Foilsithe ar 

Fógairt Éire sa Ghearmáin

Inniu an 03 Márta, d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T. D. agus an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin T.D. comhinfheistíocht €2 mhilliún do shéasúr ealaíon agus cultúir na hÉireann, Éire sa Ghearmáin, a bheidh ar siúl sa Ghearmáin. Comhpháirtíocht a bheidh sa séasúr idir Cultúr Éireann agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus é mar aidhm aici cur le plé cultúrtha na hÉireann leis an nGearmáin, comhpháirtí tábhachtach san Eoraip agus muid ag ceiliúradh bhallraíocht 50 bliain san Aontas Eorpach. Ag teacht le huaillmhian Éire Dhomhanda, tá Éire tiomanta dár láithreacht agus dár dtionchar cultúrtha domhanda a neartú agus tugann sí tosaíocht straitéiseach do na healaíona agus don chruthaitheacht mar phríomhléiriú ar ár bhféiniúlacht. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo béim speisialta a chur ar chur i láthair ealaíona comhaimseartha na hÉireann sa Ghearmáin.

 

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Catherine Martin T.D.:

 

“Tá áthas orm an glaoch ar rannpháirtíocht a sheoladh i séasúr ealaíon agus cultúir na hÉireann sa Ghearmáin in 2024. Tá sé tráthúil ár naisc chultúrtha le comhpháirtithe cultúrtha Gearmánacha a athnuachan agus muid ag leanúint ar aghaidh leis an éiceachóras cultúrtha a atógáil i ndiaidh chur isteach na paindéime. Is tráth corraitheach é go háirithe chun réimse leathan ealaíona agus cultúir chomhaimseartha de chuid na hÉireann a chur i láthair do mhuintir na Gearmáine, a mbíonn tóir acu ar ealaíona agus ar chultúr na hÉireann le fada an lá. Is ábhar misnigh é oibriú i gcomhpháirtíocht le mo chomhghleacaí An Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha ar an tionscadal seo.”

 

Oibreoidh Ambasáid na hÉireann i mBeirlín agus an tArd-Chonsalacht i Frankfurt, le rannpháirtíocht ar an talamh, in éineacht le Cultúr Éireann chun an clár a chómhaoiniú, a phleanáil agus a sheachadadh.

 

Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin T.D.:

 

“Is comhpháirtí ríthábhachtach polaitiúil agus eacnamaíoch d’Éirinn í an Ghearmáin agus tá ár gcaidreamh déthaobhach ar fheabhas, le méadú mór ar theagmhálacha agus ar chomhordú idir Éirinn agus an Ghearmáin ó seoladh athbhreithniú straitéiseach 2018 ar chaidreamh na hÉireann leis an nGearmáin agus na Comhphleananna Gníomhaíochta Gearmánacha-Éireannacha ina dhiaidh sin. Tá lúcháir orm go bhfuil mo Roinnse agus ár nAmbasáid i mBeirlín agus an tArd-Chonsalacht i Frankfurt i gcomhpháirtíocht le Cultúr Éireann chun séasúr coimeádaithe a chur i láthair ina mbeidh clár cultúrtha bríomhar, comhaimseartha agus ardchaighdeáin in ionaid, institiúidí agus féilte móra ar fud na Gearmáine, agus a dhéanfaidh lucht féachana Gearmánach a mhéadú d’ealaíona na hÉireann.”

 

Sa tionscnamh speisialta tógfar ar naisc chultúrtha láidre in 2024 agus díreofar ar chlár a fhorbairt ina mbeidh réimse leathan réigiún agus cathracha tosaíochta trasna foirmeacha ealaíne ag obair i gcomhpháirtíocht le cleachtóirí, láithreoirí agus institiúidí Gearmánacha áitiúla.

 

Dúirt an tAire Catherine Martin T.D., chomh maith:

 

“Táim thar a bheith sásta go n-infheisteoidh mo Roinnse €1m trí Chultúr Éireann i gclár Éire sa Ghearmáin agus é mar aidhm aige deiseanna a chruthú agus tacú le healaíontóirí comhaimseartha Éireannacha a gcuid saothar a chur i láthair sa Ghearmáin. Tá súil agam go dtiocfaidh comhpháirtíochtaí agus comhshaothair fhadtéarmacha d’ealaíontóirí Éireannacha as an infheistíocht seo agus go gcuirfidh sé éagsúlacht ealaíona comhaimseartha na hÉireann i láthair do lucht féachana na Gearmáine.”

 

Tagann an tionscnamh nua seo tar éis do Chultúr Éireann tionscadail speisialta eile a sheachadadh go rathúil, lena n-áirítear clár cultúir idirnáisiúnta mar chuid de chlár Éire 2016 agus le déanaí, Cultúr Éireann RA18, a dhírigh ar ghníomhaíocht chultúrtha sa Bhreatain. Cruthóidh an tionscnamh nua seo deiseanna nua d’ealaíontóirí agus do chuideachtaí ar fud na bhfoirmeacha ealaíne feidhmiú ar fud na Gearmáine chomh maith lena líonraí teagmhála a fhorbairt.

 

Tá glao ar léirithe spéise i glacadh páirt sa séasúr ar fáil anois ar shuíomh gréasáin Chultúr Éireann anseo:

 

https://www.cultureireland.ie/news/article/ireland-in-germany-2024-calls-for-expressions-of-interest

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Teil: 01 6437610 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Suíomh gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

 

Nótaí d’Eagarthóirí

 

  • Ba phríomh-mholadh é an tionscnamh do mhórshéasúr cultúrtha sa Ghearmáin in Éire sa Ghearmáin – Lorg níos Leithne agus níos Doimhne, athbhreithniú straitéiseach ar chaidreamh déthaobhach a tugadh chun críche in 2018. 

 

  • Oibreoidh Cultúr Éireann go dlúth leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha chun teacht ar an lucht éisteachta is leithne agus is féidir agus féachaint le naisc agus deiseanna nua a chruthú d’ealaíontóirí Éireannacha.

 

  • Cuirfidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán maoiniú €1m ar fáil trí Chultúr Éireann agus cuirfidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha €1m sa bhreis ar fáil.

 

  • Ba cheart d’eagraíochtaí ealaíon agus d’ealaíontóirí gairmiúla Éireannacha atá ag pleanáil gníomhaíochta sa Ghearmáin cheana féin in 2024 a léiriú spéise a chur isteach chomh luath agus is féidir – tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin Chultúr Éireann anseo:

 

https://www.cultureireland.ie/news/article/ireland-in-germany-2024-calls-for-expressions-of-interest