Foilsithe ar 

Deontas ar fiú beagnach €1m d’Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, Carna, Co. na Gaillimhe ceadaithe ag an Aire Stáit O’Donovan

D’fhógair an tAire don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan T.D. (inniu) go bhfuil allúntas suas le €902,419 á chur fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, d’Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le forbairt bhreise a dhéanamh ar Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna, Co. na Gaillimhe.

 

Beidh an tIonad Míniúcháin Turasóireachta seo dírithe go sonrach ar dhiaspóra na Gaeltachta agus é mar acmhainn acusan agus ag a sliocht ó thaobh taighde ginealais de; beidh sé freisin ina áis tharraingteach do thurasóirí, suite ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gConamara.

 

Beidh roinnt gnéithe leis an togra, ina measc: Gairdín Cuimhneacháin ar thaobh an ionaid mar pháirt do eispéireas na n-imirceach; deiseanna oideachais a bheas bainteach leis na hacmhainní áitiúla teanga, cultúir, ceoil agus staire; eispéireas míniúcháin féinthreoraithe, a bheidh lonnaithe san ionad, agus taighde ginealais.

Dúirt an tAire Martin:

“Is cúis mhór áthais dom an maoiniú seo a cheadú d’Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna.  Tacaíonn an togra seo le gnéithe éagsúla de chuid na Roinne idir turasóireacht, cultúr, ealaíon, oidhreacht agus ar ndóigh cuirfidh sé le hinfreastruchtúr agus buanú na Gaeltachta agus na Gaeilge féin. Cuirfidh na háiseanna a bhaineann leis an togra seo -  a thógfar le cúnamh suntasach na Roinne, bonn níos láidre fós faoi fheidhmiú an phróisis pleanála teanga agus na gcuspóirí atá i bPlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge agus sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 lena mbaineann.”

 

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:

 

“Is togra tábhachtach é seo do cheantar Charna agus do Chonamara agus Iarthar na hÉireann i gcoitinne. Cuirfidh sé leis an líon turasóirí a thagann go dtí an ceantar agus cruthaíonn an tIonad seo nasc fíor-thábhachtach leis an diaspora chomh maith, rud atá fíor-thábhachtach don tír seo. Chomh maith le turasóirí a mhealladh go dtí an ceantar cruthóidh sé fostaíocht sheasmhach, ní amháin san Ionad féin ach sna hearnálacha gaolmhara eile sa cheantar.  Tréaslaím leis an gCoiste áitiúil agus na páirtithe leasmhara ar fad as ucht an togra seo a bhrú chun cinn agus a thabhairt go ceann scríbe.”

 

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin:

 

“Is lá mór é seo do na daoine ar fad a d’oibrigh ar son an togra seo le blianta fada anuas, go háirithe Coiste Ionad Cuimhneacháin na nImirceach Teo, agus pobal an cheantair seo, bíodh siad anseo i gConamara, nó scaipthe ar fud an domhain.

Beidh an tIonad nua turasóireachta seo á bhéas á bhunú leis an maoiniú seo dírithe ar cuairteoirí agus turasóirí a mhealladh go Carna agus ceantar Iorras Aithneach. Tá sé mar sprioc ag an Údarás tógáil ar an dea-obair ata déanta ag Fáilte Éireann le Slí an Atlantaigh Fhiáin, agus tograí eiseamláracha turasóireachta a fhorbairt ar fud na Gaeltachta. Beidh an togra seo ag cur leis an ngréasán sin ina bhfuil Teach Solais Fhanada, Ionad Dhún Lúiche, Sliabh Liag, SOLAS i Tuaisceart Mhaigh Eo, Uisceadán Acla, Geopháirc cheantar Dúiche Sheoigeach agus Ionad na mBlascaod. Tá súil againn, le tacaíocht na Roinne, na bpobal áitiúla agus páirtithe leasmhara, go mbeidh dul chun cinn á dhéanamh ar na tograí seo agus tograí nach iad amach anseo, agus go mbeidh an tIonad Turasóireachta i gCarna I measc an ghréasáin sin de thograí straitéiseach turasóireachta Gaeltachta.”

 

Is i gcomhréir le bearta 2.5 agus 9.2 i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge atá an deontas ceadaithe.

 

 

CRÍOCH