Foilsithe ar 

Freastalaíonn an tAire Byrne, an tAire Stáit don Spórt, ar Chruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta na nAirí Spóirt maidir leis an Úcráin

Inniu, an 10 Feabhra 2023, rinne an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne T.D., iondaíocht ar Éirinn ar chruinniú mullaigh ar líne d’Airí Spóirt ón Eoraip, ó Mheiriceá Thuaidh agus ón Áis. Labhair Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy leis an gcruinniú. Thionóil Rialtas na Ríochta Aontaithe an cruinniú mullaigh, an tríú cruinniú dá leithéid ó thosaigh an cogadh san Úcráin, agus socraíodh go bpléifí freagra comhordaithe idirnáisiúnta ar rún sonraithe an Choiste Oilimpeach Idirnáisiúnta (COI) chun forbairt slí a fhiosrú le haghaidh rannpháirtíocht athnuaite lúthchleasaithe na Rúise agus na Bealarúise i gcomórtais spóirt idirnáisiúnta. D'eisigh an COI ráiteas ina leith sin ar an 25 Eanáir 2023:

https://olympics.com/ioc/news/statement-on-solidarity-with-ukraine-sanctions-against-russia-and-belarus-and-the-status-of-athletes

Dúirt an tAire Byrne gur“aontaíodh nach dtugann cúinsí reatha an chogaidh san Úcráin údar maith do lúthchleasaithe na Rúise agus na Bealarúise filleadh ar spórt idirnáisiúnta ag an am seo, is cuma má ghlacann siad páirt nó nach nglacann siad páirt faoi bhratach neodrach mar a thugtar air.”

Dúirt an tAire Byrne freisin gur“mhór an spreagadh é óráid an Uachtaráin Zelenskyy ag an gcruinniú agus gur cuireadh in iúl go láidir dó ag an gcruinniú go bhfuiltear ag seasamh gualainn ar ghualainn le muintir na hÚcráine. Chuir mé féin dlúthpháirtíocht dhionghbháilte sheasmhach mhuintir na hÉireann le muintir agus le lúthchleasaithe na hÚcráine in iúl i m’aitheasc.”

Aontaíodh ag an gcruinniú go n-ullmhófaí agus go n-eiseofaí ráiteas na nAirí go luath i ndiaidh an chruinnithe.

 

CRÍOCH