Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Martin fáilte roimh fhoilsiú chéad chlár oibre Choimisiún na Meán

Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, fáilte roimh fhoilsiú chéad chlár oibre Choimisiún na Meán. Leagtar amach sa chlár raon spriocanna don tréimhse suas go dtí an 17 Feabhra 2024, nuair a chuirfidh Coimisiún na Meán tús foirmiúil freisin lena ról mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha (CSD) na hÉireann faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha an AE.

 

Áirítear leis na spriocanna glacadh leis an gcéad cód sábháilteachta ar líne faoi dheireadh na bliana seo, cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tosaíochta a leagtar amach i Straitéis agus Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán, agus bunú na nósanna imeachta agus na n-inniúlachtaí uile is gá chun a ról a chomhlíonadh. mar CSD na hÉireann.

 

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

 

“Leag achtú an Achta um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022 i mí na Nollag seo caite an bonn le haghaidh creat rialála nua le haghaidh sábháilteachta ar líne. Tá tógáil timpeallachta ar líne níos sábháilte do chách, ach go háirithe do leanaí, ar cheann de na tosaíochtaí atá agam mar Aire. 

 

Cuirim fáilte mhór roimh fhoilsiú an chéad chlár oibre de chuid Choimisiún na Meán inniu. Leagtar amach ann sraith spriocanna soiléire chun timpeallacht ar líne níos sábháilte a chruthú, lena n-áirítear cód ceangailteach sábháilteachta ar líne a fhoilsiú faoi dheireadh na bliana a thabharfaidh aghaidh ar chosaint pháistí faoi aois, fuathchaint agus cionta coiriúla ar sheirbhísí ardán comhroinnte físeáin.

 

Cuirfear i bhfeidhm leis roinnt de na gníomhaíochtaí tosaíochta a leagtar amach i Straitéis Forfheidhmithe agus Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán chomh maith, a d’fhoilsigh mé i mí Eanáir na bliana seo. Fáiltím go háirithe roimh na gealltanais maidir le Straitéis Inscne, Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe a fhoilsiú agus tús a chur le hathbhreithniú cuimsitheach ar sheirbhísí meán Gaeilge.

 

Beidh mo thacaíocht iomlán ag Coimisiún na Meán chun an clár oibre uaillmhianach ríthábhachtach seo a sheachadadh.”

 

 

CRÍOCH

 

Bhunaigh an tAire Martin Coimisiún na Meán go foirmiúil ar an 15 Márta 2023, tar éis achtú an Achta um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022 i mí na Nollag 2022. Bunaíodh san Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022 creat rialála nua maidir le sábháilteacht ar líne agus nuashonraíodh an creat rialála do sheirbhísí craolacháin agus físe ar éileamh. Tacaíonn sé freisin le trasuíomh an Treoir Athbhreithnithe um Sheirbhísí Meán Closamhairc i ndlí na hÉireann.

 

Ainmneofar Coimisiún na Meán freisin mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na hÉireann trí Bhille um Sheirbhísí Digiteacha a thabharfaidh an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ar aghaidh.  Foilsíodh Scéim Ghinearálta an Bhille um Sheirbhísí Digiteacha 2023 ar an 20 Márta 2023.

 

Beidh ról lárnach ag Coimisiún na Meán freisin i gcur i bhfeidhm go leor de na gníomhartha a leagtar amach i Straitéis Forfheidhmithe agus Plean Gníomhaíochta an Choimisiún um Thodhchaí na Meán, go minic i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ranna rialtais ábhartha eile, chomh maith le páirtithe leasmhara na meán agus na sochaí.  Áirítear leis an ról seo freagrachtaí a bhaineann le bearta inbhuanaitheachta comhshaoil; comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú san earnáil; bainistiú an Chiste Meán nuabhunaithe; athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar seirbhísí Gaeilge; chomh maith le seachadadh feidhmeanna rialála reatha agus breise.