Foilsithe ar 

Tá an tAire Martin ag tabhairt faoi mhórmhisean trádála i SAM chun infheistíocht a spreagadh i dtionscal scannán, i dturasóireacht agus i gcultúr na hÉireann

Beidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. – in éineacht le Fís Éireann/Scáileán Éireann, Turasóireacht Éireann, an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail, Fiontraíocht Éireann agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha – i gceannas ar mhisean trádála in Los Angeles chun tionscal scáileáin na hÉireann agus cumhacht cultúrtha na hÉireann a chur chun cinn roimh Dhuaiseanna an Acadaimh Dé Domhnaigh seo chugainn.

I mbliana bhain scéalta agus tallann na hÉireann 14 ainmniúchán, an líon is airde riamh,  i measc na nDuaiseanna ar fad, lena n-áirítear an t-ainmniúchán stairiúil don scannán Gaeilge ‘An Cailín Ciúin’.

Tá sé mar aidhm ag an misean trádála – cuid lárnach de chlár Lá Fhéile Pádraig an Rialtais – tógáil ar an rath criticiúil atá ar thionscal scáileáin na hÉireann le déanaí agus ar an aitheantas atá bainte amach ag tallann Éireannach ar stáitse an domhain. Féachfaidh an tAire Martin le caidrimh oibre a neartú idir earnáil scáileáin na hÉireann agus cuid de na stiúideonna scannán agus na cuideachtaí léiriúcháin is mó ar domhan, chomh maith le cáil na hÉireann mar cheann scríbe turasóireachta domhanda a neartú.

Beidh roinnt cruinnithe ar siúl an tseachtain seo le feidhmeannaigh shinsearacha ó stiúideonna agus cuideachtaí léiriúcháin atá lonnaithe in LA, lena n-áirítear Marvel Studios agus Sony Pictures. Tabharfaidh na cruinnithe seo an scéala is déanaí do phríomhpháirtithe tionscail maidir le fás agus éabhlóid leanúnach na hearnála in Éirinn; deiseanna do chomhoibriú méadaithe a phlé; deiseanna nua léiriúcháin a fhiosrú chomh maith le hearnálacha sa tionscal, mar iar-léiriú agus Éifeachtaí Amhairc (VFX); agus an tacaíocht láidir agus leanúnach ón Rialtas don tionscal agus d’ealaíontóirí Éireannacha a threisiú, ag cur le haidhm Global Ireland 2025 lorg cultúrtha domhanda na hÉireann a dhúbailt.

Tar éis an rath iontach a bhí ar ‘An Cailín Ciúin’, mar an chéad scannán Gaeilge riamh a ainmníodh do Dhuaiseanna an Acadaimh, bronnfaidh an tAire gradam speisialta don scannán ag Duaiseanna Oscar Wilde an Déardaoin seo. Is é Comhaontas SAM-na hÉireann a bheidh ina óstach air agus tabharfar ómós do thallann scáileáin na hÉireann agus na nÉireannach-Meiriceánach.

Tabharfaidh an tAire Martin cuairt freisin ar Winston House, a fuair maoiniú ó Chultúr Éireann le déanaí. Tá Cultúr Éireann, atá mar chuid de Roinn an Aire, freagrach as ealaíona na hÉireann a chur chun cinn go hidirnáisiúnta agus cuireann sé deontais ar fáil d’ealaíontóirí chun camchuairt a dhéanamh ar fud an domhain.

Ag labhairt faoin misean trádála, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin T.D.:

“Tá súile Hollywood agus an domhain ar Éirinn an deireadh seachtaine seo do na Gradaim Oscar agus tugann sé seo deis thábhachtach chun cultúr agus tallann cruthaitheach na hÉireann a thaispeáint do lucht féachana domhanda.

“Tá an deireadh seachtaine seo tábhachtach freisin d’Éirinn agus d’Éireannaigh ar fud an domhain. Is éacht é do thír atá chomh beag le hÉireann 14 ainmniúchán a fháil do ghradaim Oscar agus tá a fhios agam gur ábhar mórtais náisiúnta d’óg agus d’aosta iad na hainmniúcháin. Leagann sé béim ar an méid a chuireann an tír leis na healaíona agus leis an gcultúr, cuireann sé deiseanna ar fáil chun Éire a chur chun cinn tuilleadh mar cheann scríbe turasóireachta, agus spreagfaidh sé na glúnta atá le teacht de thallann chruthaitheach agus de scannánóirí Éireannacha.

“Tá rath nach bhfacthas riamh cheana ar thionscal scáileáin na hÉirinn le deich mbliana anuas, ar fud léiriúcháin teilifíse beoghníomhaíochta, léiriú beochana agus Éifeachtaí Amhairc, toradh ar infheistíocht inbhuanaithe agus ar fhócas straitéiseach soiléir ar fhorbairt na hearnála.

“Tá ardmheas ar ealaíontóirí agus ealaíona na hÉireann sna Stáit Aontaithe le fada an lá agus, trí Chultúr Éireann, tacaíonn mo Roinn le healaíontóirí taisteal chun a gcuid saothar a chur i láthair lucht féachana Mheiriceá agus na milliúin den diaspóra gach bliain. Táim ag tnúth le cuairt a thabhairt ar Theach Winston in LA a fuair tacaíocht airgeadais chun gur féidir le rogha ealaíontóirí Éireannacha reatha agus ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn a bheith páirteach i bhFéile nua Chairde na hÉireann an mhí seo.”

“Beidh mé ag cur Éire chun cinn freisin mar cheann scríbe turasóireachta den scoth le cabhair ó Thurasóireacht Éireann agus beidh mé ag glacadh páirte i gcruinnithe le hionadaithe ó chomhlachtaí spóirt éagsúla, in éineacht le himeachtaí Lá Fhéile Pádraig in San Diego agus Los Angeles le linn na cuairte.”

 

Dúirt Désirée Finnegan, Príomhfheidhmeannach, Scáileán Éireann:

“Ónár misean trádála deiridh go Los Angeles, tá an cháil dhomhanda atá ar thionscal scáileáin na hÉireann ag dul i méid i gcónaí, agus tá rath ríthábhachtach tráchtála ar thionscadail Éireannacha. Tá sé mar aidhm ag an misean trádála seo caidrimh lenár gcomhpháirtithe sna SA a neartú tuilleadh agus tógáil i dtreo fás agus rathúlacht an tionscail amach anseo. Is cruthú leanúnach é ár mbród as an moladh a fuaireamar le déanaí do thallann na hÉireann i measc aisteoirí, do scannán Gaeilge, do VFX agus don cheird ar ár muinín i dtionscail scáileáin chruthaitheacha na hÉireann, agus ar an gcaoi a leanann an earnáil seo ar aghaidh ag nuálaíocht agus ag briseadh talamh úr sa bhaile agus thar lear.”

 

Scannán

Tá stair de naisc láidre ag Éirinn le tionscal cruthaitheach an scáileáin in Los Angeles; bhí roinnt misean trádála ann le blianta beaga anuas inar cuireadh béim ar thorthaí cultúrtha agus tráchtála na gcomhpháirtíochtaí idir stiúideonna Hollywood agus cuideachtaí léiriúcháin Éireannacha – ó ‘Normal People’ Hulu agus Element Pictures go 'Wolfwalkers' le Cartoon Saloon.

Tá tionscal scáileáin na hÉireann ar thús cadhnaíochta ó thaobh fáis agus rathúlachta, a comóradh i mbliana leis an rath iontach idirnáisiúnta a bhí ag tallann na hÉireann ar fud Dhuaiseanna an Acadaimh leis an líon ainmniúchán (14) ba mhó riamh, agus lear mór guthanna nua agus foinsí tallainne atá ag teacht chun cinn.

Tá cáil idirnáisiúnta ar Éirinn mar mhol domhanda le haghaidh beochana agus, le déanaí, tá iarléiriú agus VFX tagtha chun bheith ina réimsí saineolais i dtionscal scáileáin na hÉireann, le hobair ardphróifíle ar chuid de na scannáin agus na sraitheanna teilifíse is mó ar domhan, cosúil le Marvel Studios ‘Wakanda Forever'. Bhí rath as cuimse ar ‘An Cailín Ciúin’, arna mhaoiniú ag Scáileán Éireann i gcomhpháirtíocht le TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann, sna pictiúrlanna agus fuair sé moladh idirnáisiúnta ó chriticeoirí.

 

Turasóireacht

Déanfaidh misean trádála na bliana seo ceiliúradh ar an rath seo agus ag an am céanna cuirfear béim ar na deiseanna gnó agus straitéiseacha a léiríonn na garspriocanna cultúrtha seo. Príomhshampla is ea ‘The Banshees of Inisherin’, scannán a bhfuil saibhreas tallainne Éireannach ann ar an scáileán agus taobh thiar den cheamara chomh maith le tírdhreacha agus suímh Acaill agus Oileáin Árann a thaispeáint.

Leanfaidh Turasóireacht Éireann ar aghaidh ag baint leas as a scannán bolscaireachta faoi chúlra an scannáin, ag baint úsáid as píosaí scannáin a rinneadh le linn na scannánaíochta – ag baint buntáiste as an nochtadh dearfach d’Éirinn, ag tabhairt radharcra álainn Shlí an Atlantaigh Fhiáin chun suntais na ndaoine i bpríomh-mhargaí na hÉireann agus á spreagadh chun teacht ar cuairt.

Leagann an scannán poiblíochta béim ar na féidearthachtaí atá ann do scéalaíocht na hÉireann i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta. I measc na léiriúchán mórscála le déanaí a bhí suite in Éirinn bhí ‘Disenchanted’ de chuid Disney, a d'athraigh sráidbhaile Áth na Sceire ó bhun go barr le linn an léirithe, go Cocaine Bear’ mórscannán na bliana seo, a rinneadh ar shuíomh faoin tuath i gCill Mhantáin a athchruthaíodh mar Pháirc Náisiúnta de chuid SAM. Fuair na tionscadail seo ar fad maoiniú Alt 481, baineadh úsáid as criúnna Éireannacha, agus caitheadh airgead ar earraí agus ar sheirbhísí áitiúla.

In 2019, mheall oileán na hÉireann 1.7 milliún turasóir ó na Stáit Aontaithe, thart ar 10% de na cuairteoirí Meiriceánacha go léir chun na hEorpa. Ba í SAM an fhoinse ioncaim turasóireachta ba mhó agus an dara foinse turasóirí ba mhó d’Éirinn in 2019.

Chaith turasóirí Meiriceánacha €1.6 billiún ar oileán na hÉireann in 2019, méadú +71% ó 2014 - meánchaiteachas de €916 in aghaidh gach turasóra ó SAM.

Tá Turasóireacht Éireann ag tabhairt faoi chlár leathan agus spriocdhírithe de ghníomhaíochtaí chur chun cinn sna Stáit Aontaithe arís i mbliana. Áirítear leis seo an feachtas nua ‘Fill Your Heart with Ireland’, a sheolfar go luath an mhí seo chugainn ar bhealaí éagsúla. D’oscail an tAire Martin oifig Thurasóireacht Éireann i dTeach na hÉireann, San Francisco, in 2022. Trí láithreacht Thurasóireacht Éireann sna SA a leathnú, forbrófar an turasóireacht go hÉirinn ó réigiún thiar SAM sna blianta atá le teacht.

CRÍOCH

 

 

An Oifig Preasa agus Faisnéise

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Teil: 01 6437610 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

 

 

Nóta don Eagarthóir:

Tá cuairt an Aire mar chuid de chlár leathan idirnáisiúnta an Rialtais chun Éire agus leasanna na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain le haghaidh Lá Fhéile Pádraig.

 

Is iad seo a leanas na cuspóirí do chlár Lá Fhéile Pádraig 2023:

  • chun ár dtacaíocht a athdhearbhú do chomhdhlúthú a bhfuil bainte amach ag Comhaontú Aoine an Chéasta ar cothrom 25 bliain ó síníodh é
  • béim a leagan ar thábhacht agus ar luach ár mballraíocht san Aontas Eorpach ar chomóradh 50 bliain ár n-aontachais leis na Comhphobail Eorpacha
  • tiomantas seasta na hÉireann do mhuintir na hÚcráine a athdhearbhú
  • ceangal le pobail Éireannacha thar lear agus béim a chur ar thábhacht ár nDiaspóra
  • tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chaidreamh le príomhcheannairí polaitiúla, ceannairí gnó, cinnteoirí, lucht tionchair agus geallsealbhóirí ar fud an domhain
  • ealaíona, cultúr agus oidhreacht chomhaimseartha agus thraidisiúnta na hÉireann a cheiliúradh
  • Éire a chur chun cinn mar áit iontach chun cónaí ann, cuairt a thabhairt uirthi, oibriú ann, infheistíocht a dhéanamh inti, agus staidéar a dhéanamh ann.