Foilsithe ar 

Cur chuige nua maidir le ceapadh Bhord Údarás na Gaeltachta fógartha

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin T.D.  i gcomhar leis an Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers T.D. (inniu) go bhfuil cead an Rialtais faighte chun reachtaíocht a ullmhú le feidhm a thabhairt do chur chuige nua maidir leis an gcaoi a cheaptar Bord Údarás na Gaeltachta. De thoradh seo, tá i gceist gur próiseas toghcháin/roghnúcháin a bheidh ann in áit an phróisis ainmniúcháin/roghnúcháín atá i bhfeidhm le deich mbliana anuas faoi Acht na Gaeltachta. Tiocfaidh an Rialtas chun cinn níos faide anonn le reachtaíocht chun bunús dlí a thabhairt do na hathruithe seo a thiocfadh i bhfeidhm ag tús 2025.

Eascraíonn na hathruithe seo as athbhreithniú neamhspleách atá déanta ag an Roinn faoi réir an ghealltanais sa Chlár Rialtais go ndéanfaí a leithéid mar a bhaineann sé leis an bpróiseas reatha faoina gcuirtear Bord an Údaráis i dtoll a chéile. 

De thoradh seo uile, is bord de 16 comhalta in áit 12 a bheidh ann nuair atá saolré dhá bhliain an chéad bhord eile caite ag deireadh 2025. In áit seachtar comhalta a bheith ainmnithe chuig an mbord ag na húdaráis áitiúla le ceantar Gaeltachta - mar atá i bhfeidhm le deich mbliana anuas, toghfar 10 de na comhaltaí thar ceann na gceantar Gaeltachta agus ceapfar an seisear eile de thoradh comórtas poiblí.  Ar nós mar atá faoi láthair, is é/í an tAire a cheapfaidh Cathaoirleach an bhoird.

Seo a leanas an dáileadh a bheidh ar an deichniúr comhalta a thoghfar chuig an mbord – a thógann daonra na gceantar Gaeltachta san áireamh mar is cuí:

Ceantar Gaeltachta

Líon suíochán

Dún na nGall

2

Maigh Eo

1

Gaillimh

3

Ciarraí

1

Corcaí

1

Port Láirge

1

An Mhí

1

De thoradh an cur chuige nua atá beartaithe, gheobhfar réidh leis an socrú reatha faoina gcaitheann comhaltaí atá ar an mbord thar ceann na dtrí chontae Gaeltachta is lú, Gaeltacht Mhúscraí, Gaeltacht na Mí agus Gaeltacht na nDéise faoi seach, éirí as tar éis dhá bhliain ar an mbord. Beidh ionadaíocht bhuan ag na comhaltaí sin faoin socrú nua, fearacht na gcontaetha Gaeltachta eile.

In éindí leis an athrú ar an líon comhaltaí agus ar an gcaoi a cheapfar iad, tá i gceist chomh maith go mbeidh ar gach iarrthóir íoschaighdeán B2 a bheith bainte amach acu sa Ghaeilge sa Chomhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha. Ina theannta sin beidh ar iarrthóirí toghcháin buanchónaí a bheith orthu i gceantar Gaeltachta sa chontae Gaeltachta a mbeidh siad ag iarraidh a bheith tofa thar a cheann. Ní bheidh sé ceadaithe d’aon chomhalta bord a bheith ina chomhalta d’údarás áitiúil, a bheith mar chomhalta de cheachtar Thithe an Oireachtais, ná mar chomhalta Phairlimint na hEorpa. In áit cosc a bheith ar aon chomhalta dhá théarma i ndiaidh a chéile a chaitheamh ar an mbord mar atá i bhfeidhm faoi na socruithe reatha, tá i gceist chomh maith de thoradh na n-athruithe atá beartaithe, nach mbeidh cead ag aon chomhalta feasta dhá théarma in iomlán a chaitheamh ar an mbord, bíodh an dá thréimhse a bheith díreach i ndiaidh ná scaipthe óna chéile.

Ar mhaithe le treisiú a dhéanamh ar an nasc idir an Bord agus na pobail Ghaeltachta lena n-áirítear grúpaí pleanála teanga, bunófar dhá choiste réigiúnach a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí an bhoird. Beidh sé mar chúram ag an dá choiste réigiúnach comhairle a chur ar an mbord maidir le saincheisteanna a bheadh ag déanamh scime do phobail na Gaeltachta. Beidh ceann de na coistí ag plé le ceantair Ghaeltachta Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus na Mí agus an coiste eile ag feidhmiú thar ceann cheantair Ghaeltachta Chiarraí, Chorcaí agus Port Láirge.

Is mná iad 40% de chomhaltaí Bhord reatha Údarás na Gaeltachta agus is fir iad 60% díobh. Chuirfear an Bille faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le haghaidh grinnscrúdú réamhreachtúil. Iarrfaidh na hAirí ar an gCoiste, mar chuid den phróiseas grinnscrúdaithe réamhreachtach, scrúdú a dhéanamh ar bhearta chun cothromaíocht inscne iomchuí a bhaint amach sa phróiseas roghnúcháin/toghcháin i gcomhréir le beartas an Rialtais maidir le cothromaíocht inscne ar Bhoird Stáit.

Dúirt an tAire Catherine Martin:

“Ós rud é go bhfuil tábhacht faoi leith leis an obair a dhéanann Bord agus feidhmeannas Údarás na Gaeltachta ar leas phobal na Gaeltachta, tá tábhacht faoi leith lena chinntiú go mbíonn nasc chomh láidir agus is féidir dó a bheith idir Bord an Údaráis agus pobal na Gaeltachta trí chéile. De thoradh na n-athruithe atá beartaithe ag eascairt as an gcinneadh Rialtais faoin ábhar, táim ag súil leis go mbeidh an nasc idir an Bord agus na pobail Ghaeltachta trasna na seacht gcontae Gaeltachta treisithe tuilleadh agus go mbeidh an bealach nua atá beartaithe maidir leis an gcaoi a cheapfar an Bord ar leas an Údaráis agus na Gaeltachta araon. Ba mhaith liom an deis a thapú chomh maith chun mná a spreagadh le hainmniúcháin a lorg le bheith ceaptha ar bhoird stáit go ginearálta, ar bhord Údarás na Gaeltachta ach go háirithe.”

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers:

Tá athrú suntasach tagtha le deich mbliana anuas ar chlár oibre an Údaráis.  Ag croílár na n-athruithe sin, tá an próiseas pleanála teanga. Le go mbeadh ionchur agus glór cuí ag gach pobail agus contae Gaeltachta, beidh bord níos mó ann feasta agus suíochán buan ag gach ceann de na contaetha Gaeltachta ar an mbord feasta– Gaeltacht Mhúscraí, na Mí agus na nDéise san áireamh. De thoradh na n-athruithe eile atá beartaithe, féachfar chuige chomh maith go dtoghfar iarrthóirí de bhunadh na gceantar Gaeltachta seachas iad a bheith ainmnithe ag na húdaráis áitiúla. Is céim mhór chun cinn é seo a chuireann bonn níos daonlathaí fós faoin gcaoi a cheaptar Bord an Údaráis.  Is ionann na hathruithe seo atá beartaithe de thoradh leasú reachtaíochta agus aisfhreagra a bheith tugtha ag an Rialtas ar an ngealltanas atá sa Chlár Rialtais go dtabharfaí faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar. Ach an oiread leis an Aire Martin, táim sásta go gcabhróidh na hathruithe seo uile atá beartaithe le glór níos láidre fós a thabhairt do phobail na Gaeltachta mar a bhaineann sé le obair an Údaráis thar ceann na bpobal sin.”

Críoch

 

Nóta don eagarthóir

Is ar phróiseas roghnúcháin/ainmniúcháin atá an córas reatha i ndáil le comhdhéanamh an bhoird bunaithe.

 

Trí chomhalta dhéag (13) a bhíodh ar an Údarás nuair a bunaíodh é faoin Acht um Údarás na Gaeltachta 1979: cathaoirleach agus cúigear comhalta eile ceaptha ag an Aire, agus seachtar comhalta eile a toghadh. Rinneadh leasú ar an gcaoi a ceapadh Bord an Údaráis i 1999 a d'fhág gur méadaíodh an líon comhaltaí ó 13 go 20. Faoin gcur chuige leasaithe seo thoghtaí seachtar comhalta déag (17) agus d'ainmníodh an tAire an triúr comhalta eile – Cathaoirleach an Bhoird san áireamh. Ba í an Roinn i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla a d'eagraíodh na toghcháin ina leith.

 

Cuireadh deireadh leis an gceanglas i ndáil le toghcháin in 2012, tráth ar laghdaíodh líon an bhoird go bheirt chomhalta déag (12) faoi réir na bhforálacha ábhartha d’Acht na Gaeltachta 2012.

 

Faoin socrú reatha tá an bord comhdhéanta de chúigear comhalta a ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla ábhartha a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu, in ionad toghcháin dhíreacha a reáchtáil, chomh maith le seachtar comhalta eile a roghnaítear bunaithe ar chomórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS). Is é an tAire a cheapann Cathaoirleach an Bhoird.

 

Faoi réir na bhforálacha ábhartha den Acht, is ar feadh tréimhse cúig bliana a mhaireann an ceapachán – cé is móite de na contaetha a bhfuil ceantar beag Gaeltachta i gceist, eadhon: Contaetha Chorcaí, Phort Láirge agus na Mí. I gcás na gcontaetha seo is ar feadh tréimhse dhá bhliain a mhaireann an ceapachán agus is ar bhonn an róta a leanas a mhaireann an tréimhse:  An Mhí, Corcaigh agus Port Láirge.

 

Ceapadh an comhlacht BDO níos túisce i mbliana chun tabhairt faoin athbhreithniú thuasluaite. In éindí Ie dul i ndáil comhairle le páirtithe leasmhara mar chuid dá chuid oibre, cuireadh san áireamh tuairimí a nochtadh mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí a d’eagraigh an Roinn.

 

Tá fáil ar a thuairisc agus na haighneachtaí a fuarthas de thoradh próiseas comhairliúcháin phoiblí anseo.

 

Ós rud é go dtagann saolré cúig bliana an bhoird reatha chun deiridh i mí Eanáir, tá socruithe idir lámha faoi láthair chun bord nua a cheapadh ar feadh dhá bhliain faoi réir na socruithe reatha mar a leagtar amach iad faoi Acht na Gaeltachta 2012.