Foilsithe ar 

Síníonn an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D orduithe chun Coimisiún na Meán a bhunú go foirmiúil agus chun go gcuirfear tús le príomhfhorálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022

Shínigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. ordú Aire a bhunóidh Coimisiún na Meán ar bhonn reachtúil le héifeacht ón 15 Márta 2023.

 

Shínigh an tAire Martin Ordú Aire freisin chun tús a chur leis na hailt den Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022 atá riachtanach chun ligean do Choimisiún na Meán tosú ar an obair chun creat rialála nua a bhunú do shábháilteacht ar líne agus chun an creat rialúcháin do chraolachán agus seirbhísí físe ar éileamh a nuashonrú.

 

Dúirt an tAire Martin:

 

“Bhaineamar sprioc thábhachtach amach inniu sa nuachóiriú ar rialáil na meán agus na seirbhísí digiteacha in Éirinn. Sna blianta atá romhainn, beidh ról ríthábhachtach ag Coimisiún na Meán mar chomhlacht rialála agus mar ghníomhaireacht forbartha meán.

 

Bunófar Coimisiún na Meán go foirmiúil mar chomhlacht reachtúil leis na hOrduithe Aire a shínigh mé inniu, agus tabharfar na cumhachtaí atá riachtanach iontu chun tús a chur leis an obair chun daoine a chosaint in Éirinn agus muid ag idirghníomhú lena chéile sa domhan ar líne.

 

Ba mhaith linn go mbeadh aithne ar Éirinn as rialáil éifeachtach agus chothrom na meán agus na seirbhísí digiteacha. Céim thábhachtach sa treo seo is ea bunú Choimisiún na Meán.”

 

 

CRÍOCH

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 01 6437610 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán Gréasáin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil ANSEO.

 

 

 

Nótaí don Eagarthóir:

 

Coimisiún na Meán

 

An mhí seo caite, d’fhógair an tAire Martin ceapadh an Chathaoirligh Feidhmiúcháin agus Choimisinéirí Choimisiún na Meán ar bhonn riaracháin le héifeacht ón 13 Feabhra 2023. Bunóidh an tOrdú Bunaithe a shínigh an tAire Coimisiún na Meán ar bhonn reachtúil le héifeacht ón 15 Márta 2023.

 

Tá sé beartaithe ag an Aire Cathaoirleach Feidhmiúcháin agus Coimisinéirí Choimisiún na Meán a cheapadh ar bhonn reachtúil le héifeacht ón 15 Márta 2023.

 

An tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022

 

Achtaíodh an tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022 ar an 10 Nollaig 2022. Leasaítear san Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022 an tAcht Craolacháin 2009 chun Coimisiún na Meán ilduine a bhunú, Údarás Craolacháin na hÉireann a dhíscaoileadh, creat rialála a bhunú le haghaidh sábháilteachta ar líne, rialáil craolacháin teilifíse agus seirbhísí físe ar éileamh a nuashonrú, agus an Treoir um Sheirbhísí na Meán Closamhairc a leasaíodh a thrasuí i ndlí na hÉireann.

 

Cuirfidh an tOrdú um Thosach Feidhme a shínigh an tAire tús leis na Codanna agus na hailt seo a leanas den Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán 2022 le héifeacht ón 15 Márta 2023:

 

  • na Codanna agus na hailt sin go léir is gá chun tacú le bunú Choimisiún na Meán, lena n-áirítear:
    • Cuid 3, ina ndéantar foráil maidir le cumhachtaí, dualgais, feidhmeanna agus feidhmiú Choimisiún na Meán;
    • Cuid 16, ina bhforáiltear do dhíscaoileadh Údarás Craolacháin an hÉireann agus forálacha idirthréimhseacha éagsúla chun a chinntiú go n-aistrítear feidhmeanna, sócmhainní agus dliteanais uile Choimisiún na Meán chuig Údarás Craolacháin na hÉireann; agus,
    • Codanna 7, 8, 10, 15, & 17 agus ailt 3, 7, 13, 32, 37, 38, & 50 ina dtugtar tagairtí san Acht Craolacháin 2009 cothrom le dáta;

 

  • na Codanna sin is gá chun an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc a chur i bhfeidhm i ndlí na hÉireann maidir le seirbhísí craolacháin agus físe ar éileamh, lena n-áirítear;
    • Cuid 4 agus alt 4, ina ndéantar foráil do chlár seirbhísí físe ar éileamh sa Stát a bhunú agus Airteagal 2(5b) den Treoir athbhreithnithe a chur chun feidhme; agus,
    • Cuid 5 agus ailt 11, 12, & 39, ina ndéantar foráil maidir le dualgais faoi sheirbhísí craolacháin agus seirbhísí físe ar éileamh, agus maidir le déanamh cód agus rialacha seirbhíse meán is infheidhme maidir le seirbhísí craolacháin agus físe ar éileamh agus maidir le cur chun feidhme Airteagail 5, 6(1), 6a(2). 1) - (3), 7b, 8, 9, 10, 11, 15, 23(2), 24 agus 25, Caibidil VI & Caibidil VII den Treoir athbhreithnithe.

 

  • Cuid 11 agus ailt 5 & 6, ina n-ionchorpraítear na hailt sin go léir lena bhforáiltear don chreat rialúcháin nua do shábháilteacht ar líne, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cur chun feidhme Airteagail 9(1), 28a agus 28b den Treoir athbhreithnithe.

 

  • Cuid 12, ina ndéantar foráil maidir le cumhachtaí, dualgais, feidhmeanna agus feidhmiú Choimisiún na Meán;

 

Cuid 14, ina ndéantar foráil maidir leis an íoschuóta éigeantach le haghaidh oibreacha Eorpacha ar sheirbhísí físe ar éileamh agus forálacha gaolmhara is gá chun Airteagal 13(1) agus 13(6) den Treoir athbhreithnithe a chur chun feidhme agus ina dtugtar an chumhacht do Choimisiún na Meán tobhach léiriúcháin ábhair chun scéimeanna léiriúcháin ábhair a mhaoiniú a fhorchur.