt an tAire Stáit, Jack Chambers:

 

“Is mór an onóir domsa, mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht i ndáil leis an nGaeltacht, deis a bheith agam ár dteanga dhúchais a chur chun cinn, ní hamháin sa Ghaeltacht ach ar fud oileán na hÉireann freisin. Trí mhéadú agus feabhsú a dhéanamh ar na seirbhísí a sholáthraítear trí Ghaeilge, cinnteofar go dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le soláthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge do chainteoirí Gaeilge agus do phobail Ghaeltachta araon agus, chomh maith leis sin, ar dhúshláin agus ar dheiseanna maidir le hearcú cainteoirí Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí. Tá timpeallacht ina n-aithnítear ár dteanga dhúchais go forleathan mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit, agus ina nglactar léi amhlaidh, á forbairt agus á cothú tuilleadh againn. Tar éis dom éisteacht le teachtaí inné ag cruinniú den Choiste Oireachtais don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do Phobal Labhartha na Gaeilge, beidh mé ag tabhairt deis d’ionadaithe an fhreasúra suí síos liom sna seachtainí amach romhainn chun na leasaithe seo a phlé.”

 

Ina theannta sin, nuair a bhí na leasuithe a cheadaigh an Rialtas á bhfógairt ag an Aire Chambers an tseachtain seo, dúirt sé:

 

“Fáiltíodh go forleathan roimh fhoilsiú Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) sa bhliain 2019 ach bhain roinnt ábhar cáinte leis an easpa spriocdhátaí nó amchláir i leith tionscnaimh ar foráladh dóibh sa Bhille. Níos túisce i mbliana, glacadh le roinnt leasuithe Rialtais ag Céim an Choiste. Fáiltím roimh an 32 leasú breise seo a thabharfaidh mise os comhair Dháil Éireann ag Céim na Tuarascála. I measc na bpríomhleasuithe, áirítear an méid seo a leanas: 

 

  • Ceanglas ar dá réir gurb amhlaidh, faoin 31 Nollaig 2030, go mbeidh 20% de na hearcaithe nua sa tseirbhís phoiblí inniúil ag labhairt na Gaeilge.
  • Oibleagáid ar an Aire dátaí a shonrú le Rialachán - laistigh de 3 mhí ó thráth glactha an Phlean Náisiúnta maidir le Soláthar Seirbhísí Poiblí trí mheán na Gaeilge dá bhforáiltear sa Bhille cheana féin - arb iad na dátaí iad ar fúthu a sholáthrófar gach seirbhís phoiblí i ngach ceann ar leith de na 26 Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta arna mbunú faoi Acht na Gaeltachta, 2012 agus ar fúthu a oibreofar gach oifig phoiblí sna Limistéir Pleanála Teanga sin trí mheán na Gaeilge. Comhlánóidh an fhoráil sin na forálacha atá ann in Acht na Gaeltachta, 2012, agus a bhaineann le forbairt pleananna teanga i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a mbeidh cur i bhfeidhm iomlán na bpleananna sin ag brath go mór ar sheirbhísí poiblí a sholáthar i nGaeilge sna pobail sin.
  • Ceanglas ar dá réir a dhéanfaidh gach comhlacht poiblí 20% ar a laghad dá fhógraíocht bhliantúil i nGaeilge agus 5% dá fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.
  • Ceanglas ar dá réir a bheidh ‘síneadh fada’ ar fáil i ngach córas TFC a oibríonn comhlachtaí poiblí.
  • Ceanglas ar dá réir nach mór d’aon oibreoir tráchtála a sholáthraíonn seirbhísí poiblí faoi chonradh do chomhlacht poiblí socrú a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge mar chuid de na seirbhísí sin.
  • Coiste Logainmneacha reachtúil a chur in ionad an Choimisiúin Logainmneacha chun comhairle a thabhairt don Aire maidir le hOrduithe Logainmneacha a dhéanamh.

 

“Tá mé féin agus an tAire Martin tiomanta i leith an Bhille seo agus i leith na leasuithe atá á moladh chun é a neartú. Tá cuid mhór de na leasuithe atá á moladh anois bunaithe ar shaincheisteanna a d’ardaigh an freasúra ag Céim an Choiste agus léiríonn ceadú na leasuithe sin toilteanas an Rialtais seo i leith éisteacht le hábhair imní pobal Gaeilge agus Gaeltachta agus i leith gníomh a dhéanamh maidir leis na hábhair imní sin. Ar bhonn ghealltanas an Rialtais i straitéis ‘Athnuachan na Státseirbhíse 2030’ a foilsíodh le déanaí, mar atá, an Plean Náisiúnta maidir le Soláthar Seirbhísí Poiblí trí mheán na Gaeilge dá bhforáiltear sa Bhille a chur i bhfeidhm, creideann an bheirt againn go mór go neartóidh na leasuithe stádas na Gaeilge san earnáil Stáit, á chinntiú go mbeidh seirbhísí ardchaighdeáin Gaeilge á soláthar ag an tseirbhís phoiblí do dhaoine sa phobal Gaeilge agus i gceantair Ghaeltachta.”

 

Dúirt an tAire Martin T.D. an méid seo a leanas:

 

“Tá lúcháir orm gur ghlac an Rialtas leis na leasuithe seo a lorg mé féin agus an tAire Stáit Chambers ós rud é go dtugann siad aghaidh ar ábhair imní agus ar shaincheisteanna a ardaíodh tar éis comhairliúchán forleathan le páirtithe leasmhara agus tar éis díospóireacht a mhair thart ar 25 uair an chloig ag Céim an Choiste. Tá na leasuithe seo i gcomhréir le huaillmhian bheartais fhoriomlán an Stáit maidir le tacú leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn.

 

Feabhsóidh an 32 leasú oibriú foriomlán Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, á chinntiú go leanann an reachtaíocht iomchuí de ghníomhú ina sásra éifeachtach chun staid Bhunreachtúil na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit a léiriú agus chun a chinntiú go bhfuil seirbhísí poiblí i nGaeilge ar fáil chun freastal a dhéanamh ar riachtanais cainteoirí Gaeilge. Is é mo chomhghleacaí, an tAire Stáit Chambers a thíolacfaidh na leasuithe ag Céim na Tuarascála.”

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán Gréasáin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil ANSEO.

 

Nótaí d’Eagarthóirí

 

Trí uasdátú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, beifear in ann Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú. Déantar feidhmeanna an Choiste Chomhairligh a leagan amach sa Bhille, lena n-áirítear foilsiú Plean Náisiúnta maidir le méadú a dhéanamh ar na seirbhísí a sholáthraítear trí mheán na Gaeilge. Beidh an plean i bhfeidhm ar feadh 6 bliana.

 

Gné shuntasach eile de chuid an Bhille is ea an córas scéimeanna teanga láithreach a ionadú trí chaighdeáin teanga a thabhairt isteach do chomhlachtaí poiblí agus, dá réir sin, beidh ar chomhlachtaí poiblí caighdeáin níos airde a bhaint amach trí thuilleadh teagmhála a dhéanamh leis an bpobal.  Mar thoradh ar an gcóras nua seo, déanfaidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tar éis comhairle a ghlacadh le Ranna Rialtais agus le gníomhaireachtaí Rialtais, liosta caighdeán a fhoilsiú nach mór do na Ranna agus na gníomhaireachtaí sin cloí leo le linn seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge.

 

Tá sé beartaithe leis an mBille freisin a cheangal ar chomhlachtaí poiblí úsáid ainm agus seoladh duine i nGaeilge a éascú le linn cumarsáid a dhéanamh le comhlachtaí poiblí agus a cheangal ar gach comhlacht poiblí nua ainmneacha agus lógónna Gaeilge nó dátheangacha a bheith acu.

 

Ina theannta sin, tabharfaidh an Bille éifeacht do leasuithe a bhfuil gá leo mar gheall ar dheireadh a chur leis an gCoimisiún Logainmneacha, mar a fhoráiltear sa Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí 2011. Tá Coiste Logainmneacha á chur in ionad an Choimisiúin Logainmneacha agus tabharfaidh an Coiste sin comhairle don Aire maidir le hOrduithe Logainmneacha a dhéanamh.

 

 

Ceannteidil Leasuithe atá le cur i láthair ag Céim na Tuarascála

 

Leasú 1: Míniú ar ‘Foirm oifigiúil’ a chur san áireamh mar a d’iarr an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

 

Leasuithe 2, 3, 4 agus 5: Mar thoradh ar na leasuithe seo, beidh ar an Aire treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint laistigh de thrí mhí ó achtú an ailt seo chun cabhrú le comhlachtaí poiblí a n-oibleagáidí i ndáil le húsáid ainmneacha, seoltaí agus teideal daoine aonair i nGaeilge a chomhlíonadh.

 

Leasú 6: Mar thoradh ar an leasú seo, beidh ar cheann comhlachta phoiblí duine de chuid a lucht bainistíochta sinsearaí a ainmniú chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha Achtanna na dTeangacha Oifigiúla laistigh den chomhlacht sin. Chomh maith leis sin, ceanglóidh an leasú seo ar an duine sin tuarascáil bhliantúil i scríbhinn a sholáthar don Cheann maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le cur i bhfeidhm fhorálacha Achtanna na dTeangacha Oifigiúla laistigh den chomhlacht poiblí sin agus déanfar achoimre ar an ábhar sin a chur san áireamh i dTuarascáil Bhliantúil an chomhlachta.

 

Leasú 7: Faoi láthair, foráiltear le halt 9(2) den Acht go ndéanfaidh comhlacht poiblí, i gcás ina ndéanfaidh duine cumarsáid leis i scríbhinn nó le ríomhphost i dteanga oifigiúil, freagra a thabhairt sa teanga chéanna. Leis an leasú sin, leathnófar an oibleagáid sin chuig cásanna ina ndéanann duine cumarsáid le comhlacht poiblí trí mheáin shóisialta.

 

Leasú 8: Faoi láthair, foráiltear le halt 9(3) den Acht go gcinnteoidh comhlacht poiblí, i gcás ina ndéanann sé cumarsáid i scríbhinn le ríomhphost leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne ar mhaithe le faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, go bhfuil an chumarsáid sin i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge. Leathnóidh an leasú seo an oibleagáid sin chuig cásanna ina bhfuil ábhar margaíochta á eisiúint ag comhlacht poiblí chuig an bpobal chun an comhlacht poiblí nó a chuid seirbhísí a chur chun cinn.

 

Leasú 9: Leis an leasú seo, déantar socrú maidir le foráil a dhéanamh lena chinntiú go ndéanann comhlachtaí poiblí 20 faoin gcéad dá bhfógraíocht in aon bhliain ar leith i nGaeilge agus déanfaidh gach comhlacht poiblí 5 faoin gcéad dá fhógraíocht in aon bhliain ar leith sna meáin Ghaeilge.

 

Leasú 10: Leis an leasú seo, cinnteofar, chun amhras a sheachaint, go bhfuil an síneadh fada ar fáil le haghaidh foirmeacha oifigiúla uile comhlachtaí poiblí le go bhféadfar ainm, seoladh nó teideal duine sa Ghaeilge a thaifeadadh agus a úsáid i gceart. De réir mar a fhoráiltear cheana féin sa Bhille a foilsíodh, tabharfar an socrú sin isteach le Rialachán ar bhonn céimnithe tar éis dul i gcomhairle le hAirí.

 

Leasú 11: Cinnteoidh an leasú seo go bhfuil an ceart ag duine gan teideal a úsáid, más mian leis nó léi déanamh amhlaidh.

 

Leasú 12: Cinnteoidh an leasú seo go dtiocfaidh alt 9C maidir le húsáid na Gaeilge i lógónna oifigiúla i bhfeidhm tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis achtú an ailt sin.

 

Leasú 13: Cinnteoidh an leasú seo gur i nGaeilge amháin a bheidh ainmneacha comhlachtaí reachtúla nua-bhunaithe, seachas Ranna Rialtais lárnacha agus comhlachtaí eile den chineál céanna leo sin atá liostaithe i mír 1(1) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht.

 

Leasú 14: Cinnteoidh an leasú seo gurb amhlaidh, i gcás ina ndéanann Comhlacht Poiblí seirbhís a ngabhann teagmháil leis an bpobal léi a cheannach trí phróiseas fála poiblí, nó ar shlí eile, go mbeidh oibleagáidí áirithe ar an soláthraí seirbhíse maidir le cumarsáidí, fógairtí béil, comharthaíocht, éascú úsáid ainmneacha agus seoltaí Gaeilge, foirmeacha oifigiúla agus lógónna i nGaeilge a mhéid a bhaineann leis an tseirbhís is ábhar don chonradh atá i gceist agus a mhéid sin amháin. Tá míniú ann freisin ar ‘seirbhís lena ngabhann teagmháil leis an bpobal’, is é sin le rá, seirbhís a sholáthraíonn tríú páirtí don phobal i gcoitinne, nó d’aicme den phobal i gcoitinne, thar ceann comhlacht poiblí.

 

Leasú 15: Leis an leasú seo, cuirfear isteach spriocdháta nach déanaí ná an 1 Eanáir 2024 le haghaidh thosach feidhme alt 9C(1), á chinntiú go mbeidh lógónna nua atá le húsáid ag comhlachtaí poiblí i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla.

 

Leasú 16: Cinnteoidh an leasú seo gur i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla araon, a bheidh giorrúcháin agus acrainmneacha atá ann i lógónna nua nó i lógónna leasaithe a úsáideann comhlachtaí poiblí.

 

Leasú 17: Cinnteoidh an leasú seo go gcuirfear saoráidí ar fáil ionas go mbeidh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge in ann ceachtar den dá theanga oifigiúla a úsáid le linn cruinnithe de chuid an choiste.

 

Leasú 18: Leis an leasú seo, cinnteofar go bhfuil Gaeilge líofa ag Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh.

 

Leasú 19: Leis an leasú seo, déanfar foráil maidir leis an Aire d’ainmniú comhalta amháin den Choiste Comhairleach, ar comhaltaí é nó í a bheidh ionadaitheach don phobal Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Déanfar foráil leis freisin maidir le próiseas roghnaithe an chomhalta sin agus maidir le próiseas roghnaithe an chomhalta atá ionadaitheach don Ghaeltacht, ar próiseas é sin dá bhforáiltear sa Bhille atá foilsithe, agus is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a riarfaidh an próiseas roghnaithe sin.

 

Leasú 20: Cinnteoidh an leasú seo nach ndéanfar daoine a eisiamh ó chomhaltas ar an gcoiste comhairleach ar an mbonn gur breithníodh ina bhféimheach iad.

 

Leasú 21: Leis an leasú seo, déanfar foráil maidir leis an gCoiste Comhairleach do bhailiú faisnéise agus staitisticí faoi leibhéal na hinniúlachta Gaeilge sa tseirbhís phoiblí uair amháin i ngach tréimhse cúig bliana.

 

Leasú 22: Leis an leasú seo, sonraítear gur ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a bheidh an fhreagracht i ndáil le comhordú a dhéanamh, faoin bPlean Náisiúnta, ar sholáthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge dá bhforáiltear cheana féin sa Bhille atá foilsithe. Is ceart a rá go bhfuil gealltanas tugtha ag an Rialtas cheana féin maidir le cur i bhfeidhm an phlean sin, ar gealltanas é atá ann in Athnuachan na Státseirbhíse 2030.

 

Leasú 23: Mar thoradh ar an leasú seo, beidh sé de cheangal ar an gCoiste Comhairleach tuarascáil bhliantúil faoi dhul chun cinn a thabhairt don Aire maidir lena chuid oibre i rith na bliana roimhe sin, agus sin a dhéanamh laistigh de thrí mhí ó dheireadh gach bliana féilire.

 

Leasú 24: Leis an leasú seo, beifear in ann caighdeáin fhorordaithe teanga a chur i bhfeidhm i ndáil le tríú páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí faoi chonradh do chomhlachtaí poiblí, ar seirbhísí iad lena ngabhann teagmháil leis an bpobal. Beidh na caighdeáin sin ar aon dul leis na caighdeáin a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcomhlacht poiblí.

 

Leasú 25: Leis an leasú seo, leagfar síos sprioc ar dá réir a bheidh 20 faoin gcéad de na hearcaithe nua i gcomhlachtaí poiblí inniúil ar an nGaeilge faoin 31 Nollaig 2030.

 

Leasú 26: Leis an leasú seo, cinnteofar go bhforordóidh an tAire dátaí ar fúthu a thiocfaidh an Ghaeilge chun bheith mar theanga oibre oifigí comhlachtaí poiblí i ngach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta agus, ina theannta sin, ar fúthu a bheidh gach seirbhís a sholáthraíonn comhlacht poiblí i ngach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta á soláthar i nGaeilge. Déanfar na dátaí sin a fhorordú laistigh de 3 mhí tar éis don Aire an Plean Náisiúnta a fháil agus tar éis taighde cuimsitheach a choimisiúnóidh an Coiste Comhairleach a chur i gcrích i dtaobh an féidir na spriocdhátaí atá beartaithe a bhaint amach.

 

Leasú 27: Leis an leasú seo, leagtar amach foráil maidir leis an gCoiste Logainmneacha a bhunú mar choiste reachtúil, déantar foráil maidir lena rúnaíocht a bheith á soláthar ag an Aire (mar a bhí amhlaidh roimhe seo) agus déantar foráil maidir le saineolaithe i réimsí na logainmneacha Gaeilge, stair na hÉireann agus na Gaeilge a bheith ina gcomhaltaí den choiste. Ina theannta sin, tugtar feidhm don Choiste i leith comhairle a thabhairt don Aire maidir le logainmneacha. Chomh maith leis sin, chun amhras a sheachaint, cuirfear deireadh leis an gCoimisiún Logainmneacha, mar a fhoráiltear sa Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí 2011.

 

Leasú 28: Leis an leasú seo, leagtar oibleagáid ar an Aire comhairle a fháil ón gCoiste Logainmneacha sula ndéantar Ordú Logainmneacha faoin Acht.

 

Leasú 29: Leis an leasú seo, cinnteofar go ndéanfar an liosta comhlachtaí poiblí a chlúdaítear faoin sceideal a ghabhann leis an Acht a uasdátú le Rialachán a dhéanfaidh an tAire uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse dhá bhliain.

 

Leasú 30: Leis an leasú seo, ceanglófar maidir le hailt de chuid an Bhille nach bhfuil tagtha i ngníomh, go dtiocfaidh siad i ngníomh tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis thráth rite an Bhille.

 

Leasuithe 31 agus 32: Leis na Leasuithe seo, ceartófar coimhlint atá sainaitheanta idir athrú a dhéanamh ar logainmneacha i reachtaíocht rialtais áitiúil agus forálacha maidir le logainmneacha in Acht na dTeangacha Oifigiúla.