Foilsithe ar 

Seachtain Spóirt na hEorpa: Molann na hAirí Martin agus Byrne do gach duine páirt a ghlacadh inti 

Seachtain Spóirt na hEorpa: Molann na hAirí Martin agus Byrne do gach duine páirt a ghlacadh inti 

 

Liosta iomlán imeachtaí ar fud na hÉireann ar fáil ar: www.sportireland.ie/europeanweekofsport.

 

Agus muid ag cur tús le Seachtain Spóirt na hEorpa 2023, tá an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne TD, ag moladh do dhaoine triail a bhaint as spóirt nua agus a bheith níos gníomhaí. 

 

Dúirt an tAire Catherine Martin:  “Mar Rialtas, tá rún againn oibriú chun rannpháirtíocht ar feadh an tsaoil sa spórt agus sa ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn ionas gur féidir le gach duine sult a bhaint as stíl mhaireachtála níos sláintiúla. Táimid tiomanta do chur chuige Spóirt do Chách ina ndírítear ar a chinntiú go mbíonn an deis ag gach duine páirt chomhionann a ghlacadh sa spórt agus sa ghníomhaíocht choirp le béim ar inrochtaineacht, éagsúlacht agus cuimsiú. Beidh imeachtaí ar siúl ar fud na tíre an tseachtain seo, ina dtabharfar deis do dhaoine páirt a ghlacadh sa spórt agus a bheith gníomhach. Is deis í Seachtain Spóirt na hEorpa do dhaoine páirt a ghlacadh sa spórt agus táthar ag súil go leanfaidh siad ar aghaidh le saol níos gníomhaí a chaitheamh amach anseo.”

 

Dúirt an tAire Byrne: “Beidh an-chuid imeachtaí ar siúl ar fud na tíre an tseachtain seo agus is deis iontach í do dhaoine de gach aois agus cumas triail a bhaint as spóirt agus gníomhaíochtaí nua agus taithí a fháil ar na buntáistí iomadúla a bhaineann lena bheith gníomhach. Tá rannpháirtíocht sa spórt agus sa ghníomhaíocht fhisiciúil a mhéadú mar bhunchloch ár mBeartas Náisiúnta Spóirt agus tá sé mar aidhm againn mar Rialtas 60% dár ndaonra aosach a fheiceáil ag glacadh páirte  sa spórt go rialto faoi 2027. Molaim do gach duine teacht le chéile lenár gcomharsana san Eoraip agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí ina gceantar an tseachtain seo agus spórt nó gníomhaíocht a aimsiú a mbaineann siad taitneamh as agus a chuideoidh leo stíleanna maireachtála níos sláintiúla agus níos gníomhaí a bheith acu.”

 

Bíonn Seachtain Spóirt na hEorpa ar siúl ón 23 go dtí an 30 Meán Fómhair agus is tionscnamh bliantúil ina ndírítear ar stíleanna maireachtála níos gníomhaí agus níos sláintiúla a chur chun cinn do na milliúin duine san Eoraip agus níos faide i gcéin. 

Reáchtáltar Seachtain Spóirt na hEorpa do gach duine, beag beann ar aois, cúlra nó leibhéal aclaíochta. Agus béim á cur ar thionscnaimh phobail, is é an aidhm atá leis Eorpaigh a spreagadh chun a bheith gníomhach ar bhonn rialta agus deiseanna a chruthú i saol laethúil daoine chun níos mó aclaíochta a dhéanamh. 

Baineann an tseachtain seo le deiseanna a chur ar fáil do dhaoine in Éirinn a bheith gníomhach agus triail a bhaint as rud éigin nua. Chomh maith le roinnt imeachtaí suaitheanta, beidh imeachtaí áitiúla ar siúl ar fud na tíre a eagraíonn Comhpháirtíochtaí  Áitiúla Spóirt agus Comhlachtaí Náisiúnta Rialaithe Spóirt. Liosta iomlán imeachtaí ar fáil ar: www.sportireland.ie/europeanweekofsport

Beidh Féile #BíGníomhach a bheidh ar siúl ar Champas Spórt Éireann Dé Domhnaigh an 24 Meán Fómhair mar bhuaicphointe ina mbeidh breis agus 50 spórt agus gníomhaíocht éagsúil ar féidir le daoine páirt a ghlacadh iontu ar an lá a thaispeáint. Áireofar i bhFéile #BíGníomhach gníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh a bheidh lán de thaispeántais, láithrithe pearsantachta spóirt, seisiúin bhlaiste, crios scileanna, crios trófaí, sráidbhaile bia, ceoil agus go leor eile.

 

An Oifig Phreasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Teil: 01 6437610

Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie

Láithreán gréasáin: www.gov.ie/dtcagsm

Twitter: https://twitter.com/DeptCulturelRL

Facebook: https://www.facebook.com/DepartmentofCultureIRL

Instagram: https://www.instagram.com/tourism.culture.gaeltacht/

LinkedIn: https://www.linkedin.com/company/departmentofcultureirl

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

Spreagann tionscnamh Sheachtain Spóirt na hEorpa saoránaigh Eorpacha le bheith gníomhach, ní hamháin le linn na Seachtaine, ach le fanacht aclaí ar feadh na bliana.

Is éard atá i gceist leis an tionscnamh seo atá á stiúradh ag an gCoimisiún Eorpach ná comhoibriú dlúth leis na comhordaitheoirí náisiúnta agus go leor comhpháirtithe éagsúla atá tiomanta do thacú lena spriocanna. Is é Spórt Éireann an Comhlacht Comhordaithe Náisiúnta do Sheachtain Spóirt na hÉireann agus chuir siad maoiniú ar fáil d’ilimeachtaí suaitheanta chomh maith le himeachtaí áitiúla arna reáchtáil ag Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt agus Comhlachtaí Rialaithe Náisiúnta.

 

Seo a leanas roinnt imeachtaí suaitheanta le linn Sheachtain Spóirt na hEorpa;

Dé Sathairn, an 23 Meán Fómhair:

  • Canúáil Éireann - Féile Chéaslaithe #BíGníomhach (ar fud na tíre)
  • Oícheanta #BíGníomhach ar fud 7 gCathair Ghníomhacha – DLR, Cathair Bhaile Átha Cliath Theas, Fine Gall, Corcaigh, Luimneach & Port Láirge.

Dé Domhnaigh, an 24 Meán Fómhair:

  • Féile #BíGníomhach Champas Spórt Éireann
  • Sléibhteoireacht Éireann – Lá Náisiúnta Siúlóide

Dé hAoine, an 29 Meán Fómhair:

  • Cumann Chorpoideachas Bunscoile na hÉireann