Foilsithe ar 

Molann an tAire Martin éachtaí mhná na hÉireann ar Lá Idirnáisiúnta na mBan

Inniu (an 7 Márta), roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan, mhol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., an obair ollmhór a dhéanann mná na hÉireann ar leibhéal domhanda.

 

Tá ceiliúradh á dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan ó 1911 i leith. Dhírigh an tAire Martin aird chomh maith ar an ról lárnach a bhí ag mná i múnlú féiniúlacht chultúrtha agus chruthaitheach na hÉireann.

 

Is ceiliúradh domhanda é Lá Idirnáisiúnta na mBan ar chearta na mban, ina ndírítear aird ar cheisteanna amhail comhionannas inscne agus dul chun cinn sóisialta, eacnamaíoch, cultúrtha agus polaitiúil na mban. Is é téama na bliana seo ná “Cothromas a Chur Chun Cinn”

 

Dúirt an tAire Martin inniu:

 

“Tá sé thar a bheith tábhachtach, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, go ndírímid aird ar an obair iontach a dhéanann mná sa chultúr, sna healaíona, sa spórt agus sna meáin, agus ar ndóigh sa Ghaeilge. Agus ar fud an domhain, d’éirigh go hiontach le mná na hÉireann ar nós Sonia O’Sullivan, Katie Taylor, Katie McCabe, Maureen O’Hara, Maria Edgeworth, Nuala Ní Dhomhnaill, Mary Swanzy, Sybill Connolly, Mary Robinson, Saoirse Ronan, Enya, Marian Keyes agus Maeve Binchy ina réimsí féin, ina n-amanna féin, agus d’fhág siad rian suntasach ar an domhan.

“Chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh i mbliana, réachtálfar raon gníomhaíochtaí inár bhforais náisiúnta cultúir ar féidir le gach duine sult a bhaint astu, agus tá mo Roinnse ag tacú leis na tionscnaimh seo ina ndéantar ceiliúradh ar an obair a dhéanann mná.  Ba bhreá liom dá nglacfadh níos mó ban páirt i ngach gné dár n-oidhreacht chultúrtha agus spóirt.”

D’eagraigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán - i gcomhar le gníomhaireachtaí agus forais faoina coimirce - réimse leathan imeachtaí a eagrú ar fud an tírdhreacha chultúrtha chun ceiliúradh na bliana seo a chomóradh.

I measc na mbuaicphointí tá:

 

  • Reáchtálfar ‘seisiún láimhseála’ idirghníomhach dar teideal Unconvertable Rebels in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, atá lonnaithe i nDún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath.

Déanfar iniúchadh ann ar réada ó bhailiúchán láimhseála an Mhúsaeim a léiríonn stair ghníomhaíochas na mban le linn ré réabhlóideach 1913-1923, ag cur béime ar roinnt daoine tábhachtacha a mhúnlaigh an tréimhse neamhghnách seo de stair na hÉireann. Beidh rudaí ann, mar urchair, paimfléid agus suaitheantais, a léiríonn na róil iomadúla a bhí ag mná le linn na tréimhse suaite seo.

Tuilleadh sonraí ar fáil anseo.

 

  • D'eagraigh Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) réimse gníomhaíochtaí do Lá Idirnáisiúnta na mBan, ar nós siúlóid bithéagsúlachta trína ngairdíní foirmiúla agus a móinéir iontacha. Is féidir le cuairteoirí foghlaim faoi ruaimniú nádúrtha agus próisis déanta dúigh, chomh maith le páirt a ghlacadh i dturas treoraithe ar an taispeántas cúlghabhálach, ‘Irish Gothic’ le Patricia Hurl. Is féidir tuilleadh eolais a léamh anseo.

 

  • Is in Ionad James Joyce i mBaile Átha Cliath a bheidh ‘Reading Molly’, léamh grúpa ar fhéinuirríoll cáiliúil Molly Bloom ó Ulysses le James Joyce. Léiríonn an chaibidil dheireanach iontach seo d’úrscéal eipiciúil Joyce i mBaile Átha Cliath an éirim agus an paisean go léir a bhaineann leis. Féach anseo le haghaidh tuilleadh sonraí.

 

  • Ar an 8 Márta, óstálfaidh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann turas faoi théama Lá Idirnáisiúnta na mBan, ag fiosrú rogha saothar le ban-ealaíontóirí i mbailiúchán buan an Ghailearaí. Tuilleadh sonraí ar fáil anseo.

 

  • Agus i gCorcaigh, cuirfidh Dánlann Crawford triúr ealaíontóirí Éireannacha chun cinn óna dtaispeántas Behind the Scenes. I saothar Norah Brigid Ní Chuill tugtar léargas ar chultúr an Lucht Siúil ar bhealach dearfach nó neamh-steiréitipiciúil. Is ball í Angela Burchill de Crawford Supported Studios, agus is ealaíontóir de dhath í Suzanna Chan a dtugann a saothar dúshlán do róil steiréitipiciúla inscne a chomhlíonadh. Tugann saothair ealaíne na mban seo éagsúlacht agus cuimsiú don Bhailiúchán Náisiúnta. Tuilleadh sonraí ar fáil anseo.