Foilsithe ar 

Ceaptar beirt chomhaltaí nua ar Bhord Amharclann na Mainistreach

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin gur ceapadh beirt chomhaltaí nua ar Bhord Amharclann na Mainistreach;

 

  • Risteard Sheridan
  • Nicholas Basden

 

Cuirfidh an bheirt chomhaltaí tréimhse ceithre bliana isteach.

 

Ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:

Tá lúcháir orm a fhógairt gur ceapadh beirt chomhaltaí nua ar Bhord Amharclann na Mainistreach, a bhfuil neart saineolais agus taithí acu. Táim thar a bheith buíoch den bheirt a ceapadh as a gcuid scileanna agus saineolais a chur ar fáil. Guím gach rath ar an mbeirt acu le linn a dtéarmaí."

 

Dúirt Frances Ruane, Cathaoirleach Bhord Amharclann na Mainistreach;

Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh Nicholas agus Risteard chuig bord Amharclann na Mainistreach – tá neart taithí ag an mbeirt acu agus táim ag tnúth go mór lena bheith ag obair leo sna blianta amach romhainn. Tá Amharclann na Mainistreach ag déanamh an-dul chun cinn faoi láthair le forbairt infreastruchtúir amharclainne náisiúnta nua agus le cruthú straitéise nua do thodhchaí amharclann náisiúnta na hÉireann. Beidh léargas Nicholas agus Risteard ar an gcultúr, ar an éagsúlacht, ar an ngnó agus ar an airgeadas fíorluachmhar do na próisis seo. Táimid buíoch den Aire Martin as a cuid tacaíochta don amharclann agus d’oifigigh a Roinne as próiseas na gceapachán seo a reáchtáil, a chuir bailchríoch ar phróiseas earcaíochta an bhoird iomláin ar a bhfuil 11 chomhalta." 

 

Rinneadh na ceapacháin tar éis gairm phoiblí ar iarratais ar www.stateboards.ie.

 

Críoch

 

Press and Information Office

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Tel: 087 6737338 / 087 7374427 Email: press.office@tcagsm.gov.ie Website:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

Tabhair faoi deara:

 

Risteard Sheridan

Ceapadh Risteard Sheridan ina Rúnaí Cuideachta ar AerCap i mí na Bealtaine 2020 agus ina Phríomhoifigeach Comhlíonta sa bhliain 2019. Thosaigh sé le hAerCap i mí Aibreáin 2017 mar Cheannaire Iniúchta Inmheánaigh. Tá Risteard ina stiúrthóir sinsearach neamhspleách faoi láthair agus ina chathaoirleach ar choiste iniúchta daa plc.

Sular thosaigh sé ag obair le hAerCap, fuair sé taithí fhairsing ag tabhairt comhairle do chuideachtaí ar rialachas, tuairisciú airgeadais agus cúrsaí rialaithe/próisis agus é ag obair leis na gnólachtaí seirbhísí gairmiúla KPMG agus EY.

Tá céim Bhaitsiléara sa Chuntasaíocht ag Risteard ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus is Comhalta de Chuntasóirí Cairte na hÉireann é.

 

Nicholas Basden

Sheol Nicholas Basden roinnt fiontar sna hearnálacha miondíola agus bialainne, tar éis dó a bheith ag obair i ndíolachán le JP Morgan; straitéis miondíola le Monitor Company; agus forbairt gnó le Starbucks Coffee International níos luaithe ina ghairm bheatha.

D'oibrigh Nicholas le príomhinstitiúidí amharclainne agus cultúir sa RA ar cheisteanna a bhaineann le suíomh straitéiseach agus forbairt lucht féachana, le béim ar leith ar rannpháirtíocht lucht féachana mionlaigh.

Is céimí de chuid Ollscoil Harvard agus Scoil Ghnó Harvard é Nicholas.