Foilsithe ar 

Ceiliúradh déanta ar Laochra Coirn Dhomhanda na hÉireann ag Imeacht Fágála

Rinneadh ceiliúradh ar Fhoireann Sacair Ban na hÉireann, arbh iad an chéad fhoireann Éireannach a bhain áit amach i gCorn Domhanda Ban FIFA, i dTeach Farmleigh tráthnóna inniu (Dé Máirt 4 Iúil) agus an Taoiseach Leo Varadkar TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit don Spórt agus Corpoideachas Thomas Byrne TD ag tabhairt aitheantais do Vera Pauw agus a himreoirí agus cóitseálaithe.

 

Agus é ag labhairt ag an imeacht, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar: 

Ní go furasta a bhaintear áit amach i gcomórtais dhomhanda. Is trí obair chrua, tiomantas agus dúthracht na n-imreoirí, na gcóitseálaithe agus gach duine a bhí bainteach leis an fhoireann seo a baineadh áit na hÉireann sa chorn domhanda amach.

 

“Thar ceann an Rialtais agus mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an fhoireann as na cluichí ceannais domhanda a bhaint amach agus guím gach rath orthu agus iad ag dul anonn chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn os comhair an domhain.”  

 

Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin:

“Is an é seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ngaisce iontach agus stairiúil seo atá déanta ag foireann na hÉireann, agus chun aitheantas a thabhairt don mhéid ollmhór a chuireann mná na hÉireann leis an spórt. Agus áit bainte amach acu sa Chorn Domhanda, tá siad i measc liosta fada de mhná a bhfuil ionadaíocht déanta acu ar thír s’againne ag an leibhéal is airde, agus ag spreagadh glúin eile de chailíní a bheith páirteach ann dá réir.

 

“Is maith an oidhe orthu é, ar a lucht leanúna, go meastar go ndíolfar na ticéid ar fad atá ar fáil don chéad chluiche, sin 82,000 duine sa lucht féachana. Mar is gnáth, tá Ambasáid na tíre seo in Canberra agus an Ard-Chonsúlacht in Sydney ar fáil chun tacú lenár bpobail Éireannacha san Astráil, agus beidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag cur eolas consalach ar fáil don lucht leanúna a bheidh ag taisteal chuig an gCorn Domhanda. Guím gach rath ar an bhfoireann sa chomórtas.”

 

Dúirt an tAire Catherine Martin:

Agus sibh ar an chéad fhoireann Éireannach le cáiliú a bhaint amach, tá áit i stair spóirt na hÉireann ag an fhoireann seo agus ag gach duine atá bainteach leis. Tá áthas orm gur féidir liom maoiniú breise cláir de suas go dtí €500,000 a fhógairt tráthnóna inniu, chun cluiche na mban a thacú.   Mothaím gur féidir leis an tionchar atá imeartha ag an fhoireann seo, chomh maith lenár réaltaí spóirt mná eile, spreagadh a thabhairt don ghlúin nua cailíní óga chun rath a bhaint amach i cibé spórt a roghnaíonn siad.   

 

“Sílim gur féidir linn a bheith cinnte go mbeidh lucht féachana ollmhór sa bhaile ag cluichí na hÉireann sa Chorn Domhanda.  Is iontach an rud é go mbeidh daoine ábalta peil na mban den scoth a fheiceáil agus níl aon dabht orm go gcuirfidh foireann na hÉireann go mór leis an chomórtas.”

 

 

Dúirt an tAire Thomas Byrne:

“Déanfaidh rannpháirtíocht na hÉireann sa Chorn Domhanda cinnte go leanann peil na mban agus na gcailíní ar aghaidh ag fás in Éirinn.    Tugann an fhoireann spreagadh do mhórán cailíní óga ar fud na tíre chun peil a thosú. Mar aitheantas air sin, tá áthas orm gur féidir liom maoiniú breise cláir de suas go dtí €500,000 a chur ar fáil chun cluiche na mban a thacú. Cuirfear an maoiniú seo ar fáil do Chumann Peile na hÉireann, trí Spórt Éireann, le haghaidh infheistithe i réimsí na cóitseála, an bhunleibhéil agus cheannaireacht na mban.

 

“Níl aon amhras orm ach go mbeidh an fhoireann ina sár-ambasadóirí ar son na hÉireann agus spórt na hÉireann.  Tá an tír ar fad an-bhródúil as an fhoireann agus an méid atá bainte amach acu. Guím gach rath ar Vera agus ar na himreoirí, cóitseálaithe agus an fhoireann chúlra agus tá súil agam go mbainfidh sibh uilig sult as an taithí iontach seo in bhur ngairmréimeanna spóirt.”

 

Imeoidh foireann na hÉireann chun na hAstráile ar Dé hAoine 7 Iúil agus imreoidh siad a gcéad chluiche, atá díolta amach, os comhair slua de 82,500 in éadan na foirne baile i Staid na hAstráile in Sydney.

 

CRÍOCH