Foilsithe ar 

Ceapachán Cathaoirligh Nua ar Bhord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann

Ceapachán Cathaoirligh Nua ar Bhord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann

 

 

Ali Curran ceaptha mar Chathaoirleach nua ar Bhord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA)

 

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., inniu go gceapfar Ali Curran mar Chathaoirleach nua ar Bhord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA).  Tá téarma cúig bhliana i gceist leis an cheapachán.

 

Ceapadh Ali ar dtús ar an Bhord mar Chomhalta Boird ar an 18ú Eanáir 2023 agus is comhairleoir eagraíochtúil agus gnó í a bhfuil a lán taithí aici.  Tá sí ina Stiúrthóir ar CHL Consulting Ltd., ball d’Institiúid na Stiúrthóirí Éireann, agus Comhairleoir Bainistíochta atá deimhnithe leis an Institiúid Comhairleoirí Bainistíochta. Tá Máistreacht sa tSíceolaíocht Eagraíochtúil agus teastas proifisiúnta sa Chlaochlú Eagraíochtúil aici, agus is feidhmeannach agus cóitseálaí ceannaireachta cáilithe í.

 

Tá taithí láidir ag Ali ar cheannaireacht agus bainistíocht rathúil ar eagraíochtaí cultúrtha, agus tá obair déanta aici mar Stiúrthóir Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath, Stiúrthóir Amharclann Peacock @ Amharclann na Mainistreach, agus Stiúrthóir Amharclann Tron i nGlaschú.

 

D’fhógair an tAire fosta gur cheap sí Margot Lyons agus John A Cunningham ar an Bhord arís le haghaidh dara téarma.  Ba mhaith leis an Aire a buíochas a ghabháil leo as comhaontú a bheith ar an Bhord arís agus cuidiú le IMMA a threorú sna blianta amach romhainn. 

 

 

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le Ali Curran as a ceapachán agus guím gach rath uirthi sa ról nua spreagúil seo. Tá sí ar an Bhord cheana féin agus tagann sí go ról an Chathaoirligh le taithí agus tuiscint iontach ar cheannaireacht agus ar chlaochlú eagraíochtúil. Tá muinín agam go gcuirfidh an Bord, faoina ceannaireacht, an mhaoirseacht agus an tacaíocht riachtanach ar fáil do IMMA agus a fhoireann feidhmiúcháin faoi cheannaireacht Annie Fletcher agus iad ag leanúint ar aghaidh le forbairt agus fás an institiúid bhríomhar nuálaíoch seo.”

 

 

CRÍOCH

 

 

An Oifig Phreasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Suíomh gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Turasóireacht.Cultúr.Gaeltacht

Facebook: AnRoinnTurasóireachtaCultúirEalaíonGaeltachtaSpóirtagusMeán