Foilsithe ar 

Bord eatramhach Údarás na Gaeltachta ceaptha

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D agus an tAire Stáit don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan T.D. (inniu) go bhfuil bord eatramhach Údarás na Gaeltachta ceaptha. De thoradh seo tá seachtar comhalta den dáréag comhalta a bheidh ar an mbord i ndeireadh báire ceaptha – rud a chiallaíonn go bhfuil quorum ann agus an bord in ann feidhmiú dá réir.

 

Ceapfar an chuid eile den bhord nuair atá an comórtas poiblí  - atá á riar PAS (An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí) curtha i gcrích. Faoin gcomórtas sin atá beo anois go dtí 02/03/23, tá an deis ag an bpobal a bheith san áireamh chun críche ceapacháin ar an mbord agus na socruithe lena mbaineann curtha i gcrích. Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo.

 

Seo a leanas na comhaltaí atá ceaptha faoi réir an Achta, le feidhm láithreach go deireadh 2024:

 

Anthony Molloy                 ainmniúchán Chomhairle Contae Dhún na nGall Pádraic Ó Conaire            ainmniúchán Chomhairle Contae, Mhaigh Eo Pádraig Mac an Iomaire    ainmniúchán Chomhairle Contae na Gaillimhe Breandán Mac Gearailt     ainmniúchán Chomhairle Contae Chiarraí

Joe Conway                      ainmniúchán Chomhairle Contae Phort Láirge*

 

Tá Mary Uí Chadhain agus Debra Ní Shúilleabháin athcheaptha ar an mbord agus is í Mary Uí Chadhain a bheidh ag feidhmiú mar chathaoirleach sealadach air go dtí go mbeidh torthaí an chomórtais phoiblí faoi lámh.

 

Dúirt an tAire Martin:

 

“Tuigim go bhfuil tábhacht faoi leith leis an obair a dhéanann Bord agus feidhmeannas Údarás na Gaeltachta. De thoradh an cur chuige seo maidir le bord eatramhach a cheapadh ní bheidh aon srian ar an eagraíocht leanúint orthu le cur i bhfeidhm  a chláir oibre. Agus an comórtas poiblí oscailte anois, ba mhaith liom an deis a thapú chun mná a spreagadh le hainmniúcháin a lorg le bheith ceaptha ar bhoird stáit go ginearálta, ach ar bhord Údarás na Gaeltachta ach go háirithe.”

 

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:

 

“Is céim mhór chun tosaigh atá ann le ceapadh an chéad chuid de Bhord an Údaráis.  Bhuail mé le gairid le feidhmeannaigh an Údaráis agus fuair mé léargas maith ar obair na heagraíochta.Tuigim an tábhacht a bhaineann le bord ionas go mbeidh aon eagraíocht ar nós Údarás na Gaeltachta ábalta feidhmiú ar bhonn leanúnach. Tá áthas orm mar sin go bhfuil an chéad chuid den bhord ceaptha agus nach fada eile go mbeifear in ann bailchríoch a chur ar na socruithe chomh luath is féidir tar éis an chomórtais phoiblí faoi scáth PAS críochnaithe ag tús na míosa seo chugainn.”

 

CRÍOCH

Nóta don eagarthóir

 

Ag eascairt as cinneadh an Rialtais ar 13 Nollaig 2022 is tréimhse suas le dhá bhliain a bheidh ag an mbord sa chaoi is go mbeidh an deis chuí ann leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht reatha faoina gceaptar Bord an Údaráis. Faoi réir chinneadh an Rialtais, tá ceannteidil an Bhille seolta ag an Roinn chuig Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le haghaidh scrúdú réamhreachtach. Tá iarrtha ar an gcoiste mar chuid den scrúdú sin, breathnú ar bhearta chun cothromaíocht inscne iomchuí a bhaint amach sa phróiseas roghnúcháin agus toghcháin a bhainfidh le ceapadh an Bhoird i gcomhréir le beartas an Rialtais ar chothromaíocht inscne ar Bhoird Stáit.

 

Tá cóip den phreas ráiteas a eisíodh ar 14 Nollaig faoin leasú reachtaíochta ar fáil anseo  

 

 

* Faoin socrú reatha, i gcás comhaltaí atá ainmnithe i leith na gceantar is lú Gaeltachta eadhon: Comhairlí Contae na Mí, Phort Láirge agus Chorcaí, is tréimhse dhá bhliain a bhíonn ag na comhaltaí sin ar bhonn rota eatarthu san ord: An Mhí, Corcaigh agus Port Láirge de réir Alt 16 2a(vi) san Acht. Tosóidh tréimhse fheidhmithe ainmniúchán Chomhairle Chontae Phort Láirge ar 1 Márta 2023; is í Gobnait Ní Mhuineacháin ainmniúchán Chomhairle Contae Chorcaí a bheidh mar chomhalta go dtí sin.