Foilsithe ar 

Cúntóirí Teanga le bheith i mbun oibre sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge de thoradh ciste atá fógartha ag an Aire Stáit Patrick O’Donovan

D’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D. inniu, Dé hAoine, 17 Feabhra, go bhfuil ciste ar fiú €508,640 ceadaithe aige thar tréimhse dhá bhliain chun go mbeidh scoileanna faoi leith atá suite i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga in ann cúntóir teanga a fhostú mar chuid den phróiseas pleanála teanga.

 

Is é an eagraíocht Glór na nGael a bheidh freagrach as an scéim a riar thar ceann na Roinne. Táthar ag súil leis go mbeidh suas le 27 scoil a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa seacht mBaile Seirbhíse Gaeltachta agus sa trí Líonra Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga in ann leas a bhaint as an mbeart seo a thosófar á chur i bhfeidhm láithreach. Meastar go bhféadfadh tuairim is 25 cúntóirí teanga a bheith fostaithe faoin scéim agus í faoin lán seoil.

 

Tá 134 scoil ag baint leas cheana féin as Scéim na gCúntóirí Teanga de chuid na Roinne ó cheann ceann na Gaeltachta agus 113 cúntóirí teanga i mbun oibre faoi scáth na scéime atá á riar ag an dá eagraíocht Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne thar ceann na Roinne. Is é an cuspóir a bhaineann leis an scéim ná tacú le scoileanna deiseanna breise saibhrithe agus sealbhaithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail na scoileanna i gceist.

 

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:

 

“Is céim mhór chun cinn é an beart seo atá á dhéanamh mar thaca breise d’fheidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga. Tá an próiseas sin  - atá faoi stiúir fhoriomlán na Roinne, faoi lán seoil anois sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas.  Is údar áthais dom mar Aire Stáit na Gaeltachta a bheith in ann é seo a dhéanamh. Creidim go láidir gur chóir a bheith tacú leis an Gaeilge ar an gcaoi seo.”

 

Dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Glór nanGael:

 

“Is cinnte go mbeidh tionchar dearfach ag an scéim seo ar fhorbairt na teanga sna scoileanna a bheidh rannpháirteach. Is buntáiste iontach luachmhar do na pobail sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge a bheidh ann. Tá muid ag súil go mór a bheith ag obair leis na coistí pobail, scoileanna, tuismitheoirí agus le príomhoidí sna ceantair seo. Is cuid eile den phleanáil teanga é seo a cheanglaíonn le scéimeanna eile Ghlór na nGael ar nós Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, Céimeanna, Gradaim Gnó na hÉireann, Teanga Tí agus Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael.”

 

Is i gcomhréir le bearta 2.13, 2.14 agus 2.17 an Phlean Gníomhaíochtaí don Ghaeilge 2018-2022 atá an ciste Roinne á cheadú faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne.

 

 

CRÍOCH 

 

Oifig Phreasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Tel: 087 6737338 / 087 7374427 Email: press.office@tcagsm.gov.ie Website:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

Nótaí d’Eagarthóirí

 

Faoi Scéim na gCúntóirí Teanga cuirtear cúnamh airgid ar fáil chun cabhrú tuilleadh le scoileanna a thagann faoina scáth deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail na scoileanna sin.

 

I dteannta leis an mbeart thuasluaite, ghlac an Roinn leis na céimeanna a leanas le tamall de bhlianta beaga anuas chun barr feabhais a chur ar an scéim: 

 

  • Ceadaíodh allúntas suas le €4.039m. in iomlán thar thréimhse 3 bliana faoin Scéim do na scoileanna Gaeltachta anuraidh.

 

  • Ceadaíodh uaireanta breise teagaisc faoin Scéim do bhunscoileanna Gaeltachta a bhfuil tinreamh níos mó ná 100 dalta acu.

 

  • Seoladh go hoifigiúil an leabhrán: Ról an Chúntóra Teanga a bheidh mar fhoinse tagartha, faisnéise agus tacaíochta do chúntóirí teanga, lucht riartha na scéime agus d’fhoirne bainistíochta agus teagaisc scoileanna Gaeltachta.

 

  • Ceadaíodh acmhainní breise arbh fhiú €1.02m ó thús na scoilbhliana 2018/19 le go mbeadh 32 scoil bhreise in ann leas a bhaint as an scéim – ionann le gach scoil Ghaeltachta atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantas Scoileanna Gaeltachta. De thoradh seo uile, tá 134 scoil Ghaeltachta ag baint leasa as na hathruithe seo uile le hais 104 scoil in 2017/18 agus tá 113 cúntóir fostaithe faoin scéim anois i gcomparáid le 100 in 2018/19.

 

 

Seo a leanas liosta de na scoileanna a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as an gciste breise:

 

Scoileanna ábhartha sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta a bhfuil plean teanga ceadaithe ina leith go dtí seo faoin bpróiseas:

BSG Trá Lí

Gaelscoil Mhic Easmainn

BSG Trá Lí

Gaelcholáiste Chiarraí

BSG Cathair na Gaillimhe

SN Fhursa

BSG Cathair na Gaillimhe

SN Bhrighde

BSG Cathair na Gaillimhe

SN Iognáid

BSG Cathair na Gaillimhe

Gaelscoil Dara

BSG Cathair na Gaillimhe

Coláiste na Coiribe

BSG Leitir Ceanainn

Gaelscoil Adhamhnáin

BSG Leitir Ceanainn

Coláiste Ailigh

Scoileanna ábhartha sna Líonraí Gaeilge a bhfuil plean teanga ceadaithe ina leith:

LG Inis

Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg

LG Cluain Dolcáin

Gaelscoil na Camóige

LG Baile Locha Riach

Gaelscoil Riabhach

Scoileanna ábhartha i mBailte Seirbhíse Gaeltachta a bheidh in ann leas a bhaint as amach anseo ach plean teanga a bheith ceadaithe ina leith:

BSG Cathair Chorcaí

Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa

BSG Cathair Chorcaí

SN Gleann Maighir/Scoil na nÓg

BSG Cathair Chorcaí

Gaelscoil Uí Ríordáin

BSG Cathair Chorcaí

Scoil an Athair Tadhg Ó Murchú

BSG Cathair Chorcaí

Gaelscoil Mhachan

BSG Cathair Chorcaí

Gaelscoil Peig Sayers

BSG Cathair Chorcaí

Gaelscoil an Ghoirt Álainn

BSG Cathair Chorcaí

Gaelscoil Uí Dhrisceoil

BSG Cathair Chorcaí

Gaelscoil an Chaisleáin

BSG Cathair Chorcaí

Coláiste an Phiarsaigh

BSG Cathair Chorcaí

Gaelcholáiste Mhuire A.G.

BSG Cathair Chorcaí

Coláiste Daibhéid

BSG An Uaimh

Gaelscoil Éanna

BSG Cathair Saidhbhín

Coláiste na Sceilge

BSG Caisleán an Bharraigh

Scoil Raifteirí