Foilsithe ar 

Fógraíonn na hAirí Foley agus O’Gorman comhairliúchán ar an Straitéis nua Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití

Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD, agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD, próiseas comhairliúcháin fadréimseach atá á dhéanamh ag a Ranna i gcomhpháirt le chéile mar chuid d’fhorbairt na straitéise a thiocfaidh i ndiaidh Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta don Fhoghlaim agus don Saol.

 

Dúirt an tAire Foley: “Tá sé mar aidhm ag ár rialtas go mbeidh na scileanna litearthachta, uimhearthachta agus litearthachta digití riachtanacha ag gach leanbh agus duine óg in Éirinn atá ríthábhachtach do chumas gach duine a lánacmhainneacht a bhaint amach, saol sona sásúil a chaitheamh, agus bheith lánpháirteach sa tsochaí.

 

“Tá ról ag gach duine lena chinntiú nach bhfágtar aon leanbh nó duine óg ar gcúl. Tá sé ríthábhachtach go mbíonn deis againn éisteacht le hoiread guthanna éagsúla agus is féidir. Molaim do gach duine a bheith páirteach sa chomhairliúchán poiblí seo ar an Straitéis nua deich mbliana don Litearthacht, don Uimhearthacht agus don Litearthacht Dhigiteach, smaointe a roinnt ar ghnéithe a bhfuil ag éirí go maith leo agus ar ghnéithe ar gá tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu. Ní bheifear ábalta straitéis a fhorbairt a dhéanfaidh fíordhifríocht do gach foghlaimeoir aonair, agus a fheabhsóidh ár sochaí gan fáil a bheith againn ar eispéiris agus ar smaointe gach duine.”

 

Dúirt an tAire O’Gorman: “Tá ról againn go léir a chinntiú go bhfaigheann naíonáin, leanaí agus daoine óga tús iontach sa saol agus go mbíonn eispéiris foghlama dearfacha acu. Tá ról ríthábhachtach ag tuismitheoirí, caomhnóirí, teaghlaigh, oideoirí luathbhlianta, múinteorí agus ag gach duine atá mar chuid de phobal níos leithne an linbh maidir le tacú le forbairt teanga, litearthachta agus uimhearthachta leanaí ó aois óg.

 

Agus sinn ag machnamh ar éachtaí agus ar dhúshláin shistéamacha na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta don Fhoghlaim agus don Saol(2011-2020) agus ag pleanáil don chéad chéim eile den fhorbairt, tá sé ríthábhachtach go n-éiríonn linn guth agus fíor-eispéiris gach duine a bhfuil ról acu a ghabháil. Trí pháirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí seo beidh d’eispéiris mar chuid den bhunchloch ar a dtógfar an Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití nua deich mbliana, ag cinntiú go méadófar ar a bhfuil bainte amach cheana féin, go sárófar dúshláin, agus go mbeidh a mhéid tionchar agus is féidir aige ar shaol naíonáin, leanaí agus daoine óga in Éirinn.”

 

Tá go leor rudaí bainte amach faoi straitéis 2011. Múnlóidh na struchtúir agus na moltaí a chuirfear i bhfeidhm anois an todhchaí dár suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim agus dár bpobail scoile sna deich mbliana atá amach romhainn.

 

Tá an comhairliúchán seo mar chuid de phróiseas níos leithne chun tuairimí a lorg ar an chiall atá le litearthacht, uimhearthacht agus litearthacht dhigiteach sa lá inniu. Tionólfar sraith comhairliúcháin spriocdhírithe le príomhpháirtithe leasmhara freisin, lena n-áirítear leanaí agus daoine óga, ceannairí scoile agus múinteoirí, bainisteoirí luathfhoghlama agus cúraim agus oideoirí luathbhlianta, tuismitheoirí/caomhnóirí agus páirtithe leasmhara agus comhpháirtithe oideachais ábhartha eile lena chinntiú go mbeidh cohórt leathan daoine ar an eolas agus go mbeidh deis acu éisteacht a fháil dá dtuairimí.

 

Beidh fáil ar shuirbhé agus ar phlépháipéar an chomhairliúcháin anseo go dtí 3ú Feabhra 2023: gov.ie/comhairliuchanLULD

 

Nótaí

 

Straitéis Náisiúnta: Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol 2011-2020

 

I mí Iúil 2011, sheol an Roinn Oideachais an Straitéis Náisiúnta: Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol 2011-2020 (an Straitéis). Sa straitéis, leagadh amach fís shoiléir chun caighdeáin sa litearthacht agus san uimhearthacht a ardú i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim (LFC), bunscoile agus iar-bhunscoile, faoin mbliain 2020.

 

Eagraíodh na gníomhartha sa straitéis thar shé cholún den chóras oideachais:

 

(i)         Tuismitheoirí agus pobail a chumasú chun tacú le forbairt litearthachta agus uimhearthachta na leanaí.

(ii)        Feabhas a chur ar chleachtas gairmiúil múinteoirí agus cleachtóirí i gCúram agus Oideachas na Luathóige (COLÓ).

(iii)       Cumas lucht ceannaireachta na scoile a neartú.

(iv)       Feabhas a chur ar an gcuraclam agus ar an eispéireas foghlama.

(v)        Cabhrú le scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise foghlama acu barr a gcumais a bhaint amach.

(vi)       Feabhas a chur ar an measúnú agus ar an meastóireacht chun tacú le foghlaim níos fearr sa litearthacht agus san uimhearthacht.

 

San Athbhreithniú Eatramhach ar an Straitéis Náisiúnta: Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol (2011-2020) a foilsíodh in 2017, rinneadh cur i bhfeidhm na chéad chúig bliana a mheas. Breithníodh freisin raon torthaí taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta agus bhí próiseas comhairliúcháin thar raon leathan páirtithe leasmhara i gceist freisin. Léirigh an t-athbhreithniú eatramhach an dul chun cinn suntasach a rinneadh ó seoladh an straitéis in 2011, go háirithe maidir le hardleibhéal litearthachta a chothú do chách. Ina theannta sin, aithníodh na héachtaí agus na dúshláin agus díríodh aird ar chúig réimse ar cheart don straitéis aghaidh a thabhairt orthu sula bhfeictear an toradh i 2020.

 

Ba iad seo:

  • tosaíocht agus treisiú do ghnóthachtálacha san uimhearthacht
  • díriú ar leanaí agus daoine óga faoi mhíbhuntáiste oideachasúil
  • litearthacht don Ghaeilge agus trí mheán na Gaeilge a threisiú
  • scileanna litearthachta digití a fhorbairt agus a fheabhsú, agus
  • comhordú agus comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara chun fáilte a chur roimh dheiseanna chun an teachtaireacht litearthachta agus uimhearthachta a atreisiú agus a acmhainniú.

 

Níor tháinig tuarascáil an athbhreithnithe eatramhaigh in ionad na straitéise (2011-2020). Lean an straitéis mar phointe fócais inár gcóras oideachais chun torthaí litearthachta agus uimhearthachta a fheabhsú go dtí 2020.  

 

I dTreo Straitéis Nua Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití

Tá roinnt príomhthosca a bheidh mar bhonn leis an Straitéis Náisiúnta nua deich-mbliana don Litearthacht, don Uimhearthacht agus don Litearthacht Digiteach. Beidh na heispéiris a bhain le cur i bhfeidhm Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol 2011-2020 mar bhunús leis seo. Is iad na tosca seo ná:

 

      1:Tuismitheoirí agus pobail a chumasú chun tacú le forbairt litearthachta agus uimhearthachta leanaí

      2:Cumas cleachtas gairmiúil agus ceannaireacht mhúinteoirí agus oideoirí luathbhlianta a thacú

      3:An curaclam agus an t-eispéireas foghlama a fheabhsú

      4:Tacú le foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais bhreise foghlama acu barr a gcumas a bhaint amach

5: Measúnú agus meastóireacht a fheabhsú chun tacú le foghlaim litearthachta, uimhearthachta agus litearthachta digití níos fearr.

6: Litearthacht dhigiteach.

 

An Próiseas Comhairliúcháin

 

Tá an comhairliúchán seo mar chuid de phróiseas níos leithne chun tuairimí a lorg ar a bhfuil i gceist le litearthacht, uimhearthacht agus litearthacht dhigiteach inniu. Beidh na gnéithe seo a leanas sa phróiseas comhairliúcháin:

  • Suirbhéanna comhairliúcháin phoiblí agus gairm ar aighneachtaí
  • Comhairliúchán fócasghrúpa le páirtithe leasmhara
  • Ócáid chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara
  • Sraith cruinnithe déthaobhacha

 

Tá sé i gceist go bhfoilseofar an straitéis nua in 2023.