Foilsithe ar 

Ionad Oideachais agus Óige le bheith forbartha in Indreabhán

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D agus an tAire Stáit don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan T.D. (inniu) go bhfuil allúntas €314,280 á chur fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, d’Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le hiarratas ar chead pleanála a ullmhú agus a dhéanamh maidir le hIonad Oideachais agus Óige nua a thógfar in Indreabhán. Is ar mhaoin de chuid an Údaráis sa gCnoc, atá in úsáid ag Coláiste Lurgan agus grúpaí pobail, a thógfar an t-ionad.

 

Beidh an t-ionad comhdhéanta de halla ilfheidhmeach, seomraí ranga, cistin, oifigí chomh maith le spás spraoi agus páirceála lasmuigh. Ach cead pleanála a bheith faighte ag an Údarás, táthar ag súil go mbeidh an t-ionad tógtha faoi fhómhar 2025 nó mar sin.

 

Ceaptar go mbeifear réidh le hiarratas ar chead a chur faoi bhráid Chomhairle Contae na Gaillimhe faoi shamhradh na bliana seo.

 

Beidh an t-ionad faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht an Údaráis, agus é ina áis oideachais, óige, spóirt agus pobail lasmuigh de thréimhse an tsamhraidh – tráth a mbeidh sé in úsáid ag Coláiste Lurgan mar phríomhthionónta. Ceapfaidh an tÚdarás duine in am tráth nuair atá an t-ionad tógtha chun an t-ionad a bhainistiú ar bhonn laethúil chomh maith le coiste comhairleach a bheidh comhdhéanta de pháirtithe leasmhara áitiúla.

 

Dúirt an tAire Martin:

 

“Is cúis mhór áthais go bhfuil an pointe seo bainte amach maidir le forbairt Ionad Oideachais agus Óige seo i gceantar Cois Fharraige.  Tá buíochas mór ag dul do gach éinne a d’oibrigh go díograiseach as lámha a chéile le blianta beaga anuas i dtreo comhthuiscint a aimsiú agus a bheith réidh chun iarratas a dhéanamh ar chead pleanála. Cuirfidh na háiseanna a bhaineann leis an ionad nua -  a thógfar le cúnamh suntasach na Roinne, bonn níos láidre fós faoi fheidhmiú an phróisis pleanála teanga agus na gcuspóirí atá i bPlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge agus sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 lena mbaineann.”

 

 

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:

 

“Tá an togra seo ar cheann de na tograí pobail agus teanga is suntasaí a raibh baint ag an Roinn leis riamh. Níl aon amhras orm ach go rachaidh an tIonad seo chun tairbhe phobal Chois Fharraige chomh maith le foghlaimeoirí Gaeilge ar fud na tíre.  Beidh an t-ionad nua-aimseartha seo ina acmhainn thábhachtach d’fhoghlaim na Gaeilge agus do chúrsaí oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear cúrsaí oiliúna Gaeilge san earnáil phoiblí agus sa phobal.  Déanfar freastal ann chomh maith ar ndóigh ar na healaíona, ar an gceardaíocht, an teicneolaíocht, cúrsaí spóirt agus go mór mhór ar an óige -  ceann de na spriocghrúpaí is tábhachtaí ó thaobh thodhchaí na Gaeilge.”

 

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin:

 

“Is údar mór sásaimh dúinn go bhfuil céim mhór chun cinn tógtha anois sa togra seo. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Aire Martin agus don Aire Stáit O’Donovan, d’oifigigh na Roinne, agus dóibh siúd ar fad a d’oibrigh go dícheallach ar an togra seo ó 2020 i leith ar son leas an phobail, leas na Gaeltachta agus leas na Gaeilge. Creideann muid gur togra é seo atá ríthábhachtach do thodhchaí na Gaeilge, ní amháin i gCois Fharraige ach go náisiúnta.  Bhí próiseas fada agus casta le muid a thabhairt chuig an bpointe seo, ach tá muid lán-mhuiníneach go mbeidh an tIonad Oideachais agus Óige ina eiseamláir náisiúnta, ag freastal ar óige na Gaeltachta agus ar phobal labhartha agus foghlamtha na Gaeilge ar fud na tíre. Leanfaidh an tÚdarás ag obair go dlúth leis an Roinn agus le pobal Chois Fharraige le cinntiú go bhforbraítear ionad ar an gcaighdeán is airde a rachaidh chun sochar na nglúnta atá le teacht”

Is i gcomhréir le bearta 2.13, 2.14 agus 2.15 sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 atá cistíocht na Roinne á cur fáil don togra seo faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne.

 

Críoch