Foilsithe ar 

Ceaptar Ceathrar Comhaltaí Nua ar Bhord Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann

  • Ali Curran
  • Jess Majekodunmi
  • Mike Fitzpatrick
  • Sinéad O’Sullivan

 

Cuirfidh an ceathrar comhaltaí tréimhse cúig bliana isteach. 

 

Ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:

“Tá an-áthas orm a fhógairt gur ceapadh na hiarrthóirí fuinniúla seo a bhfuil an-éagsúlacht taithí acu a thacóidh le hoibríochtaí agus uaillmhian Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann do na cúig bliana atá romhainn. Guím gach rath ar an gceathrar a ceapadh le linn a dtéarmaí agus gabhaim buíochas leo as glacadh leis na róil thábhachtacha seo. Guím gach rath orthu le linn a dtéarmaí.”

 

Dúirt David Harvey, Cathaoirleach an Mhúsaeim: 

“Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh na daoine nua a ceapadh ar bhord an Mhúsaeim a thagann isteach ag am tábhachtach don Mhúsaem agus muid ag tabhairt faoinár straitéis nua cúig bliana. Tugann gach duine acu scileanna uathúla chuig an Bord a bhfuil éagsúlacht leathan tallainne air cheana féin agus táim ag tnúth lena bheith ag obair leo. Sna blianta atá romhainn, cuirfidh an Músaem leis an méid a baineadh amach le tríocha bliain anuas, chun a rochtain phoiblí a mhéadú le clár uaillmhianach agus ag an am céanna leanúint ar aghaidh ag cur le naisc idirnáisiúnta chun ealaín na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain”.  

 

Rinneadh na ceapacháin tar éis gairm phoiblí ar iarratais ar www.stateboards.ie agus próiseas measúnaithe.

 

CRÍOCH 

 

An Phreasoifig agus an Oifig Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

 

Is comhairleoir gnó agus eagraíochtúil í Ali Curran. Tá sí ina Stiúrthóir ar CHL Consulting Ltd., ina ball d’Institiúid Stiúrthóirí Éireann agus ina Comhairleoir Bainistíochta deimhnithe le hInstitiúid na gComhairleoirí agus Comhairleoirí Bainistíochta. Tá Máistreacht aici i Síceolaíocht Eagrúcháin, teastas gairmiúil san Athrú Eagraíochtúil agus is cóitseálaí feidhmiúcháin agus ceannaireachta cáilithe í. Tá neart taithí ceannaireachta agus bainistíochta ag Ali ar eagraíochtaí cultúrtha tar éis di a bheith ag obair roimhe seo mar Stiúrthóir ar Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath, Stiúrthóir Amharclann na Péacóige @ Amharclann na Mainistreach, agus Stiúrthóir Amharclann Tron, Glaschú.

Tá Jess Majekodunmi ina stiúrthóir bainistíochta ar The Dock, príomhionad T&F agus Nuálaíochta Domhanda Accenture i mBaile Átha Cliath. Is staraí dearaidh agus dearthóir nuálaíochta í agus tá scileanna iontacha agus neart taithí aici ar phobal, comhionannas, éagsúlacht, agus cuimsiú chomh maith le nuálaíocht agus inbhuanaitheacht.  

 

Tá Mike Fitzpatrick ina Dhéan ar Scoil Ealaíne & Deartha Luimnigh, TUS. Mar ealaíontóir, coimeádaí, léiritheoir acadúil agus cultúrtha, áirítear lena thaithí roimhe seo róil mar Stiúrthóir/Coimeádaí Ghailearaí Chathair Luimnigh, Coimisinéir na hÉireann do Biennale na Veinéise, Stiúrthóir ar an gcéad Chathair Chultúir Náisiúnta in Éirinn, i gceannas ar thairiscint Luimnigh do Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, agus mar Choimeádaí Amharcealaíne le Féile Ealaíon Chill Chainnigh. 

 

Is innealtóir ildisciplíneach, scoláire agus scríbhneoir í Sinéad O’Sullivan a bhfuil a cuid oibre suite ag crosbhealach na nuálaíochta, na heacnamaíochta, na geopholaitíochta, na hinnealtóireachta agus go leor eile. Is Ollamh Cúnta le hInnealtóireacht Aeraspáis í freisin in institiúid cháiliúil New Bauhaus, agus í ag teagasc siollabas idirdhisciplíneach innealtóireachta agus dearaidh úrnua. Bhí sí i gceannas ar thaighde an Oll. Michael E. Porter san Institiúid Straitéise agus Iomaíochais i Scoil Ghnó Harvard, chomh maith.