Foilsithe ar 

Ráiteas ón Aire Catherine Martin T.D.

Inniu labhair mé leis an gCathaoirleach agus thug sí léargas dom ar sheasamh an Bhoird, go háirithe maidir le nádúr fíor-mhíshásúil an eolais atá á chur ar fáil ag an bhFeidhmeannas.

Chuir sí in iúl dom go bhfuil an Bord tar éis scríobh anois chuig an Leas-Ard-Stiúrthóir agus chuig an Ard-Stiúrthóir nua ag cur in iúl go bhfuil sé seo do-ghlactha, agus gur chaill siad muinín san Fheidhmeannas. Sa chomhthéacs seo, d'iarr an Bord go ndéanfaí beart go tapa. Labhróidh an Cathaoirleach faoin gceist seo ag Coiste na Meán inniu. 

Tuigim go hiomlán an cailleadh muiníne sin agus go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh soiléireacht iomlán maidir leis sin, agus na fadhbanna go léir, le fáil gan aon mhoill eile. 

Táim chun mo chruinniú leis an gCathaoirleach, leis an AS gníomhach agus leis an Ard-Stiúrthóir nua a thabhairt chun cinn go dtí amárach. Tá sé ar intinn agam an cuntasóir fóiréinseach a bheith i bhfeidhm an tseachtain seo chugainn i bhfianaise na práinne atá leis na cúrsaí seo. 

Dhearbhaigh an Cathaoirleach freisin go gcuirfidh siad tús le himscrúdú breise  Grant Thornton ar Toy Show the Musical.

 

CRÍOCH