Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Foley go gceapfar Cathaoirleach nua ar an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)

D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu go gceapfar  Cathnia Ó Muircheartaigh mar Chathaoirleach ar An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ar feadh téarma ceithre bliana go dtí an 28 Feabhra 2027, tar éis próiseas Seirbhíse Ceapacháin Phoiblí.

 

Tugann COGG comhairle don Aire Oideachais maidir le beartais a bhaineann le soláthar agus cur chun cinn an oideachais trí mheán na Gaeilge, leabhair téacs agus áiseanna foghlama Gaeilge a phleanáil agus a sholáthar agus taighde a dhéanamh ar straitéisí chun cur le héifeachtacht theagasc agus fhoghlaim na Gaeilge. 

 

Dúirt an tAire Foley: "Tá an-áthas orm ceapachán Cathnia Ó Muircheartaigh a fhógairt mar Chathaoirleach ainmnithe COGG. Tá an-taithí ag Cathnia le tabhairt faoin ról agus táim muiníneach go stiúrfaidh sé obair COGG go saineolach as seo go ceann ceithre bliana".

 

Ghabh an tAire buíochas le Cathaoirleach COGG Dónal Ó hAiniféin atá ag dul as oifig as a dhúthracht agus a thiomantas d'obair COGG thar roinnt blianta fada. 

 

DEIREADH

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

 

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)

 

Tá 12 chomhalta ar Bhord COGG, atá ainmnithe ag raon comhlachtaí ionadaíocha.  Bunaíodh COGG faoi Alt 31 den Acht Oideachais 1998, ina leagtar amach gurb é cuspóir an bhoird–

  1. téacsleabhair agus áiseanna a phleanáil agus a chomhordú don fhoghlaim agus don teagasc trí Ghaeilge
  2. comhairle a chur ar an Aire maidir le beartais a bhaineann le soláthar agus
  3.  cur chun cinn an oideachais trí mheán na Gaeilge i scoileanna aitheanta i gcoitinne agus i scoileanna atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta
  4. seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do na scoileanna sin trí mheán na Gaeilge
  5. taighde a dhéanamh ar aon ábhar nó ar gach ní lena mbaineann an mhír seo
  6. téacsleabhair agus áiseanna a phleanáil agus a chomhordú d'fhoghlaim agus do theagasc na Gaeilge agus taighde a dhéanamh ar straitéisí a bhfuil sé mar chuspóir acu feabhas a chur ar éifeachtacht theagasc na Gaeilge i scoileanna agus in ionaid aitheanta oideachais.

Déanfaidh COGG comhairle freisin ó am go ham de réir mar is cuí léi, comhairle a thabhairt don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir le hábhair a bhaineann le:-

  1. i) teagasc na Gaeilge
  2. ii) oideachas a sholáthar trí mheán na Gaeilge, lena n-áirítear nithe a bhaineann leis an gcuraclam do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna a chuireann oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge mar aon le nósanna imeachta measúnaithe a mbaintear leas astu sna scoileanna sin agus
  • iii) riachtanais oideachais daoine atá ina gcónaí i gceantar Gaeltachta

Tá an Bord freagrach as gníomhaíochtaí COGG a stiúradh, treoir straitéiseach a chur ar fáil don fhoireann feidhmiúcháin agus monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na bainistíochta.

Is é ról an Chathaoirligh:

  • Bord COGG a stiúradh.
  • Bainistíocht feidhmíochta a stiúradh - do COGG ar an iomlán, don POF agus do bhord COGG
  • Comhlíonadh a stiúradh – trí shocruithe éifeachtacha iniúchta inmheánacha agus seachtracha agus comhlíonadh iomlán le gach príomhriachtanas rialála agus tuairiscithe
  • Dea-rialachas a choinneáil
  • Clár oibre bhord COGG a shocrú
  • Cinntigh go gcuireann an POF dóthain faisnéise ar fáil do bhord COGG chun tacú le cinnteoireacht
  • A chinntiú go bhfuil an bord éifeachtach agus go n-éascaíonn sé rannpháirtíocht iomlán ag gach comhalta den bhord

 

Tá foireann feidhmiúcháin lánaimseartha de 11 ag COGG faoi láthair, faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh.

 

In 2023, tá an COGG maoinithe ag an Roinn i méid circa. €3m.

 

Tá suíomh gréasáin COGG ar fáil ag www.cogg.ie