Foilsithe ar 

Faigheann 10 dtionscadal teilifíse agus raidió maoiniú €2m chun earnáil an cheoil bheo a chur os comhair an phobail

Inniu d’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., roimh fhógra Údarás Craolacháin na hÉireann go gcuirfear beagnach €2m i ndámhachtainí ar fáil do 10 dtionscadal raidió agus teilifíse faoi Scéim Fuaime agus Físe an Chiste Craolacháin.

Tagann na dámhachtainí i ndiaidh babhta speisialta Fuaime agus Físe do chláir a bhaineann le hearnáil an cheoil bheo, rud a d’fhéadfaí a chur ar fáil de bharr leithdháileadh acmhainní breise ar an gCiste Craolacháin a d’fhógair an tAire Martin i mí Bealtaine na bliana seo.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin: “Cuireadh dúshláin mhóra roimh an earnáil léirithe beo le blianta beaga anuas, agus theastaigh uaim a chinntiú go leanfar le bearta tacaíochta chomh maith le tuilleadh comhoibrithe a chumasú leis an earnáil chraolacháin. Cuirfidh na gradaim a fógraíodh inniu borradh faoi earnáil an cheoil agus na siamsaíochta beo agus cuirfidh siad deiseanna breise ar fáil don lucht féachana éisteacht le hábhar nuálach agus siamsúil ar ardáin éagsúla náisiúnta agus áitiúla.”

Áiríodh sa bhabhta Fuaime agus Físe a bhain le ceol beo foráil éigeantach gur chóir go mbeadh ar a laghad 50% de na taibheoirí agus 50% den fhoireann chruthaitheach ina mná chun cáiliú le haghaidh maoinithe. Ag labhairt faoi chur chun cinn an chomhionannais inscne, dúirt an tAire Martin:“I gcomhar le hÚdarás Craolacháin na hÉireann, táim tiomanta do chothromaíocht inscne níos fearr a chinntiú in ábhar craoltóireachta, agus ciallaíonn an bhéim níos mó ar ‘mná ina gceannairí cruthaitheacha’ go mbeidh guthanna agus ionchur na mban le cloisteáil agus le feiceáil sna léiriúcháin cláir go léir a mhaoinítear, lena n-áirítear ceoltóirí agus láithreoirí."

Tá tuilleadh sonraí faoi na tionscadail, lena n-áirítear 5 thionscadal teilifíse agus 5 thionscadal raidió a chraoltar ar stáisiúin náisiúnta, tráchtála agus pobail, ar fáil ar bai.ie.

Agus í ag cur fáilte roimh raon tionscadail spreagúla agus éagsúla, dúirt an tAire: “Cuirfidh na tionscadail a fógraíodh inniu deiseanna ar fáil don lucht féachana éisteacht le ceol ar bhealaí éagsúla ó thaibhiú beo go hiniúchadh ar na hamhráin is fearr linn. Táim ag tnúth go háirithe le Mí Cheoil na hÉireann 2022, a chraolfar ar fud na tíre ar suas le 24 stáisiún raidió tráchtála.”

 

Críoch

 

 

An Phreasoifig agus an Oifig Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tá an babhta dámhachtainí seo ar cheann de go leor dámhachtainí maoinithe tríd an Scéim Mhaoinithe Craolacháin Fuaime & Físe, a fuair maoiniú breise €10.5m ón Aire Martin, a fógraíodh i mí Bealtaine na bliana seo.

Léiritheoirí neamhspleácha/cuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha a dhéanfaidh 80% de na tionscadail a fógraíodh inniu, arb ionann é agus €1.94m de na dámhachtainí iomlána.

Tá sonraí faoi na deich dtionscadal a gheobhaidh maoiniú ar bai.ie