Foilsithe ar 

€518,259 ceadaithe ag an Aire Stáit Patrick O’Donovan don tionscadal ‘Gluaiseacht’ de chuid Chonradh na Gaeilge do 2023-2024

Tá deontas méadaithe de €518,259 thar thréimhse dhá bhliana ceadaithe ag an Aire Stáit don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan, T.D., do Chonradh na Gaeilge anois i leith riar a thionscadail ‘Gluaiseacht’ in 2023-2024.

 

Faoin tionscadal Gluaiseacht, spreagtar daoine óga lena gcuid Gaeilge a úsáid ar bhealach coinsiasach agus cuirtear na bealaí uile ar féidir leo an teanga a úsáid agus na buntáistí uile éagsúla a bhaineann léi ar a súile. Cuirtear béim sa mhéid sin ar na buntáistí eacnamaíocha agus na deiseanna fostaíochta a bhaineann léi. Déantar é seo go príomha tríd an Seó Bóthair - ceardlann idirghníomhach do dhaoine óga atá ag freastal ar iarbhunscoileanna, ar institiúidí tríú leibhéal nó ar choláistí samhraidh.

 

Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag tacú leis an togra fiúntach seo ó 2017 ar aghaidh ach le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ag deireadh mhí na Nollag 2021, aithnítear níos mó ná riamh an tábhacht a bhaineann agus a bhainfidh leis mar chuid lárnach d’iarrachtaí na Roinne spriocanna uaillmhianacha an Achta a bhaint amach sna blianta amach romhainn – an sprioc earcaíochta go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi 2030 ach go háirithe.

 

Is chuige sin go bhfuil ardú suntasach ceadaithe don deontas seo don dá bhliain amach romhainn – suas 85% ó dheontas 2021-2022 (arb ionann é agus €280,000).

 

Mar chuid den deontas méadaithe seo tá i gceist go ndéanfar:

 

  • comhordaitheoir breise a fhostú;
  • freastal ar bhreis ceardlann de thoradh na n-acmhainní foirne breise seo;
  • leathnú amach ar na ceardlanna a chuirtear ar fáil don chúigiú agus don séú bhliain in iarbhunscoileanna; agus
  • freastal ar aontaí gairmeacha náisiúnta agus eile thar ceann na Roinne.

 

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan go raibh céim shuntasach chun cinn tógtha maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta leis an bhfógra seo:

 

Tá obair fíor-thábhachtach ar bun ag Conradh na Gaeilge ar mhaithe le húsáid na teanga a chothú agus a threisiú i measc aos óg na tíre - ní hamháin iad siúd atá sa chóras Gaelscolaíochta nó ar tháinig tríd, ach daoine óga a bhfuil suim ar leith acu sa teanga go ginearálta.

 

Agus buiséad de €1m de mhaoiniú reatha ar fáil i mbliana le dlús a chur le cur i bhfeidhm an Achta, tá mé an-sásta, dá bharr, an deontas méadaithe seo a cheadú don togra Gluaiseacht inniu. Leis an deontas seo beifear in ann dul i bhfeidhm ar bhreis is 28,000 duine óg in aghaidh na bliana agus an teachtaireacht láidir a thabhairt dóibh go bhfuil deiseanna suntasacha fostaíochta ann dóibh siúd le Gaeilge, sa státchóras agus san earnáil phoiblí ach go háirithe.

 

Beidh dúshlán amach romhainn ag iarraidh a chinntiú go bhfuil soláthar leordhóthanach de dhaoine inniúil i nGaeilge ar fáil don earnáil phoiblí chun na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a bheidh de dhíth faoin Acht a chur ar fáil, ach táim diongbháilte go mbainfear an sprioc earcaíochta reachtúil amach agus is céim eile sa treo ceart é ceadú an deontais seo.”

 

Tá tuilleadh eolais faoin tionscadal ‘Gluaiseacht’, mar aon le sceideal d’ócáidí a bheidh á reáchtáil faoi, le fáil ar shuíomh Chonradh na Gaeilge anseo.

 

CRÍOCH