Foilsithe ar 

  Fáilte curtha ag an Aire Dlí agus Cirt, Eiléana Nic an tSaoi, T.D., roimh fhoilsiú na chéad Tuarascála Bliantúla 2021/2022 ón mBord Parúil reachtúil

 

Fáilte curtha ag an Aire Dlí agus Cirt, Eiléana Nic an tSaoi, T.D., roimh fhoilsiú na chéad Tuarascála Bliantúla 2021/2022 ón mBord Parúil reachtúil

 

 

 

 

Chuir an tAire Dlí agus Cirt, Eiléana Nic an tSaoi, fáilte inniu roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil an Bhoird Parúil reachtúil, an chéad cheann dá leithéid. Clúdaítear i dTuarascáil Bhliantúil an Bhoird Parúil 2021/2022 tréimhse d’fhorbairt agus athrú suntasach do pharúl in Éirinn ó d’achtaigh an tAire Nic an tSaoi an tAcht Parúil, 2019, sa bhliain 2021.

 

Le linn don Aire Nic an tSaoi labhairt faoin bhfoilsiú, dúirt sí:

 

“Tá an-áthas orm foilsiú Thuarascáil Bhliantúil an Bhoird Parúil, an chéad cheann dá leithéid, a fheiceáil agus í foilsithe dhá bhliain tar éis dom an Bord Parúil a bhunú mar chomhlacht reachtúil neamhspleách.

 

“Is ócáid chinniúnach é seo agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an bPríomhfheidhmeannach, Ciairín de Buis, foireann uile an Bhoird Parúil, an Cathaoirleach, an Breitheamh Onórach Michael White agus comhaltaí den Bhord as a n-obair dhíograiseach agus a ndúthracht.”

 

 

Le linn na chéad bliana go leith den bhord a bheith i bhfeidhm, thug an Bord faoi mhéid suntasach d’obair ullmhúcháin a bhain leis na próisis nua, iarratais agus rialachas corparáide.

 

Faoi na hathchóirithe a d’achtaigh an tAire Nic an tSaoi, de réir an dlí, ní mór do dhuine 12 bhliain ar a laghad dá bpríosún saoil a bheith caite aige/aici sular féidir leis an mBord iarratas ar pharúl a dheonú nó a dhiúltú.

 

 Is éard atá sa phróiseas parúil dá ndéanann an tAcht foráil ná roinnt céimeanna nach mór cloí leo sular féidir athbhreithniú a dhéanamh ar aon chás ar leith.  Faoin bpróiseas nua reachtúil parúil, tá sé de cheart foirmiúil ag íospartaigh aighneachtaí a chur faoi bhráid an Bhoird Parúil maidir le hiarratas an chiontóra ar pharúl.

 

Mar chuid den phróiseas parúil, d’fhéadfadh teacht a bheith ag íospartaigh agus iarratasóirí ar pharúl ar ionadaíocht dhlíthiúil, agus éilítear ar an mBord Parúil Scéim um Chúnamh Dlíthiúil a bhunú agus painéal d’aturnaetha agus abhcóidí atá cáilithe go cuí a bhunú chun cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil sa chás go gcuireann na páirtithe ábhartha in iúl gur mian leo é sin.

 

Dúirt an tAire Nic an tSaoi chomh maith:

 

“Is mar gheall go bhfuil níos mó béime ar rannpháirtíocht íospartach sa phróiseas parúil go bhfuil an Bord Parúil ag iarradh teagmháil ar bhonn gníomhach a dhéanamh le híospartaigh ábhartha agus, nuair is féidir, a dhéanamh cinnte ar mian leis an t-íospartach aighneacht a chur faoi bhráid an Bhoird Parúil nó nach mian. Cé go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil sé seo dúshlánach, tá obair mhór déanta ag an mBord ó thaobh próiseas rannpháirtíochta na n-íospartach a fhorbairt ó bunaíodh é. 

 

B’fhorbairt é an feachtas eolais ‘My Voice Counts/Your Voice Counts’ a sheol an Bord Parúil i mí na Samhna, 2022, ar cuireadh an-fháilte roimhe go háirithe.” 

 

Glacadh céimeanna suntasacha freisin chun teagmháil a dhéanamh leis na hiarratasóirí ar pharúl agus le príosúnaigh atá faoi phríosún saoil. Chomh maith le heolas faoi pharúl a scaipeadh, reáchtáil comhaltaí den Bhord Parúil 10 seisiún eolais sna príosúin ábhartha ar fud na tíre chun an próiséas parúil a phlé agus a mhíniú.

 

Tugtar ar aird sa tuarascáil go bhfuil caidrimh oibre láidre, prótacail tuairiscithe agus malartú réidh faisnéise forbartha leis an tSeirbhís Phromhaidh, Seirbhís Phríosúin na hÉireann (lena n-áirítear Seirbhísí Síceolaíochta Sheirbhís Phríosúin na hÉireann), An Garda Síochána agus an tSeirbhís Chúirteanna, le linn 2021 agus 2022. 

 

Le linn do Phríomhfheidhmeannach an Bhoird Parúil, Ciairín de Buis, a bheith ag labhairt faoin bhfoilsiú, dúirt sí:

 

“Is cúis áthais dom agus tá sé de phribhléid agam an Tuarascáil Bhliantúil seo faoi obair an Bhoird Parúil a chur i láthair, an chéad cheann ó bunaíodh an Bord ar bhonn reachtúil, le linn 2021-2022. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Cathaoirleach an Bhoird Parúil, an Breitheamh Onórach Michael White, le comhaltaí an Bhoird, agus le mo chomhghleacaithe as a n-obair dhíograiseach agus as a ndúthracht. Léiríonn siad go bhfuil siad iontach tuisceanach agus tugtha don obair a dhéanann siad, obair atá deacair, casta agus dúshlánach.

 

Tá athrú suntasach tagtha ar an bpróiseas parúil ó tugadh isteach an tAcht Parúil, 2019. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na hiarratasóirí agus na híospartaigh a raibh muinín acu asainn –bord parúil neamhspleách a chosnaíonn an pobal, atá cothrom le hiarratasóirí agus a éisteann le híospartaigh.”

 

Críoch

 

Nóta d’Eagarthóirí

 

Bunaíodh an Bord Parúil mar chomhlacht reachtúil faoin Acht Parúil, 2019 (an tAcht) ar an 31 Iúil, 2021. Faoin reachtaíocht seo, déanann an Bord Parúil cinntí chun parúl a dheonú nó a dhiúltú go neamhspleách ón Aire Dlí agus Cirt, le teacht in áit an Bhoird Parúil Eatramhaigh a bhí i bhfeidhm ón mbliain 2001. Clúdaítear sa Tuarascáil Bhliantúil an tréimhse ó bunaíodh an Bord ar bhonn reachtúil ón 31 Iúil, 2021, go dtí an 31 Nollaig, 2022.

 

Faoi alt 10 den Acht Parúil, 2019, ní bheidh níos lú ná 12 chomhalta ná níos mó ná 15 chomhalta ar an mBord agus is faoin Aire a bheidh sé comhaltaí an Bhoird a cheapadh. I measc chomhaltas an bhoird, tá ainmnithe an Phríomh-Bhreithimh, Ardchomhairle Bharra na hÉireann, Dlí-Chumann na hÉireann, Coláiste Síciatraithe na hÉireann, Cumann Síceolaithe Éireann, Ard-Stiúrthóir Sheirbhís Phríosúin na hÉireann, Coimisinéir an Gharda Síochána, Stiúrthóir na Seirbhíse Promhaidh.

 

De réir an dlí, ní mór do dhuine 12 bhliain ar a laghad dá bpríosún saoil a bheith caite aige/aici sular féidir leis an mBord iarratas ar pharúl a dheonú nó a dhiúltú.

 

I measc bhuaicphointí na bliana 2021 agus 2022, tharla na nithe seo a leanas: 

 

  • Bunaíodh an Bord ar bhonn foirmiúil ar an 31 Iúil, 2021.
  • Ceapadh Cathaoirleach agus Comhaltaí Boird ar an 10 Lúnasa, 2021.
  • Bunaíodh Scéim um Chúnamh Dlíthiúil agus bunaíodh painéal chun cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil d’íospartaigh agus d’iarratasóirí ar pharúl araon.
  • Cuireadh comhaontuithe roinnte sonraí i bhfeidhm le páirtithe leasmhara ábhartha.
  • Thosaigh an Bord ag athbhreithniú iarratas i Meitheamh 2022. 
  • Reáchtáladh 4 chruinniú Boird in 2021.
  • Reáchtáladh 13 chruinniú Boird in 2022. 
  • Athbhreithníodh 22 iarratas ar pharúl agus rinneadh cinneadh ina leith in 2022.
  • Scaoileadh aon duine amháin amach ar parúl in 2022.
  • Tionóladh 10 seisiún eolais sna príosúin iomchuí ar fud na tíre.
  • Rinne 223 príosúnach (as 247 príosúnach incháilithe) iarratas ar pharúl faoi dheireadh mhí na Nollag 2022. 
  • Seoladh an feachtas eolais ‘My Voice Counts/Your Voice Counts’ d’íospartaigh i mí na Samhna 2022. Is éard a bhí san fheachtas ná fógraí i réimse páipéar nuachtáin náisiúnta agus áitiúil, taispeáintí digiteacha, chomh maith le fógraí 30 soicind ar stáisiúin raidió áitiúla agus náisiúnta agus ar phodchraoltaí.
  • Ag deireadh na bliana 2022, bhí an Bord i dteagmháil le 291 íospartach in 105 iarratas ar pharúl.
  • Cuireadh raon oiliúna ar fáil don fhoireann lena n-áirítear oiliúint maidir le feasacht ar thráma, feasacht ar mhíchumas, feasacht ar uathachas, cosaint sonraí agus Béarla simplí.

 

Tosca a bhreithníonn an Bord maidir lena chinneadh parúl a dheonú nó a dhiúltú

 

Leagtar amach in Alt 27 den Acht Parúil, 2019 na tosca atá le breithniú ag an mBord Parúil nuair atá oiriúnacht iarratasóra le haghaidh parúil á chinneadh.

Go príomha, ní mór don Bhord a bheith sásta nach mbeadh priacal míchuí ag baint leis an iarratasóir do shábháilteacht agus slándáil daoine den phobal agus go mbeadh siad ábalta athlánpháirtiú isteach sa tsochaí.

Ina theannta sin, tugtar cuntas in alt 27(2) ar líon fachtóirí nach mór don Bhord a bhreithniú freisin amhail:

 

  • cineál agus tromaíocht an chiona,
  • moltaí na cúirte a ghearr an phianbhreith,
  • aon chion eile ar ciontaíodh an t-iarratasóir ina leith,
  • iompar an iarratasóra le linn dó/di an phianbhreith a chur isteach agus le linn aon tréimhse scaoilte roimhe seo,
  • ábhair imní a bhaineann le comhlíonadh na gcoinníollacha parúil, cóireáil nó oiliúint a cuireadh ar an iarratasóir,
  • aighneachtaí arna ndéanamh ag an iarratasóir nó thar a cheann nó thar a ceann
  • aighneachtaí arna ndéanamh ag an íospartach iomchuí nó thar a cheann nó thar a ceann, agus
  • aon ní eile den sórt sin is cuí leis an mBord.

 

Tá an Bord Parúil go hiomlán neamhspleách in úrscaoileadh a fheidhmeanna.