Foilsithe ar 

Deimhníonn an tAire Martin maoiniú €394,500 don Scéim um Chaipiteal Ceoil 2022

D’fhógair Catherine Martin an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú €335,000 le haghaidh na Scéime um Chaipiteal Ceoil inniu.

 

Tacaíonn an Scéim um Chaipiteal Ceoil le huirlisí ceoil a cheannach agus dearadh í chun freagairt do raon leathan riachtanais chaipitiúla laistigh d’earnáil an cheoil in Éirinn. Ó bunaíodh í in 2008, bronnadh níos mó ná €2 mhilliún ar eagraíochtaí agus ar cheoltóirí aonair ar fud na tíre, ag seinm cheoil thraidisiúnta, chlasaicigh, cheoil tíre, snagcheoil, cheoil leictreacústaigh, cheoil bharócaigh agus rac/popcheoil. I measc na bhfaighteoirí go dtí seo tá Seid na bhFear i bPort Laoise a fuair maoiniú le haghaidh ucailéilí, an t-amhránaí is scríbhneoir Luan Parle a bhuaigh go leor duaiseanna agus an ceoltóir nua Niamh Regan ar tugadh ardmholadh di.

 

I mbliana, beidh raon leathan tacaíochtaí d’iarratasóirí ar fáil le linn Eanáir agus Feabhra 2023.  Beidh siad seo ar fáil d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair le béim ar leith ar thacú le hiarratasóirí céaduaire agus iarratasóirí nár éirigh leo roimhe seo. Tá Music Network tiomanta do chothromas agus cuimsiú agus fáiltíonn siad roimh iarratais ó dhaoine aonair laistigh de phobail éagsúla cultúir agus ó dhaoine faoi mhíchumas. Cuirtear gach tacaíocht ar fáil saor in aisce.  Is féidir tuilleadh sonraí faoi na tacaíochtaí seo a fháil ar www.musicnetwork.ie.

 

Ó 2008 i leith, tá an Scéim um Chaipiteal Ceoil freagrach as:

 

  • 192 taibhghrúpa a bheith in ann uirlisí a cheannach agus a mballraíocht a leathnú
  • €2,660,991 i maoiniú dámhachtana a chuaigh chun sochair ceoltóirí agus taibhghrúpaí
  • 159 ceoltóir gairmiúil ag dul chun cinn lena ngairmeacha léirithe le huirlisí nua a ceannaíodh faoin Scéim
  • 46,000+ duine thuas leis ó cheoltóirí luathghairme go ceoltóirí seanbhunaithe, lena n-áirítear ceoltóirí faoi mhíchumas fisiciúil agus intleachta, ag fáil tacaíochta ríthábhachtaí tríd an Scéim

 

Agus an maoiniú á fhogairt aici, dúirt an tAire Martin:

 

“Ó seoladh an Scéim um Chapiteal Ceoil in 2008, chuaigh sí chun sochair go leor eagraíochtaí agus daoine aonair cumasacha agus táim thar a bheith sásta go raibh mo Roinnsein ann leanúint ar aghaidh ag tacú leis an Scéim, agus go deimhin an maoiniú a mhéadú i mbliana. Gabhaim buíochas le Music Network as an Scéim um Chaipiteal Ceoil a bhainistiú go héifeachtach agus as béim na bliana seo a dhíriú ar thacú le hiarratasóirí céaduaire agus iarratasóirí nár éirigh leo go dtí seo.”  

 

Tá an Scéim á feidhmiú ag Music Network, gníomhaireacht náisiúnta camchuairte agus forbartha cheoil Éireannaigh thar ceann na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

 

Tá an Scéim ar oscailt d’iarratais ón Déardaoin, an 15 Nollaig 2022 go dtí Dé Máirt, an 28 Feabhra 2023 ag 2 i.n. Tá doiciméid treoirlínte agus foirmeacha iarratais ar fáil ar www.musicnetwork.ie

 

CRÍOCH