Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Stáit O’Donovan roimh infheistíocht €910,000 d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge agus d’fhorbairt na hUltaise

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D. roimh infheistíocht bhreise dár luach €910,000 atá ceadaithe do thionscadail in earnálacha na Gaeilge agus na hUltaise. Tacóidh an maoiniú seo ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le tionscadail foclóireachta, foilsitheoireachta, cultúir agus ceoil, ag forbairt acmhainní nua agus ag cur chun cinn an dá theanga.

 

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:

“Tá an-áthas orm go bhfuil an maoiniú seo curtha ar fáil ag mo Roinn do na forais teanga thuadh theas, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, chun tacú le tionscadail éagsúla Gaeilge agus Ultaise ar fud an oileáin.

 

“Tabharfaidh an infheistíocht seo tacaíocht bhreise d'earnáil na foilsitheoireachta agus na scríbhneoireachta Gaeilge dul i ngleic leis na dúshláin atá san earnáil faoi láthair agus cinnteoidh sé go bhfuil áiseanna cartlainne agus foclóireachta á bhforbairt agus ar fáil do phobal na Gaeilge.

 

“Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don oidhreacht Ultaise sna contaetha cois teorann agus cuideoidh an tacaíocht seo le tionscnaimh nua a fhorbairt chun an oidhreacht sin a chaomhnú agus a leathnú.”

 

Is iad seo a leanas na tionscadail sin:

 

Foras na Gaeilge: Cuirfear €600,000 ar fáil d’Fhoras na Gaeilge le h-infheistiú in earnálacha na foilsitheoireachta agus na foclóireachta. Cuirfear €300,000 den mhaoiniú seo i dtreo scríbhneoirí agus foilsitheoirí leabhair Ghaeilge trí scéimeanna a riartar faoi Chlár na Leabhar Gaeilge. Anuas air sin, cabhróidh an infheistíocht seo le nuachóiriú a dhéanamh ar chóras dáileacháin Áisíneacht Dáileacháin Leabhar (ÁIS) agus le straitéis mhargaíochta a fhorbairt don earnáil.

 

Cuirfear €300,000 eile i dtreo thionscadail foclóireachta an Fhorais chun íoc as costais a bhaineann leis an obair bhunfhoclóireachta, forbairt acmhainní reatha, mar aon le feasacht agus poiblíocht a dhéanamh ar na tionscadail.

 

Gníomhaireacht na hUltaise: Tá maoiniú de €150,000 ceadaithe do Ghníomhaireacht na hUltaise le tionscnaimh oideachais a fhorbairt agus le cur i dtreo chlár píolótach do bhannaí máirseála. Tá clár oideachais dírithe ar an Ultais á fhorbairt, a thabharfaidh deis do dhaltaí idirbhliana foghlaim faoi fhéiniúlacht na hUltaise – an teanga, an oidhreacht, an cultúr agus na traidisiúin a bhaineann leis.

 

Beidh cuid den mhaoiniú á chur ar fáil do clár píolótach do bhannaí máirseála i gcontaetha na teorann, le tacú le riachtanas fearais san earnáil. Cuideoidh an clár le hathbheochan a dhéanamh ar na bannaí seo agus an traidisiún a chaomhnú.

 

Oireachtas na Samhna: Tá €80,000 ceadaithe d’Oireachtas na Samhna le tús a chur le forbairt áiseanna cartlainne i gcomhpháirtíocht le Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá cartlann ábhair curtha le chéile ag Oireachtas na Samhna ag cuimsiú saothar scríbhneoirí, amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí, filí, seanchaithe, reacairí agus ealaíontóirí den uile disciplín comhaimseartha. Beidh an maoiniú seo mar thaca don Oireachtas le clár iomlán a fhorbairt chun cartlann nua digiteach a chur ar fáil ar líne sna blianta amach romhainn.

 

Comhar: Tá maoiniú aon-uaire de €80,000 ceadaithe don iris, Comhar, chun tacú le forbairt na scríbhneoireachta agus na litríochta trí fhoilsiú agus dáileadh na hirise míosúla. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas na hirise ardán tábhachtach a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge a gcuid saothar a léiriú os comhair an phobail, i gcló agus ar líne.

 

CRÍOCH