Foilsithe ar 

Ciste €3.46m fógartha ag an Aire Martin agus ag an Aire Stáit Chambers don chóras pleanála teanga

Ciste pleanála teanga ar fiú €3.4m ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta agus d’Foras na Gaeilge

  • Plean Teanga na Rosann seolta agus An Clochán Liath aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta
  • €64k ceadaithe do 8 dtogra caipitil faoi leith i nGaeltacht Dhún na nGall mar thaca breise don phróiseas

 

D’fhógair Catherine Martin T.D. Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, inniu go bhfuil ciste pleanála teanga ar fiú €3.4m in iomlán á cheadú acu d’Údarás na Gaeltachta agus d’Foras na Gaeilge le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an phróisis pleanála teanga sa bhliain reatha. Bainfear leas as an gciste seo chun cistíocht bhliantúil a chur ar fáil do Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta, do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta agus do Líonraí Gaeilge atá i mbun oibre ag ullmhú nó ag feidhmiú pleananna teanga faoin bpróiseas.

 

Mar thaca breise don phróiseas mar a bhaineann sé le Gaeltacht Thír Chonaill go sonrach, d’fhógair an tAire Stáit Chambers go bhfuil ciste caipitil ar fiú €64,000 in iomlán ceadaithe i leith 8 dtogra faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne.  D’fhógair sé an méid seo agus é ar chuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall – áit ar thug sé cuairt ar an gClochán Liath agus ar fhógair sé go raibh an baile aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus áit ar sheol sé plean teanga do cheantar na Rosann.

 

Dúirt an tAire Martin: “Is údar sásaimh é go bhfuil ciste suntasach á cheadú arís i mbliana d’ Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge chun feidhmiú an phróisis pleanála teanga a bhrú chun cinn sa bhliain reatha. Ó Cuireadh tús le cur chun feidhme an próiseas seacht mbliana ó shin, tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh go céimiúil i dtreo gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta a bheith i mbun fheidhmiú pleananna teanga ón mbonn aníos le cúnamh leanúnach na Roinne, an Údaráis agus Foras na Gaeilge de réir mar a bhaineann. Le haitheantas bronnta ar an gClochán Liath mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, leagtar cloch eile ar leas na Gaeilge sa bhaile agus sa cheantar máguaird.

 

Le cúnamh leanúnach mo Roinne, tá treisiú á dhéanamh i rith an ama ar na deiseanna atá á dtabhairt do phobail na Gaeltachta agus do phobal labhartha na Gaeilge múnlú a dhéanamh ar a bhfuil uathu féin mar a bhaineann sé leis an nGaeilge laistigh dá bpobail féin.”

 

Agus é ar chuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall inniu, dúirt an tAire Stáit Chambers: “Ag croílár an phróisis pleanála teanga sa bhrí is leithne de, tá an bunphrionsabal a bhaineann leis an mbonn aníos agus ón mbarr anuas. De thoradh thiomantas leanúnach an Rialtais agus thiomantais leanúnach phobal na Gaeltachta mar a bhaineann sé le feidhmiú an phróisis, tá an Roinn, forais ábhartha eile stáit agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta in ann a bheith ag obair níos mó ná riamh as lámha a chéile ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is iontach an rud é sin. Comhthreomhar leis an obair bhisiúil atá ar bun ag leibhéal an phobail faoin bpróiseas, tá obair idir lámha chomh maith chun cur le rudaí ón mbarr anuas. Luafainn sa chomhthéacs sin an obair atá idir lámha faoi láthair agam ar mhaithe le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a thabhairt trí Thithe an Oireachtais.

 

Ba mhaith liom tréaslú le ceanneagraíochtaí Limistéar Pleanála Teanga Na Rosann agus Baile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin Léith – Choiste Pleanála Teanga na Rosann agus Forbairt na Rosann CTR - as ucht an méid atá déanta go dtí seo. Is cinnte go mbeidh na pleananna teanga seo mar thacaíocht dá chéile agus iad á gcur i bhfeidhm. Tréaslaím freisin le hÚdarás na Gaeltachta atá ag tacú le feidhmiú na bpleananna teanga seo le maoiniú na Roinne agus le gach duine atá ag glacadh páirte sa phróiseas pleanála teanga sa cheantar. Léiríonn an t-allúntas suntasach pleanála teanga atá fógartha go bhfuil an Rialtas tiomanta don phróiseas pleanála teanga agus go gcuirfear tacaíocht leanúnach ar fáil d’fheidhmiú na bpleananna seo agus don phróiseas trí chéile. Cinnteoidh an chistíocht seo  agus an ciste caipitil atá á fhógairt go leanfar leis an obair mhaith atá ar bun ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta anseo i dTír Chonaill”.