Foilsithe ar 

Tá ionadaíocht le déanamh ag an Aire Madigan don Rialtas ag Cuimhneachán Céad Bliain oifigiúil an Stáit ar Lá an tSosa Cogaidh, Reilig Ghlas Naíon, Dé Domhnaigh, an 11 Samhain 2018

Déanfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D., ionadaíocht inniu (Dé Domhnaigh, an 11 Samhain 2018) don Rialtas ag Cuimhneachán Céad Bliain an tSosa Cogaidh i Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath.
Freastalóidh Mícheál D. Ó hUiginn, Uachtarán tofa na hÉireann, ar iarraidh an Rialtais agus déanfaidh sé Cuimhneachán foirmiúil an Stáit a stiúradh thar ceann mhuintir na hÉireann.
Beidh an t-imeacht ar siúl i gcomhar le hIontaobhas Ghlas Naíon. Cuirfear tús leis an gclár le cúig phlaic cuimhneacháin a chur i láthair in onóir na bhfear Éireannach ar bronnadh Cros Victoria orthu i ngeall ar a ngníomhartha misnigh sa Chéad Chogadh Domhanda, an duine deireanach ar bronnadh Cros Victoria orthu roimh an Sos Cogaidh ina measc.
Cuirfear buaicphointe an imeachta cuimhneacháin fhoirmiúil Stáit ar siúl ina dhiaidh sin - an Bhratach Náisiúnta, onóracha míleata, machnamh ag Uachtarán tofa na hÉireann, agus searmanais leagtha fleasc – a thitfidh amach idir cuimhneachán na Fraince-na hÉireann agus Cros na hÍobartha chun cuimhneamh orthu siúd go léir a maraíodh i rith an Chogaidh Mhóir.
Agus machnamh á dhéanamh ar an bhfulaingt uafásach a bhí mar thoradh ar an gCéad Chogadh Domhanda, dúirt an tAire Madigan: “Déanaimid machnamh inniu ar an méid báis agus fulaingthe nach raibh a leithéid ann riamh roimhe sin a rabhthas thíos leis i rith chéad chogadh tionsclaíoch an domhain. Cuimhnímid ar na milliúin fear agus bean, saighdiúir agus sibhialtach ó go leor náisiún a cailleadh sa choimhlint uafásach sin. Cuimhnímid orthu siúd a thug a gcosa leo ón gcoimhlint ach a d’fhill abhaile ar réadúlacht nua pholaitiúil fud fad na hEorpa, anseo in Éirinn ina measc, a raibh gortú fisiciúil agus crá croí príobháideach ina n-ualach orthu go minic.”
Ag labhairt ar an gClár Cuimhneacháin níos fairsinge, dúirt an tAire Madigan, chomh maith: “Le ceithre bliana anuas, d’fhiosraíomar, le meas agus atrua, spreagadh éagsúil na ndaoine siúd ón oileán seo, daoine de gach traidisiún, a cailleadh - ní bheidh a fhios againn go brách na breithe conas a chuirfidís leis an tír seo, murach gur cailleadh iad go hanabaí. Thug Deich mBliana na gCuimhneachán a scéalta chun solais, nár chualathas go leor díobh riamh roimhe seo.
“Trí chuimhneacháin a chur chun cinn atá cuimsitheach agus a lorgaíonn chun síocháin agus athmhuintearas a neartú ar oileán na hÉireann, tá fiosrú níos doimhne ar pheirspictíochtaí éagsúla i leith ár staire comhroinnte curtha chun cinn againn. Thaispeánamar aibíocht agus tuiscint sa mhachnamh a rinneamar ar ár stair chomhroinnte agus ina n-áit cheart sa stair a bhronnadh orthu siúd a throid ar mhaithe le saoirse na hÉireann agus sa Chéad Chogadh Domhanda.”
Dúirt John Green, Cathaoirleach Iontaobhas Ghlas Naíon, nuair a bhí fáilte á cur aige roimh aíonna chuig an searmanas ag Reilig Ghlas Naíon: “Cuimhnímid inniu, fad a dhéanaimid cuimhneachán céad bliain ar dheireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda, orthu siúd go léir a d’fhóin agus a maraíodh sa choimhlint sin. Cuimhnímid anseo i nGlas Naíon, ach go háirithe, ar na fir agus na mná go léir ón oileán seo a d’fhóin le díograis, agus a meastar go ndearna a mhéid le duine as gach ceathrar díobh an íobairt ba mhó, bás. Le ceithre bliana anuas, rinneadh an-chuid cuimhneachán ar an oileán seo a thug imeachtaí chun cuimhne a rinneadh na traidisiúin éagsúla ar an oileán seo a shainiú agus a dheighilt. Chuir an tréimhse mhachnaimh seo ar chumas an fhormhóir dínn foghlaim faoi agus tuiscint a fháil ar ár stair chomhroinnte. Ní leor an seanmheon ina ndéantar “Maitheamh agus Dearmad”, ní dhéanann dearmad ach an fhadhb a chur faoi chois, tá fíor-athmhuintearas bunaithe ar thuiscint; aistear atá san athmhuintearas nach mór don cheann agus don chroí araon taisteal an treo céanna agus an áit chéanna a bhaint amach ar deireadh thiar.”
Chomh maith leis sin, freastalóidh ionadaithe den Chór Taidhleoireachta ar an gCuimhneachán, a leagfaidh fleasca i dteannta Uachtarán tofa na hÉireann, agus déanfaidh a Shoilse, an tUasal Stéphane Crouzat, Ambasadóir na Fraince le hÉirinn, a Shoilse, an tUasal Robin Barnett, Ambasadóir na Breataine le hÉirinn, an tUasal Reece Smyth, Chargé d’Affaires SAM le hÉirinn, agus a Soilse, an tUasal Deike Potzel, Ambasadóir na Gearmáine le hÉirinn léitheoireacht.

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ
Cuntas ar an Ord a Reáchtálfar Imeachtaí:

Cuid a hAon 08:45 Idircheol (teacht i láthair aíonna)
09:00 Teach i láthair an Aire Madigan agus tosú
09:10 Aitheasc leis an Aire Madigan
09:20 Cur i láthair plaiceanna cuimhneacháin Chros Victoria
09:40 Críochnú chuid a haon den chlár – idircheol

Cuid a Dó 10:00 Teacht i láthair an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUiginn
10:15 Machnamh leis an Uachtarán Ó hUiginn
10:25 Léitheoireacht le baill den Chór Taidhleoireachta
10:40 Searmanas sollúnta leagtha fleasc
11:00 Nóiméad tosta
11:10 Cuirfear deireadh leis an searmanas

Tá na clocha cuimhneacháin a chuirfear i láthair ag an searmanas in onóir:
An Dara Leifteanant Edmund de Wind, an 15ú Cathlán de Raidhfilí Ríoga na hÉireann – ón gComair i gContae an Dúin agus a d’imigh ar imirce go Ceanada i 1911. Liostáil sé ansin i bhFórsa Sluaíochta Cheanada agus d’imigh sé ag fónamh ar an bhFronta Thiar. Rinneadh oifigeach de ní ba dhéanaí i Raidhfilí Ríoga na hÉireann agus bronnadh Cros Victoria air leo.
An Saighdiúir Singil Claude Joseph Patrick Nunney, an 38ú Cathlán d’Fhórsa Sluaíochta Cheanada – luaigh sé gur rugadh i mBaile Átha Cliath é in 1892 nuair a liostáil sé i bhFórsa Sluaíochta Cheanada.
An Maorsháirsint Complachta Martin Doyle, an 1ú Cathlán d’Fhiúsailéirí Ríoga na Mumhan – a rugadh i Ros Mhic Thriúin, Contae Loch Garman in 1891. I ndiaidh an Chéad Chogaidh Dhomhanda, d’fhóin sé leis an IRA i rith Chogadh na Saoirse agus leis an Arm Náisiúnta i rith an Chogaidh Chathartha.
An Saighdiúir Singil James Crichton, Reisimint Auckland, Fórsa Sluaíochta na Nua-Shéalainne – ó Charraig Fhearghais i gContae Aontroma.
An Saighdiúir Singil Martin Moffat, an 2ra Cathlán de Reisimint Laighean (Moffat nó Moffit, chomh maith) – a rugadh i Sligeach in 1882. Ba é an tÉireannach deireanach ar bronnadh Cros Victoria air roimh Shos Cogaidh an Chéad Chogaidh Dhomhanda.