Foilsithe ar 

Ceaptar Cuigear Comhaltaí Nua ar Bhord an Údaráis Náisiúnta um Fhorbairt na Turasóireachta (Fáilte Éireann)

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. gur ceapadh cúigear comhaltaí nua ar bhord an Údaráis Náisiúnta um Fhorbairt na Turasóireachta (Fáilte Éireann):

 

  • Catherine Toolan             
  • Angela Ruttledge              
  • Kilian Maxwell                
  • An Dr Matt Kennedy             
  • Vivienne Jupp                   

 

 

Cuirfidh an cúigear comhaltaí tréimhse cúig bliana isteach. 

 

 

Ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:

 

“Déanaim comhghairdeas leis an gcúigear a ceapadh agus guím gach rath orthu le linn a dtéarmaí. Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil iarrthóirí den scoth á gceapadh agus táim an-bhuíoch díobh as glacadh leis na róil ríthábhachtacha seo agus as a gcuid scileanna agus saineolais a thairiscint don Údarás Náisiúnta um Fhorbairt na Turasóireachta.”

 

Ag labhairt inniu, dúirt an Cathaoirleach Paul Carty:

“Thar ceann an Údaráis agus fhoireann feidhmiúcháin Fáilte Éireann cuirim fáilte ó chroí roimh agus tréaslaím le baill nua an Údaráis atá an-cháilithe, agus a bhfuil neart taithí acu agus meas orthu ina réimsí féin. Táim ag súil go mór lena bheith ag obair leo agus muid ag leanúint ar aghaidh ag tacú lenár dtionscal turasóireachta teacht chuige féin ar bhealach inbhuanaithe agus rathúil. Cuirfidh an saibhreas taithí a thabharfaidh na 5 chomhalta nua go mór le luach an Údaráis, le Fáilte Éireann, le hearnáil na turasóireachta agus leis an tír i gcoitinne. Guím gach rath orthu ina róil."

 

Rinneadh na ceapacháin tar éis gairm phoiblí ar iarratais ar www.stateboards.ie agus próiseas measúnaithe.

 

 

CRÍOCH 

 

An Oifig Phreasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Tel: 087 6737338 / 087 7374427 Email: press.office@tcagsm.gov.ie Website:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

 

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

 

Catherine Toolan

 

Tá Catherine Toolan ina stiúrthóir bainistíochta ar Diageo Irish Brand Homes, réimse áiteanna turasóireachta a bhfuil cáil dhomhanda orthu, lena n-áirítear Guinness Storehouse, Guinness Open Gate Brewery, Roe & Co Whisky Distillery agus Smithwick’s Experience Kilkenny. Chuir Guinness Storehouse fáilte roimh 1.1 mhilliún cuairteoir in 2022 agus is áis thábhachtach í i dtairiscint turasóireachta chathair Bhaile Átha Cliath. I mí na Samhna 2022, bronnadh gradam World Beer Visitor Experience ar Guinness Storehouse ag Gradaim Taistil an Domhain in Óman. Ó chuaigh sí i gceannas ar The Guinness Storehouse in 2020, tá Catherine tar éis an fhoireann a stiúradh chun cuairteoirí intíre agus idirnáisiúnta a mhealladh trí chlár cultúir, pobail, bia agus ealaíon. I measc roinnt comhshaothair shuntasacha tá Other Voices agus an t-ealaíontóir sráide ó Bhaile Átha Cliath a bhfuil cáil dhomhanda air, Aches. 

 

Sular thosaigh sí ag obair le Diageo, bhí gairm an-rathúil ag Catherine in eispéiris bhranda, imeachtaí, turasóireacht ghnó, ceol beo, bia agus fáilteachas, a chaith sí i dtrí mhór-roinn, lena n-áirítear ocht mbliana sa tSín. Áirítear ar a buaicphointí gairme maoirseacht a dhéanamh ar thógáil, ar dhearadh, ar bhia, ar mhiondíol agus ar fháilteachas do lúthchleasaithe den scoth i gCluichí Oilimpeacha an tSamhraidh i mBéising agus Londain. 

 

 

Angela Ruttledge

 

Is Bainisteoir Gnóthaí Poiblí agus Geallsealbhóirí í Angela Ruttledge le FoodCloud, carthanacht Éireannach agus fiontar sóisialta a bhuaigh go leor gradam (Carthanas na Bliana 2022 in Éirinn), a chruthaíonn réitigh chun barrachas bia a athdháileadh, ag dul i ngleic le cur amú bia agus éiginnteacht bia. Is aturnae í Angela le cúlra sa dlí airgeadais, corparáideach agus tráchtála. Chuaigh sí faoi oiliúint le William Fry, sular bhog sí go dtí an Chosaiv le hoibriú mar dhlíodóir príobháidithe le misean na NA/an AE ansin agus, tar éis di filleadh ar Éirinn, d'oibrigh sí le Byrne Wallace. Bhog Angela isteach san earnáil fáilteachais ansin, áit a bhfuil trí bliana déag de thaithí aici agus í ina húinéir ar thrí bhialann agus ag bainistiú trí bhialann lena comhpháirtithe gnó. Le linn an ama sin, chaith sí 10 mbliana ar bhord Chumann Bialanna na hÉireann. Tá taithí phearsanta aici ar na dúshláin iomadúla a bhaineann le gnó neamhspleách a reáchtáil san earnáil fáilteachais agus turasóireachta. Spreag baint Angela le fáilteachas a fócas ar fhadhbanna comhshaoil ​​agus tá sí ina comhbhunaitheoir ar Vytal Ireland, an chéad ardán digiteach sa tír do phacáistiú in-athúsáidte. Is Comhalta Eisenhower 2023 í Angela. 

 

 

Kilian Maxwell

 

Tá taithí 15 bliana domhanda ag Kilian Maxwell san earnáil taistil ar líne. Mar Cheannaire Ríomhthráchtála (B2C) le City Experiences, tá sé freagrach faoi láthair as feidhmíocht ar líne táirgí Walks, lena n-áirítear turasóireacht, turais bia agus turais lae ar fud na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh. Tá City Experiences mar chuid de Hornblower Group, ceannaire domhanda maidir le heispéiris agus iompar a bhfuil turais, seirbhísí farantóireachta agus iompair agus gnólachtaí fámaireachta acu agus a bhfuil ceanncheathrú acu i San Francisco. Sular thosaigh sé le City Experiences, d’oibrigh sé i róil shinsearacha sa mhargaíocht, straitéis agus forbairt chorparáideach le Hostelworld Group Plc, príomhghníomhaire taistil ar líne atá ar stocmhalartán Londain agus Bhaile Átha Cliath. Tá ocht mbliana taithí comhairleoireachta bainistíochta aige le BearingPoint agus Arthur Andersen. Tá máistreacht sa Staidéar Gnó aige ón COBÁC agus Baitsiléir sa Staidéar Gnó & Fraincis aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.   

 

 

An Dr Matt Kennedy

 

Is saineolaí aeráide agus ceannaire smaointe é Matt Kennedy (PhD) a bhfuil cáil air go hidirnáisiúnta agus tá taithí níos faide ná 20 bliain aige ar thionscnaimh náisiúnta agus idirnáisiúnta carbóin, aeráide agus forbartha inbhuanaithe a sheachadadh ar fud an rialtais, an tionscail agus an saol acadúil.

 

Mar Cheannaire Domhanda Arup do Straitéis, Pleanáil agus Tuairisciú Aeráide, tá Matt i gceannas ar charbón, ar sheirbhísí um athrú aeráide agus ar fhorbairt inbhuanaithe laistigh den bhonneagar, d’fhoirgnimh agus de chathracha. D’oibrigh sé leis na Náisiúin Aontaithe ar fhuinneamh glan agus ar thionscadail chlaochlaithe margaidh ar fud na hAfraice, na hÁise agus an Mheánoirthir. Bhí Matt ina Phríomh-Idirbheartaí don Aontas Eorpach ag caibidlíocht Chomhaontú Pháras na NA (COP21) agus bhí sé ina bhall de Choiste Feidhmiúcháin Teicneolaíochta UNFCCC. Roimhe sin bhí Matt ina Chathaoirleach ar Ionad Teicneolaíochta Aeráide UNEP agus ina Chathaoirleach ar Chomhaontú Forfheidhmithe Úsáide Teicneolaíochta Fuinnimh In-athnuaite an IEA. Tá PhD san Innealtóireacht ag Matt ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar aon le céimeanna máistreachta ó OÉ Gaillimh agus ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. 

 

Vivienne Jupp 

 

Bhí roinnt róil stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin ag Vivienne Jupp, faoi láthair tá sí ar Bhord Premier Lotteries Ireland agus bhí sí ina Cathaoirleach neamhfheidhmiúcháin ar CIÉ roimhe seo. Is comhairleoir bainistíochta í agus roimhe seo bhí sí ina Stiúrthóir Bainistíochta Domhanda in Accenture.

 

Bhí sí ina cathaoirleach ar an Tascfhórsa Téarnaimh Turasóireachta (2010 - 2013) agus tháinig feabhas suntasach ar líon na dturasóirí mar thoradh ar an straitéis nua.

 

Bhain Vivienne céim BComm agus MBS amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 2000 fuair sí Gradam Alumnais ó Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit UCD.